Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An dteastóidh víosa uaim chun dul chuig na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha Rio 2016?

Ar theacht chun na Brasaíle duit, ní mór duit pas a thaispeáint atá bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad. Má tá aon cheisteanna eile agat faoin inimirce, ba chóir duit labhairt le do ghníomhaire taistil nó dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht is gaire duit de chuid na Brasaíle.

Rio2016: Do I need a visa

Go ginearálta, ba chóir duit iad seo a leanas a bheith agat ar theacht chun na Brasaíle duit:

• Fianaise go bhfuil do dhóthain airgid agat, nó fáil air (má tá tú ag tabhairt cárta creidmheasa leat, molaimid duit ráiteas a iompar mar fhianaise ar theorainn an chreidmheasa).

• Ticéad fillte nó ticéad ar aghaidh chuig ceann scríbe eile.

• Cruthúnas go bhfuil lóistín curtha in áirithe don chéad oíche ar a laghad.

• Má tá tú ag teacht ó chrios ina bhfuil an fiabhras buí rábach i dtír eile i Meiriceá Theas, teastóidh cárta vacsaínithe i gcoinne an fhiabhrais bhuí uait

• Oidis i gcomhair cógas ar bith atá agat leat

Ar theacht isteach sa Bhrasaíl duit, ba chóir duit a chinntiú go gcuirfidh na húdaráis inimirce stampa ar do phas agus go gcoinneoidh tú cóip de do chárta tuirlingthe inimirce. Iarrfar ort iadsan a thaispeáint ar fhágáil na Brasaíle duit, agus d'fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort mura mbeidh siad agat.

Más ag taisteal chuig Rio de Janeiro atá tú ná déan dearmad clárú linn tríd an suíomh gréasáin nó an aip TravelWise ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat i gcás éigeandála.