Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

TravelWise

Sheol an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an aip fóin chliste nua darb ainm TravelWise chun cabhrú le saoránaigh Éireannacha a bheith sábháilte agus ar an eolas i gcónaí agus iad ag taisteal, ina gcónaí nó ag obair thar lear.

Is cuid lárnach dár misean é cabhrú lena chinntiú go mbeidh Éireannaigh slán sábháilte agus iad ag taisteal thar lear trí eolas ábhartha a sholáthar a bhfuil fáil éasca air. Is minice ná riamh a bhíonn muintir na hÉireann ag taisteal thar lear – in 2016 rachaimid go léir ar bhreis is 7 milliún turas thar lear – agus tá níos mó daoine ag triail ar áiteanna níos contúirtí.

Tá TravelWise seolta ag an Roinn chun comhairle taistil agus eolas consalachta a chur ar fáil do na saoránaigh sin chun iad a choinneáil ar an eolas.

Ar TravelWise, gheobhaidh tú comhairle taistil uainn – comhairle chuimsitheach atá áisiúil agus iontaofa – agus eolas faoi na consalachtaí i leith 200 tír, díreach go dtí d'fhón.

Cén chaoi a n-oibríonn an aip?

Is féidir le húsáideoirí tír ar bith a roghnú ag a mbeidh siad ag taisteal, nó a bhfuil siad ag smaoineamh ar thaisteal chuici, ionas go bhfaighidh siad brúfhograí ón Roinn ina mbeidh nuacht slándála thábhachtach.

Nuair a bheidh an t-inneachar íoslódáilte, beidh sé go léir ar fáil as líne, lena n-áirítear sonraí teagmhála éigeandála – gan aon ghá le nasc sonraí thar lear agus gan táillí fánaíochta a íoc.

Tá fáil láithreach ag úsáideoirí TravelWise ar an líonra domhanda Ambasáidí agus Consalachtaí dár gcuid.

Le TravelWise, is díreach chuig d’fhón a thagann an chomhairle taistil uainn – comhairle chuimsitheach atá áisiúil agus iontaofa.

Saoránach ar bith atá ag taisteal go dtí ceann scríbe ina bhfuil contúirt éigin i gceist, féadfaidh sé nó sí leas a bhaint as an aip chun clárú leis an Ambasáid is gaire den áit sin. Más rud é go dtarlaíonn géarchéim gan choinne, ar nós tubaiste nádúrtha nó corraíl shibhialta, beidh an Roinn in ann dul i dteagmháil as a stuaim féin leis na saoránaigh atá cláraithe, a chinntiú go bhfuil siad sábháilte, iad a choinneáil ar an eolas faoi aon athrú ar chúrsaí agus cúnamh a thabhairt de réir mar is gá.

Tá rátálacha slándála ar TravelWise i leith níos mó ná 200 tír – bealach soiléir dúinne chun a léiriú duitse cé chomh sábháilte nó neamhshábháilte a mheasaimid atá sé cuairt a thabhairt ar thír ar leith, agus chun cabhrú leat cinntí eolasacha a dhéanamh faoi thaisteal thar lear.

Tá ceithre dhath éagsúla i gceist leis na leibhéil rátála slándála:

Gnáth-Réamhchúraimí (Glas)

Bí an-chúramach (Buí)

Seachain taisteal neamhriachtanach (Oráiste)

Ná taistil (Dearg)

Chomh maith leis na rátálacha slándála, cuirimid eolas mionsonraithe ar fáil freisin faoi víosaí, sláinte, sábháilteacht, dlíthe agus nósanna áitiúla agus eolas eile a cheapaimid a chuideoidh leat.

I measc na n-alt tráthúil tá eolas praiticiúil faoi imeachtaí móra thar lear, ar nós Euro 2016 nó na Cluichí Oilimpeacha i Rio.

Tá rannóg "Eolas roimh thaisteal" ann ina bhfuil eolas a bhaineann le cineálacha éagsúla taistil agus le cinn scríbe éagsúla. Áirítear leis an méid sin eolas faoi phasanna, eolas faoi árachas taistil agus ról consalachta ár líonra ambasáidí.

Uirlis áisiúil is ea an seicliosta "Mo Thuras" chun cabhrú le taistealaithe a chinntiú go bhfuil siad réitithe i gceart le haghaidh an turais atá rompu.

Chun TravelWise a íoslódáil téigh go dtí an App Store nó Google Play