Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Rio 2016: Comhairle Sláinte

Molaimid bearta cosanta ina gcoinne ar nós éarthach feithidí a úsáid, agus ceantair ina bhfuil a lán muiscítí a sheachaint (áit a bhfuil uisce marbh, mar shampla).

Rio 2016: Comhairle Sláinte

Féach ar an gcomhairle taistil uainn le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas tú féin a chosaint ar ghreamanna muiscíte. Tá an Roinn ag déanamh monatóireachta ar na cúrsaí sin agus tá an chomhairle taistil á nuashonrú go rialta aici dá réir.

Beidh na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha ar siúl i rith an gheimhridh i Rio de Janeiro, tráth nach mbeidh an oiread muiscítí ann de bharr an aimsir a bheith fionnuar tirim le hais an tsamhraidh. Tá sé ráite ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfágfaidh an aimsir sin gur lú go mór an baol go dtolgfaidh cuairteoirí galair ó mhuiscítí, galair amhail an víreas Zika agus an fiabhras deinge.

Tá comhairle eisithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte i dtaobh na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha agus an víreas Zika. Molann an eagraíocht sin do mhná torracha gan taisteal chuig ceantair ina bhfuil an víreas Zika á scaipeadh ar bhonn leanúnach. Ní mheasann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur gá na Cluichí a chur siar ná a chur ar ceal, agus molann sí gur chóir do chuairteoirí ar na cluichí cúram cuí a ghlacadh chun iad féin a chosaint ar ghreamanna muiscíte.