DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Iaráin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Iaráin

Má tá tú ag taisteal chun na hIaráine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Foláireamh Taistil is Déanaí

Molaimid go láidir gan taisteal chuig na réigiúin a bhfuil teorainn acu leis an bPacastáin i gcúige Sistan agus Baluchistan, an teorainn leis an Afganastáin i gCúige Khorasan agus an teorainn leis an Iaráin i gcúigí Khuzestan agus Ilam mar gheall ar an staid chontúirteach slándála a bhíonn sna háiteanna sin ar bhonn leanúnach.  Ní féidir le Rialtas na hÉireann litir chur in aithne a sholáthar do shaoránaigh Éireannacha ar mian leo taisteal thar tír trí na ceantair sin chuig tíortha comharsanachta chun críocha víosaí.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Iaráin nó fanacht an, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Iaráin sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid na hÉireann san Iaráin, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait áfach, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gConsal Oinigh i Tehran nó le Ambasáid na hÉireann in Ankara sa Tuirc.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí agus Consalachtaí thíortha eile an AE chun cabhair, comhairle agus tacaíocht chonsalach éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl Pholaitiúil

Ó thoghcháin Uachtaránachta 2009 tharla roinnt léirsithe agus corraíl ghaolmhar i Tehran agus i roinnt ionad uirbeacha eile, lena n-áirítear Shiraz, Esfahan, Rasht agus Tabriz.

Rinne léirsitheoirí ionsaí agus ionradh foréigneach ar áitreabh taidhleoireachta a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe in 2011. D’fhéadfadh tuilleadh eachtraí mar seo tarlú agus tá léirsithe in ann éirí foréigneach gan mórán foláirimh.

Moltar go láidir duit cruinnithe nó léirsithe móra sráide a sheachaint agus tú san Iaráin agus gan grianghraif a thógáil de na léirsithe nó suim a léiriú iontu, toisc go bhféadfadh na fórsaí slándála tú a ghabháil mar thoradh ar iompar den sórt sin.  Molaimid duit a bheith an-chúramach agus súil a choinneáil ar na meáin áitiúla chun comhairle cothrom le dáta a fháil maidir le rioscaí slándála.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Uaireanta tarlaíonn mionghadaíocht do thurasóirí agus iad san Iaráin agus ní mór duit réamhchúram a dhéanamh chun tú féin a chosaint ó choiriúlacht: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Iaráin, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Ankara má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint san Iaráin, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá caighdeán na tiomána, go háirithe in ionaid uirbeacha, an-dona agus tá sé in ann a bheith dúshlánach do núíosaigh. Tá ceann de na rátaí is airde ó thaobh timpistí bóthair san Iaráin agus ba chóir do thaistealaithe a bheith an-chúramach agus iad ag tiomáint. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hIaráine, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Cúnamh i gcás teagmhais

Má bhíonn aon bhaint agat le timpiste, cibé chomh beag is atá sé, ná fág an láthair. Ba chóir duit fanacht go dtiocfaidh na póilíní chun tuairisc a dhéanamh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Baineann pionóis dhiana le húsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén drugaí a bhíonn i gceist), lena n-áirítear téarmaí príosúnachta fada. 

Cultúr Moslamach

Is Poblacht Ioslamach í an Iaráin agus cloítear go docht le creideamh agus cleachtais Ioslamacha i gcustaim, dlíthe agus rialacháin na tíre. Ní mór ciall agus discréid a chur i bhfeidhm ó thaobh éadach agus iompar.

Ba chóir do chuairteoirí éadach coimeádach a chaitheamh. Ní chóir d’fhir brístí gearra nó léinte gan muinchillí a chaitheamh; ba chóir do mhná a gcloigne a chlúdach le scair agus imlíne a gcolainne a bheith faoi cheilt trí threabhsair agus éadaigh scaoilte a théann chomh fada leis an nglún a chaitheamh. Bíodh meas agat ar thraidisiúin chreidimh agus shóisialta ar mhaithe le íogaireachtaí áitiúla a sheachaint.  

Ramadan

I rith na míosa gealaí Ramadan (an naoú mí d’fhéilire na Moslamach), ba chóir duit staonadh ó bheith ag ól, ag ithe agus ag caitheamh tobac go poiblí idir éirí agus luí na gréine.  

Forfheidhmiú an dlí

Tabhair ar aird agus tú san Iaráin go bhfuil saoránaigh na hÉireann faoi réir dlí na hIaráine, atá difriúil ar go leor bealaí ó dhlí na hÉireann.

Táirgí neamhcheadaithe

Níl sé ceadaithe alcól nó táirgí muiceola a thabhairt isteach san Iaráin.

Grianghrafadóireacht

Tá cosc láidir ar ghrianghraif a thógáil in gar d’ionaid mhíleata nó rialtais agus go leor áiteanna eile agus feicfidh tú comharthaí rabhaidh ar taispeáint chun na críche sin. D’fhéadfaí tú a choinneáil agus cúiseanna coiriúlachta tromchúiseacha a ghearradh ort má sháraítear an cosc sin.

Taistealaithe a bhfuil déshaoránacht acu

Más saoránach Éireannach agus náisiúnach de chuid na hIaráine tú, bí ar an eolas nach n-aithníonn an Iaráin déshaoránacht agus táimid an-teoranta ó thaobh cúnamh consalachta a sholáthar do dhénáisiúnaithe.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá aeráid athraitheach san Iaráin ag dul ó aeráid thur nó bhreacthur go dtí aeráid fhothrópaiceach feadh an Mhuir Chaisp agus fhoraoisí an tuaiscirt.  

Crith talún

Tá an Iaráin suite i limistéar seismeach atá gníomhach. In 2012, tharla dhá chrith talún móra in iarthuaisceart na hIaráine, gar do chathair Tabriz inár maraíodh os cionn 300 duine agus inar gortaíodh go leor eile. In 2003, tharla crith talún i gcathair Bam in oirdheisceart na hIaráine inar maraíodh os cionn 30,000 duine agus inar gortaíodh mórán an méid céanna daoine.

Má tá tú ag taisteal chun na hIaráine nó má tá cónaí ort ann, bí cinnte faoin méid ar cheart a dhéanamh i gcás creatha talún. Téigh i dtaithí ar na céimeanna cuí ar cheart a thógáil i gcás creatha talún, lena n-áirítear soláthairtí éigeandála a thabhairt leat, cosúil le splanclampa, feadóg agus aon chógas nó leacht ábhartha.

Faisnéis Bhreise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na hIaráine, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid na hIaráine is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na hIaráine.

Cumarsáid

Tá cumarsáid in ann a bheith deacair toisc luas íseal an idirlín, idirbhristeacha ar líonraí SMS go minic agus cliseadh neamhrialta ar an líonra fón póca.

Airgead

Is é rial na hIaráine an t-aonad áitiúil airgeadra agus níl ann ach geilleagar airgid thirim agus sin amháin amháin. Níl aon mheaisíní ATM san Iaráin a ghlacann le cártaí bainc nó cártaí creidmheasa na hÉireann. De ghnáth ní féidir seiceanna taistil a aistriú. Ní mór duit, mar sin, do dhóthain airgeadra crua (euro nó dollair na Stát Aontaithe) a thabhairt leat le híoc as do thuras.

Embassy contact

Embassy Contact

Ireland does not have an Embassy in Iran. If you require consular assistance, please contact Embassy of Ireland in Türkiye. If you are an Irish citizen and in need of consular assistance outside of normal office hours, call the Embassy and leave a message for the Duty Officer:

Embassy of Ireland
Ugur Mumcu Caddesi No.88
MNG Binasi, First Floor, GOP
Ankara 06700
Türkiye

Tel: +90 312 459 1000
Fax: +90 312 446 8061

Monday to Friday 09.00 - 13.00 and 14.00 - 17.00

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr. Alireza Feizollahi
Honorary Consul of Ireland
S.J. Assadabadi Avenue
Corner of 50th Street, No. 2/6, First Floor
Tehran
Iran

Tel: +98 21 8804 1925
Fax: +98 21 8804 0817

Email: Email us