Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Bhrasaíl

Má tá tú ag taisteal chun na Brasaíle, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt ar an mBrasaíl, moltar duit réamhchúram a dhéanamh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an mBrasaíl nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin mBrasaíl sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i mBrasília.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcúnamh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá cúrsaí polaitíochta réasúnta cobhsaí  sa Bhrasaíl ach uaireanta is féidir le corraíl shibhialta briseadh amach. D’fhéadfá teacht ar ghrúpaí de lucht léirsithe agus iad ag blocáil príomhbhóithre isteach agus amach as an bpríomhchathair, rud is cúis le moilleanna nó bealach a athrú.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó do thionscnóir turas. 

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Bhrasaíl íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá leibhéil choiriúlachta, lena n-áirítear mugálacha, lena mbaineann gunnaí go minic, ard agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Ba chóir duit a bheith go mór ar an airdeall, go háirithe i gcathracha móra. Is féidir le robálacha sráide tarlú áit ar bith. Tuairiscítear go minic go dtagann daoine suas ag turasóirí ag ligean orthu gur oifigigh iad agus bíonn siad ag iarraidh fíneálacha ar an láthair a ghearradh orthu.

Tá foréigean idir buíonta coiriúlachta eagraithe agus póilíní réasúnta coitianta, go háirithe i gceantair áirithe de lárionaid uirbeacha mar Sâo Paulo agus Rio de Janeiro.

Favelas (slumaí)

favelas (slumaí) i ngach cathair mhór sa Bhrasaíl; tá siad bocht agus is minic a bhíonn leibhéil arda de choiriúlacht fhoréigneach iontu.

Agus iad ag ullmhú do Chorn an Domhain in 2014 agus do na Cluichí Oilimpeacha in 2016, tá na póilíní i Rio de Janeiro imithe isteach go tréan sna favelas le fáil réidh le coiriúlacht agus gáinneáil ar dhrugaí. Ba chóir duit na ceantair sin a sheachaint i gcónaí.

Tá roinnt turas treoraithe maith de favelas áirithe i Rio de Janeiro, agus meastar go bhfuil siad sin sábháilte. Ach, níor chóir duit ar chúinse ar bith iarracht a dhéanamh dul isteach i favela ag aon am eile.

Ba chóir go mbeadh d'óstán/do sholáthróir cóiríochta in ann tuilleadh eolais a thabhairt duit.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Bhrasaíl, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Bhrasaíl, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá stíl agus caighdeáin thiomána na Brasaíle an-éagsúil ó Éirinn.

Bí réidh le stopadh gan choinne, agus fainic linntreoga, feithiclí malla, feithiclí ag athrú lánaí gan é a chur in iúl roimh ré agus iad dul trí shoilse dearga, daoine/ainmhithe ar an mbóthar. Seachain a bheith ag tiomáint lasmuigh de bhailte san oíche mar go bhféadfaidh sé a bheith contúirteach de bharr feithiclí gan soilse agus guaiseacha eile.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Brasaíle, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Taisteal Eile

Úsáid cuideachta chreidiúnach do thurais fhada ar bhus. Ná téigh ar bhus má bhíonn aon amhras ort nó mura mbíonn tú cinnte faoi shábháilteacht nó shlándáil. Is amhlaidh an scéal do thaisteal ar bith ar bóthar, lena n-áirítear tacsaithe agus tiománaithe tacsaithe.

 

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Gníomhaíocht Mhídhleathach

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.  Is fadhbanna iad gáinneáil agus úsáid drugaí agus turasóireacht ghnéis atá ag dul i méid, agus gearrtar pionóis an-diana ina leith sa Bhrasaíl. Pacáil do mhálaí féin agus ná bí ag iompar nithe nach leat iad.

Taisteal áitiúil

Is féidir le haer-iompar sa Bhrasaíl a bheith mí-eagraithe agus is minic a chuirtear moill ar eitiltí intíre nó go gcuirtear ar ceal iad. Tarlaíonn sé sin i bpáirt mar gheall go bhfuil aerfoirt na Brasaíle ag baint a lántoilleadh amach, agus freisin mar gheall ar laigí córasacha. Moltar duit do chuid mionsonraí eitilte a dheimhniú sula dtaistealaíonn tú agus bí ullamh do mhoilleanna ar fud na Brasaíle.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal chun na Brasaíle, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara

Tulcaí

Is féidir le tulcaí agus sciorrthaí talún tarlú ag tráth ar bith, go háirithe in gceantair uirbeacha bhochta agus go háirithe i rith agus i ndiaidh bháisteach throm. Ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht agus ar thuartha na haimsire go háitiúil agus ceist a chur ag deasc fáiltithe na háite ina bhfuil tú ag fanacht.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Brasaíle, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Brasaíle. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Tríd is tríd, ba chóir na nithe seo a leanas a bheith agat nuair a thiocfaidh tú chun na Brasaíle:

  • Cruthúnas go bhfuil do dhóthain airgid agat nó rochtain agat ar do dhóthain airgid (má tá tú ag tabhairt cárta creidmheasa leat, moltar duit ráiteas a bheith ar iompar agat a chruthóidh an teorainn)
  • Ticéad fillte nó ar aghaidh
  • Cruthúnas cóiríochta in áirithe don chéad oíche ar a laghad

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Brasaíle. De ghnáth, ba chóir duit tú féin a chosaint ó mhuiscítí sa Bhrasaíl mar go n-iompraíonn siad raon galar, lena n-áirítear maláire agus fiabhras deinge.

Maláire

Tá baol ó mhaláire i roinnt áiteanna i dtuaisceart na Brasaíle, lena n-áirítear cuid mhór den Amasóin. B’fhéidir go mbeadh ort cógas frith-mhaláire a thógáil, ag brath ar na ceantair a mbeidh tú ag dul chucu, agus tú féin a chlúdach agus éarthach feithidí a úsáid tráthnóna agus oíche.

Fiabhras Deinge

Is ó Eanáir go Márta is mó a bhíonn baol ó fhiabhras deinge. Níl aon chóireáil éifeachtach don fhiabhras sin, lena mbaineann siomptóim ar nós fliú agus atá in ann seandaoine nó gasúir an-óga a mharú. Chomh maith le comhairle liachta a fháil sula dtéann tú ag taisteal, ba chóir duit comhairle a fháil maidir le coinníollacha áitiúla nuair atá tú ag taisteal sa Bhrasaíl agus déan tú féin a nochtadh a laghad agus is féidir do mhuiscítí trí tú féin a chlúdach agus éarthaigh feithidí a úsáid ar chraiceann nocht.

Fiabhras buí

Sa Bhrasaíl, tá an fiabhras buí teoranta den chuid is mó do cheantair thrópaiceacha agus dufaire. Ach, ó am go ham, méadaíonn leibhéal an fhiabhrais bhuí nó briseann sé amach in áiteanna eile den tír. Ba chóir duit na riachtanais imdhíonta agus vacsaínithe don fhiabhras buí a phlé le do dhochtúir sula dtéann tú chun na Brasaíle. Agus más rud é go bhfuil tú ag teacht as crios eindéimeach an fhiabhrais bhuí i dtír eile i Meiriceá Theas, ní mór cárta doiciméadaithe maidir leis an bhfiabhras buí a bheith agat sula ligfear isteach sa Bhrasaíl tú.

‘Leigheas an Chreidimh’

Cuireadh roinnt cásanna in iúl don Ambasáid maidir le daoine ag taisteal chuig duine a mheastar a bhfuil ‘Leigheas an Chreidimh' aige stát Goias sa Bhrasaíl. In go leor cásanna, rinne saoránaigh teagmháil leis an Ambasáid a d'éirigh an-bhreoite tar éis cóireála agus ar theastaigh cóir liachta phráinneach uathu. I roinnt cásanna, ní raibh árachas liachta dóthanach acu nó ní raibh sé acu in aon chor.

Moltar go láidir duit smaoineamh go maith sula dtéann tú ar thurais mar sin. Níl an córas cúram sláinte poiblí sa Bhrasaíl in ann cúram liachta dóthanach a chur ar fáil má bhíonn fadhbanna agat.