DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chambóid, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chambóid

Má tá tú ag taisteal chun na Cambóide, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an gCambóid nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin gCambóid sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht de chuid na hÉireann sa Chambóid, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Hanáí i Vítneam má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le hAmbasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá baol ó eachtraí foréigneacha sa Chambóid agus moltar duit sluaite a sheachaint, go háirithe léirsithe polaitíochta. Moltar duit freisin gan tuairimí polaitíochta láidre a léiriú go poiblí.

Tá ceannas maidir le talamh cóngarach do theampall Preah Vihear ar theorainn na Cambóide leis an Téalainn ina ábhar díospóide agus tá teannas ansin fós. Tá an teampall dúnta faoi láthair agus moltar duit an ceantar a sheachaint.

Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le do theagmhálaí áitiúil, óstán nó do thionscnóir turas.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Chambóid íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Mianaigh talún

Tá mianaigh agus ordanáis neamhphléasctha ina nguais fós ar iarláithreacha catha, go háirithe i dtuaisceart na Cambóide. Fan ar phríomhbhealaí i gceantair thuaithe agus seiceáil le do thionscnóir turas sula dtéann tú chuig réigiúin ina bhfuil mianaigh talún.

Coiriúlacht

Tá coiriúlacht go forleathan sa Chambóid agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain ceantair ar leithlis tar éis thitim na hoíche, lena n-áirítear tránna i gceantar Sihanoikville, áit a bhfuil eachtraí foréigneacha ag éirí níos coitianta
  • Laghdófar an baol trí thaisteal i gcarr, chomh maith le taisteal san oíche timpeall ar Phnom Penh, Sihanoukville agus Siem Reap a theorannú go háiteanna poiblí le go leor solais.

Mionghadaíocht

Bí ar an airdeall maidir le mionghadaíocht agus tú ag taisteal san aer, ar bhus nó ar thraein, go háirithe i stáisiúin traenach agus bus agus in aerfoirt phlódaithe. Tá fadhb freisin le lucht goidte málaí ar ghluaisrothair.

Coiriúlacht thromchúiseach

Ba chóir duit a bheith eolach ar an mbaol ó robáil agus coiriúlacht eile (lena n-áirítear cionta gnéasacha, go háirithe i Phnom Penh, Sihanoukville agus Siem Reap, agus go háirithe tar éis thitim na hoíche.

Pas caillte nó goidte

Tá sé in ann go leor ama a thógáil agus a bheith an-chostasach pas athsholáthair agus víosa amach nua a fháil, dá bhrí sin coinnigh sábháilte iad. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, cuir in iúl láithreach é do na póilíní, agus ansin déan teagmháil le Ambasáid na hÉireann i Hanáí i Vítneam.   

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chambóid, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Hanáí má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Chambóid, ba chóir duit a bheith an-chúramach mar go bhfuil caighdeáin thiomána in ann a bheith corrach agus contúirteach uaireanta. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Teastóidh ceadúnas tiomána de chuid na Cambóide uait agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat. Bí eolach go bhféadfadh tiomáint gan cheadúnas d'árachas taistil a dhéanamh neamhbhailí má bhíonn timpiste agat.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Cambóide, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Gluaisrothair agus scútair

Tá timpistí gluaisrothar nó scútar, lena mbaineann gortú tromchúiseach, damáiste fadtéarmach don inchinn nó bás, coitianta sa Chambóid. Má chinneann tú gluaisrothar nó scútar a thógáil ar cíos nó a cheannach, déan na reamhchúraim chéanna is a dhéanfá sa bhaile. Áirítear air sin clogad a chaitheamh, cloí le luasteorainneacha agus rialacha an bhóthair a leanúint.

Ná tiomáin faoi thionchar an óil ná drugaí riamh. Mura leanfaidh tú an chomhairle sin, is dócha go ndéanfar do chlúdach árachais neamhbhailí má bhíonn timpiste agat. Tabhair ar aird go bhfuil sé éigeantach d’úsáideoirí gluaisrothair agus paisinéirí clogad a chaitheamh sa Chambóid.

Tacsaithe

Is bealach coitianta le taisteal iad tacsaithe, ach bí cúramach, mar go bhféadfadh droch-chaighdeán tiomána a bheith ag tiománaithe. Úsáid tacsaithe ceadúnaithe nó síob réamhordaithe ag óstáin agus tú ag aistriú ó aerfoirt. Níor chóir duit glacadh le tairiscintí aistrithe saor in aisce chuig óstáin mar gur dóigh gur cinn bhréige iad.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Coisithe

Ba chóir do choisithe a bheith cúramach go háirithe agus iad ag trasnú an bhóthair i gcathracha móra mar go bhfuil tiománaithe sa Chambóid in ann a bheith corrach agus contúirteach uaireanta.

Deochanna fuinnimh

Tá roinnt deochanna fuinnimh, a bhfuil toirmeasc orthu i dtíortha na hEorpa mar gheall ar an leibhéal ard spreagthach atá iontu, ar fáil sa Chambóid. Bíonn foláireamh sláinte ar go leor díobh ach ní ar gach ceann.

Tá sé in ann a bheith an-dona go deo don tsláinte na deochanna sin a ól, astu féin nó le halcól, go háirithe do dhaoine a bhfuil riochtaí cairdiacha réamhbheitheach nó eile ag dul dóibh.

Spóirt eachtraíochta faoin aer

Sula nglacann tú páirt in aon spóirt nó gníomhaíochtaí faoin aer nó uisce, mar shampla cadhcáil, ailleadóireacht, faoileoireacht foluana, srl., seiceáil go gclúdóidh d’árachas taistil tú i gcás go ngortófaí tú nó tríú páirtí, nó go bhfaighfeá nó tríú páirtí bás.

Ba chóir duit a bheith eolach nach bhfuil na riachtanais shláinte agus shábháilteachta sa Chambóid chomh dian is atá in Éirinn agus is minic nach gcloítear leo agus nach gcuirtear i bhfeidhm iad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil baol níos mó ann go dtarlóidh timpiste thromchúiseach nó mharfach agus tú i mbun na ngníomhaíochtaí sin.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Tá sé ag éirí níos fusa drugaí neamhdhleathacha a fháil i gcathracha móra agus i bpríomhionaid turasóireachta. Is dócha áfach, go mbíonn rud éigin déanta leo nó go mbíonn siad spíceáilte. Tabhair ar aird go ngearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Alcól

Ba chóir duit a bheith ar an airdeall maidir le deochanna spíceáilte, go háirithe déanach san oíche i mbeáir. Ná fág bia ná deoch gan duine ina mbun agus ná glac le bia nó deoch ó strainséirí.

D’fhéadfadh alcól baile a bheith éilithe le baictéir nó le ceimiceáin thocsaineacha ó lotnaidicídí agus ba chóir é a sheachaint.

Feidhmiú an dlí

Is féidir téarmaí príosúin fada a ghearradh mar thoradh ar choireanna mar chionta gnéasacha nó calaois. Níl córas dlí na Cambóide chomh dea-fhorbartha sin agus tá na príosúin ar dhroch-chaighdeán amach is amach.

Grianghrafadóireacht

De ghnáth tá cosc ar phictiúir a thógáil d’ionaid mhíleata nó i ngar dóibh.

Pósadh

Tá deireadh curtha ag Rialtas na Cambóide le fionraí maidir le póstaí idir daoine de chuid na Cambóide agus náisiúnaigh eachtracha sa Chambóid. Más mian leat pósadh sa Chambóid, déan teagmháil linn i mBaile Átha Cliath nó le hAmbasáid na hÉireann i Hanáí le haghaidh mionsonraí na rialachán nua.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

Tuilte

Beidh leibhéal uisce aibhneacha agus lochanna ard le linn an tséasúir bháistí agus tá tuilte in ann tarlú i roinnt cúigí mar thoradh air sin. Seiceáil le do thionscnóir turas agus le foireann d’óstáin do mhionsonraí maidir le háiteanna le seachaint le linn an tséasúir bháistí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Féadfaidh tú víosa a fháil nuair a thiocfaidh tú chun na Cambóide. Beidh ort dhá phictiúr pas a thabhairt leat. Cosnaíonn víosa gnó US$25 do mhí amháin agus is féidir é a athnuachan gan chríoch.  Cosnaíonn víosa turasóireachta US$20 do mhí amháin agus ní féidir ach síneadh míosa amháin breise a chur leis. Is i ndollair na Stát Aontaithe amháin a íoctar as víosaí.

ríomhVíosaí

Oibríonn Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Cambóide saoráid víosaí leictreonacha (ríomhVíosa) do víosaí turasóireachta agus sin amháin. Cosnaíonn an ríomhVíosa US$20 agus ní fhéadfar é a úsáid ach amháin agus na príomhbhealaí trasna agus iontrála a bhfuil córas IT inimirce acu. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar ríomhVíosa ar líne chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Cambóide, áit a liostaítear na téarmaí  agus coinníollacha iomlána freisin, chomh maith le heolas faoi na pointí iontrála teorann a ghlacann leis an ríomhVíosa.

Bailíocht

D’fhéadfadh go mbeadh an chosúlacht ar víosaí turasóireachta arna n-eisiúint ag  Ambasáid Ríoga de chuid na Cambóide go bhfuil siad bailí ar feadh tréimhse níos faide ná mí amháin. Baineann a mbailíocht leis an am le dul isteach sa Chambóid. Tá an víosa bailí ar feadh 30 ón dáta iontrála iarbhír chun na Cambóide. Déan cinnte go ndéanfar do phas a stampáil nuair a thiocfaidh tú chun na Cambóide, cibé más ag iontráil tri aerfort nó bealach trasna talún atá tú.

Is ábhar tromchúiseach é fanacht ró-fhada ar víosa gnó nó turasóireachta gan an t-údarás ceart agus féadfar tú a chur faoi choinneáil nó go n-íoctar fíneáil ($5 sa ló do na chéad 30 lá, agus $6 ina dhiaidh sin). Cuireadh taistealaithe i bpríosún nó rinneadh iad a ionnarbadh ar a gcostas féin mar gheall gur fhan siad ró-fhada.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi víosaí nó riachtanais iontrála, seiceáil le Ambasáid Ríoga na Cambóide.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Cambóide.

Saoráidí liachta

Tá caighdeán cúram sláinte sa Chambóid dóthanach do chóireáil do mhionghortuithe sna cathracha móra, ach má theastaíonn cóireáil níos casta uait, b’fhéidir go gcaithfí tú a aslonnú go tír eile.

Fliú éanúil

Tá an fliú éanúil (fliú na n-éan) briste amach sa Chambóid agus tuairiscíodh go raibh roinnt daoine ionfhabhtaithe agus go bhfuair roinnt daoine bás (a mheastar a tharla sin trí dhlúth-theagmháil le héanlaith ionfhabhtaithe).  

Meastar an baol ón bhfliú éanúil a bheith íseal, fad is go ndéanann tú réamhchúram áirithe. Seachain dul go dtí margaí ainmhithe beo, feirmeacha éanlaithe agus áiteanna eile a bhféadfá dlúth-theagmháil a bheith agat le héin chlóis, éin cháis nó éin fhiáine agus déan cinnte go ndéantar bia le héineoil nó uibheacha a chócaráil go maith.

Fiabhras Deinge

Tá líon na gcásanna den fhiabhras deinge ag ardú go seasta agus tá sé coitianta i gceantair thuaithe agus uirbeacha sa Chambóid (lena n-áirítear Phnom Penh). Nuair a thiocfaidh tú chun na Cambóide, seachain muiscítí, go háirithe díreach i ndiaidh bhreacadh an lae agus roimh luí na gréine, trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus bróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Galair eile

Tarlaíonn maláire agus einceifilíteas Seapánach i gceantair thuaithe sa Chambóid agus  scaipeann muiscítí iad. Cuirfidh do dhochtúir comhairle ort maidir leis na bearta próifiolacsacha nó vacsaíní iomchuí, ag brath ar fhad do chuairte agus na ceantair a bhfuil sé i gceist agat cuairt a thabhairt orthu. Faigh comhairle liachta cothrom le dáta maidir lena dteastóidh cógas frith-mhaláire uait.

Airgead

Is é Riel na Cambóide an t-airgeadra áitiúil agus glactar le Dollair na Stát Aontaithe agus úsáidtear iad d’fhormhór na mbeart airgeadais. Is féidir leat Baht na Téalainne a úsáid freisin i limistéir ar theorainn na Téalainne.

ATManna

Níl ATManna ar fáil go forleathan lasmuigh de na cathracha móra agus ceantair thurasóireachta agus b’fhéidir nach nglacfadh roinnt ATManna le cártaí idirnáisiúnta.

Cártaí creidmheasa

Glacann roinnt óstán agus gnólachtaí i cathracha móra le cártaí creidmheasa, a b’fhéidir gur airgead tirim amháin a ghlacfar leis lasmuigh de na príomhionaid.

Seiceanna taistil

Is féidir seiceanna taistil a shóinseáil in go leor banc agus bureaux de change.

 

Embassy contact

Embassy Contact

If you are an Irish National who requires assistance in the case of a genuine emergency while the Embassy is closed, please contact us on +84 4 39743291 where you will be given details on how to proceed and how to contact a consular officer if needed.

Embassy of Ireland
2nd floor,
41A Ly Thai To
Hoan Kiem District
Hanoi
Vietnam

Tel: +84 4 3974 3291
Fax: +84 4 3974 3295

Monday to Friday 09:00 - 12:00

Contact us