DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Chosaiv, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Chosaiv

Má tá tú ag taisteal chun na Cosaive, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Ba cheart do shaoránaigh an riosca a bhaineann le tástáil dheimhneach COVID-19 thar lear san áireamh agus moltar árachas taistil cuimsitheach a fháil a chuimsíonn clúdach COVID-19. Roimh imeacht agus le linn taistil, moltar do shaoránaigh monatóireacht a dhéanamh ar ár gComhairle Taistil, sinn a leanúint ar Twitter, agus clárú leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire dóibh.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Chosaiv nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Chosaiv sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Chosaiv, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair agus cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i mBúdaipeist san Ungáir.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí de thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl pholaitiúil

D’fhógair Poblacht na Cosaive neamhspleáchas go hoifigiúil ón tSeirbia sa bhliain 2008. Tugann Éire, agus tromlach de thíortha eile an AE, aitheantas iomlán do Phoblacht na Cosaive mar náisiún neamhspleách.

Diúltaíonn rialtas na Seirbia agus Seirbigh go leor sa Chosaiv, áfach, d’fhógra neamhspleáchais na Cosaive agus tá go leor teannais ann dá bharr sin. Cé go bhfuil cúrsaí slándála go ginearálta sa chuid is mó den Chosaiv ciúin go maith, tá an baol ann go bhféadfadh sé dul i léig.

Tuaisceart na Cosaive

Ní féidir cúrsaí, go háirithe, i dtuaisceart na tíre a thuar. Seachain taisteal neamhriachtanach chuig Mitrovica sa tuaisceart agus chuig bardasachtaí Leposavic, Zubin Potok agus Zvecan sa tuaisceart mar go bhfuil baol corraíola níos mó sna háiteanna seo agus d’fhéadfadh foréigean briseadh amach i gcathair Mitrovica gan foláireamh. Ní chóir duit iarracht a dhéanamh dul isteach chun na Cosaive ón tSeirbia trí Leposavic agus Zubin Potok faoi láthair.

Poist ar an teorainn

Ionsaíodh roinnt post ar an teorainn de chuid na bpóilíní agus na gcustam agus d’fhéadfadh sé go ndúnfaí pointí rialuithe teorann mar gheall ar an ainriail. Dá bharr seo, ba chóir duit cuimhneamh ar mhalairt bealaí chun taisteal chun na Seirbia. 

Coinnigh tú féin ar an eolas i gcónaí faoina bhfuil ag tarlú i do thimpeallacht trí aird a choinneáil ar na meáin chumarsáide go háitiúil agus trí fanacht i dteagmháil le bainistíocht d’óstáin nó le d’ionadaí tionscnóra turas. Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí, atá in ann a bheith achrannach uaireanta.  

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil baol beag ó sceimhlitheoireacht sa Chosaiv, tá baol forleathan ann fós ó ionsaithe  sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna a gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh. 

Mianaigh talún

Tá mianaigh iarmharacha agus ordanás neamhphléasctha eile fós i roinnt áiteanna sa Chosaiv agus ba chóir duit a bheith cúramach in áiteanna sa Dulje Pass (lár na Cosaive), in iarthar agus i ndeisceart an chúige, an teorainn leis an Albáin agus an réigiún idir Presevo Valley i nDeisceart na Seirbia agus an Chosaiv. Ná himigh de na príomhbhóithre, go háirithe in áiteanna faoin tuath, agus seiceáil le muintir na háite nó le d’ionadaí tionscnóra turas sula dtéann tú chuig réigiúin atá buailte.

Coiriúlacht

Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh agus tú sa Chosaiv:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Bí airdeallach faoi mhugáil, daoine a ghoideann málaí agus peasghadaithe, go háirithe ar bhealaí iompar poiblí gnóthacha, i stáisiúin traenach, ar mhargaí agus in áiteanna eile ina gcruinníonn turasóirí. Ba chóir duit a bheith airdeallach freisin go bhfuil ardú ag teacht i gcónaí ar líon na n-eachtraí a bhaineann le carr-sheacáil agus goid carranna, go háirithe i gcathair Pristina.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Chosaiv, cuir in iúl do na póilíní láithreach é agus faigh tuairisc. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Búdaipeist má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Chosaiv, ba chóir duit a bheith thar a bheith cúramach. Tá drochbhail ar fhormhór na mbóithre agus tá fíor-dhrochbhail orthu in áiteanna faoin tuath, go háirithe i ndrochaimsir. Tá baol ó sciorradh talún ar an bpríomhbhóthar idir Pristina agus Skopje.  Moltar go láidir duit tiomáint ins an oíche a sheachaint. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas iomlán tiomána de chuid na hÉireann agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat. Níl árachas feithicil Chárta Glas na hEorpa bailí sa Chosaiv. Ba chóir duit árachas áitiúil a cheannach ag an teorainn nó, mura bhfuil sé sin ar fáil, sa bhaile is gaire duit.
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Cosaive, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Carranna na Seirbia

Ba chóir duit a bheith ar an eolas nach dtabharfaidh go leor gnólachtaí a fhruilíonn carranna sa tSeirbia cead a bhfeithiclí a thiomáint sa Chosaiv de bharr imní faoi chúrsaí slándála ansin. Tharla roinnt eachtraí inar díríodh ar charranna a bhí cláraithe sa tSeirbia in áiteanna níos leithlisithe de chuid na Cosaive.

Ba chóir duit eachtraí áitiúla a sheiceáil sula dtosaíonn tú do thuras go háirithe má tá sé i gceist agat teorainn talún leis an tSeirbia a thrasnú.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Crith talún

Tá an Chosaiv suite i saincheantar atá seismeach-ghníomhach agus tá creathanna talún coitianta. Má tá tú ag taisteal chun nó i do chónaí sa Chosaiv, bí cinnte go bhfuil a fhios agat céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún.

Tinte foraoise

Tá baol ó thinte foraoise i rith mhíonna an tsamhraidh, go háirithe Tuaisceart na Cosaive.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Víosaí

Ní theastaíonn víosa cuairte chun dul isteach chun na Cosaive ar feadh tréimhsí níos lú ná 90 lá. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh ort fianaise doiciméadach a chur ar fáil chun cuspóir do chuairte a thabhairt le fios. Eiseofar stampa iontrála 90-lá agus is féidir é sin a athnuachan do chuairteanna níos faide. 

Mura bhfuil tú cinnte faoi rialacha iontrála na Cosaive, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid na Cosaive is gaire. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Riachtanais iontrála na Seirbia

De bharr go bhfuil deacrachtaí leanúnacha ag baint le taisteal idir an tSeirbia agus an Chosaiv, moltar duit socruithe malartacha a dhéanamh. Ní thabharfaidh údaráis na Seirbia cead duit taisteal chun na Seirbia, as an Chosaiv, mura gcuirfidh tú tús le do thuras sa tSeirbia agus mura bhfuil tú ag filleadh ann go díreach. Sa bhliain 2008, thóg rialtas na Seirbia an cinneadh gan stampaí isteach/amach Phoblacht na Cosaive a aithint agus iad a chur ar ceal ag an bpointe iontrála isteach chun na Seirbia agus cuireadh stampa teorann de chuid na Seirbia ina n-áit.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Cosaive.

Saoráidí liachta

Níl aon chomparáid idir an leibhéal cúraim liachta sa Chosaiv agus an leibhéal atá le fáil in iarthar na hEorpa agus ba chóir duit árachas cuimsitheach taistil a thógáil amach chun aon aslonnú liachta a chlúdach. 

Fiabhras Fuilreatha  an Chongó Criméach

Is ionfhabhtú sceartán-iompartha é Fiabhras Fuilreatha an Chongó Criméach (CCHF), atá luaite leis an Chosaiv.  Cé gur sa réigiún thart ar Malishevo (lár na Cosaive) a bhíonn líon na gcásanna is mó de CCHF, d’fhéadfadh áiteanna eile faoin tuath den Chosaiv a bheith buailte i rith mhíonna an tsamhraidh. 

Má thug tú cuairt ar an Chosaiv agus go bhfuil tú ag fulaingt le fiabhras, tinneas cinn, crithfhuacht, cráphianta sna matáin, urlacan, gríos dearg (nach dtréigeann nuair a bhrúitear gloine anuas air), fuil ag teacht ó uachtar do bhéil nó aon chomharthaí eile nach féidir a mhíniú, ba chóir duit comhairle liachta a lorg láithreach.

Einceifilíteas sceartán-iompartha

Má tá sé i gceist agat a bheith ag taisteal i gceantar foraoise, tá baol ann go mbeidh tú nochta d’einceifilíteas sceartán-iompartha.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Kosovo, please contact Embassy of Ireland Hungary.
For consular emergencies outside working hours please call the Embassy on +36 1301 4960 and leave a voicemail which is monitored by the Duty Officer.
Alternatively you can call the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
Budapest 1054.
Szabadsag ter 7.
Bank Center, Platina Tower 2, VI. Floor
Budapest
Hungary

Tel: +36 1 301 4960
Fax: +36 1 302 9599

Monday to Friday 09.30 - 12.30 and 14.30 - 16.30

Contact us