DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Mhaláiv, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Mhaláiv

Má tá tú ag taisteal chun na Maláive, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Mhaláiv nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Mhaláiv sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.  

Seirbhísí Éigeandála

Féadfaidh tú teagmháil fóin a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála sa Mhaláiv ag na huimhreacha 199 nó 997.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Lilongwe.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shóisialta

Bí airdeallach ar do thimpeallacht i gcónaí, tabhair aird ar na meáin chumarsáide áitiúla agus bí cúramach thimpeall ar ghrúpaí móra daoine i gceantair mhóra uirbeacha. Seachain slógaí, léirsithe agus cruinnithe poiblí. Fág ceantar láithreach má chreideann tú go bhfuil do shábháilteacht i mbaol.

Tá cosc ar ghrianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh rialtais, d’aerfoirt, de dhroichid, de shéipéil agus d’ionaid mhíleata.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na gcuairteanna a thugtar ar an Mhaláiv saor ó thrioblóid, ach bí airdeallach faoi dhaoine a d’fhéadfadh tú a mhugáil nó do mhála a thógáil uait agus déan réamhchúram ciallmhar in aghaidh na coiriúlachta:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte 
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais)le do theaghlach nó le cairde sa bhaile nó in áit ar leith ó na doiciméid iad féin
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Pas Caillte/goidte

Tugtar pasanna a chailltear nó a ghoidtear do na póilíní uaireanta, laistigh de chúpla lá. Ba chóir an cailleadh a thuairisciú ag an stáisiún póilíní is gaire duit chomh luath agus is féidir, agus teagmháil a choinneáil leis an stáisiún ar fhaitíos go bhfaighfí é. Má ghoidtear do phas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ag an Ambasáid ar cheann eile.

Mionghadaíocht

Bí airdeallach faoi mhionghadaíocht agus faoi pheasghadaíocht thart ar na príomhstáisiúin bhus in Lilongwe agus in Blantyre agus ag na príomhchalafoirt don bhád farantóireachta chuig llala. Má dhéantar mugáil ort, ná cuir suas troid agus tabhair do stuif ar lámh gan aon cheist a chur.

Tuigtear go mbristear isteach in ionaid chónaithe, go dtarlaíonn robálacha eagraithe agus carr-sheacáil agus d’fhéadfaí díriú ar eachtrannaigh.

Coiriúlacht a chur in iúl

Ba chóir aon choir a chur in iúl do na póilíní láithreach. Cé gurb iad na húdaráis áitiúla amháin atá freagrach as fiosrú agus ciontú coireanna, is féidir le hoifigigh consalacha cúnamh a thabhairt duit tuiscint a fháil ar an bpróiseas áitiúil coiriúil agus dlíodóir a fháil, má theastaíonn sin.

Is í an uimhir éigeandála sa Mhaláiv ná 199 nó 997.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint sa Mhaláiv, ba chóir duit a bheith an-chúramach.Tá líon na ndaoine a fhaigheann bás de bharr timpistí bóthair ard. Is féidir le tiomáint a bheith contúirteach de bharr drochbhóithre, feithiclí atá coinnithe go dona, agus soilse sráide nach bhfuil sách maith. Tá baol ag baint freisin le linntreoga, coisithe, ainmhithe, feithiclí tréigthe, agus feithiclí a bhíonn ag taisteal san oíche gan aon soilse. Ní mholtar tiomáint lasmuigh de na cathracha tar éis thitim na hoíche agus ní mhór duit a bheith ar an eolas gur líon cúnaimh éigeandála an-teoranta atá ar fáil. Tiomáineann an trácht sa Mhaláiv ar an taobh clé.

Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Bíodh do cheadúnas tiomána ar iompar agat i gcónaí agus tú ag tiomáint mar b’fhéidir go mbeadh ort é a thaispeáint ag seicphointí de chuid na bpóilíní
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort. Déanann Seirbhís Phóilíní na Maláive tástálacha anáileadáin
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Maláive, mar shampla luasteorainneacha
  • Tá sé in aghaidh an dlí labhairt ar fón póca má bhíonn tú ag tiomáint
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh na doirse ar do fheithicil faoi ghlas agus do chuid mála as amharc chun nach ndéanfaidh aon duine iarracht do mhála a ghoid má stopann tú ag soilse tráchta agus ná fág do stuif pearsanta san fheithicil riamh

Coireanna tráchta

Má bheirtear ort ag tiomáint faoi thionchar an óil nó ag sárú teorainneacha luais d’fhéadfaí do cheadúnas tiomána agus/nó d’fheithicil a thógáil uait ar an láthair. Ní thabharfar ar ais duit é nó go mbeidh tú tagtha os comhair breithimh. D’fhéadfaí fíneáil agus/nó príosún a ghearradh ar thiománaithe a chiontaítear. Is é 0.08g in aghaidh 100ml fola an teorainn alcóil fola.

Tiomáin níos moille i gceantair atá comhthógtha. Is minic a chuireann póilíní tráchta ceamairí luais i roinnt ceantar comhthógtha áit nach bhfuil aon chomharthaí ag taispeáint an teorainn luais. Is féidir leis na póilíní fíneálacha ar an láthair a ghearradh do choireanna mar seo

Carr-sheacáil

Tharla eachtraí a bhain le carr-sheacáil armtha, go háirithe feithiclí faoi thiomáint ceithre roth.  Is féidir leo seo tarlú nuair a stopann an fheithicil, mar shampla, nuair atáthar ag fanacht le dul isteach geata feithicil compúin, ag crosbhealaí, nó i dtrácht. Ba chóir doirse cairr a bheith faoi ghlas agus fuinneoga dúnta, go háirithe nuair a stopann tú d’fheithicil. Ná cuir suas troid má dhéanann carr-sheacálaithe bagairt ort.

Ganntanas breosla

Is féidir le ganntanas peitril agus díosail a bheith sa Mhaláiv agus nuair a tharlaíonn sé sin, go minic bíonn scuainí fada ag na stáisiúin bhreosla.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Má tá feithicil á fruiliú agat, bí airdeallach go bhféadfadh ganntanas breosla cur isteach ar do phleananna taistil sa tír.

Iompar poiblí

Tá iompar poiblí teoranta i gceantair faoin tuath. Molfaimid gan taisteal i mionbhus idir cathracha mar go mbíonn na feithiclí plódaithe agus coinnithe go dona. Moltar duit freisin gan síobsiúl a dhéanamh, lena n-áirítear ag glacadh le síobanna neamhfhoirmeáilte ar chúl feithiclí oscailte. Tarlaíonn timpistí marfacha go minic agus seirbhísí éigeandála an-bhunúsacha atá ann.

Fiadhúlra

Tá dobhareacha agus crogaill coitianta i go leor de lochanna agus d’aibhneacha na Maláive, lena n-áirítear ceantair de Loch na Maláive. Bí airdeallach faoi na rioscaí a bhaineann le féachaint ar fhiadhúlra (ar muir agus ar talamh araon), go háirithe nuair a bhíonn tú ag siúl nó gar den ainmhí.

Má thugann tú cuairt ar pháirceanna náisiúnta, ar anaclainn fhiadhúlra, ar lochanna nó ar aibhneacha na Maláive, coinnigh siar achar sábháilte agus ná fág an fheithicil mura ndéarfaidh treoraí gairmiúil nó maor leat go bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh. Ná húsáid ach treoraithe creidiúnacha agus gairmiúla nó tionscnóir turas agus lean rialacháin páirce agus comhairle an mhaoir go dlúth.

Sábháilteacht uisce

Ní mholtar snámh, siúl ná folcadh a thógáil in uisce locha nó abhann de bharr baol ó ghalair. Ach, má tá tú ag iarraidh snámh a dhéanamh, faigh comhairle áitiúil ar choinníollacha. Is féidir le sruthanna láidre a bheith in áiteanna i Loch na Maláive agus is féidir leis an loch éirí garbh go maith gan choinne. De bharr gur uisce locha atá i gceist, tá an snámhacht i bhfad níos lú ná uisce sáile agus éireoidh tú tuirseach níos éasca. I gceantair áirithe, éiríonn an loch domhain an-ghar de thaobh an locha – mar sin bí cúramach, go speisialta le leanaí óga.

Madraí

Seachain teagmháil le madraí. Ní hé amháin go n-iompraíonn siad galair ach go minic coinnítear na madraí sa Mhaláiv mar mhadraí cosanta, agus ní mar pheataí, agus is féidir leo a bheith olc.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Cultúr

Cosúil le go leor tíortha san Afraic, go ginearálta tá cultúr na Maláive coimeádach agus bíonn meas acu ar an dream is sine. Úsáid gnáthchiall agus discréid sna héadaí a chaitheann tú agus i d’iompar–ba chóir do mhná a gcosa agus a nguaillí a chlúdach lasmuigh de na príomhcheantair thurasóireachta. Bíodh meas agat ar chreideamh agus ar choinbhinsin shóisialta ionas nach maslóidh tú íogaireachtaí áitiúla.

Imeachtaí dlí

Tagann tú faoi dhlíthe áitiúla na Maláive nuair a bhíonn tú sa tír agus d’fhéadfaí tú a chur chun príosúin nó pionós an bháis a ghearradh ort má dhéanann tú sárú tromchúiseach ar an dlí.

Má ghabhtar nó má choinnítear tú, tá tú i dteideal teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann. Tá sé d’fhreagracht ar na hoifigigh a ghabh tú cúnamh a thabhairt duit é seo a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh consalachta liosta dlíodóirí áitiúla a chur ar fáil duit ach an t-iarratas sin a dhéanamh.
Is féidir le himeachtaí dlí nó fiosrúcháin póilíní a bheith difriúil ó na nósanna imeachta atá i bhfeidhm i gcóras dlí na hÉireann. Is féidir leat a bheith ag súil le moill fhada agus iarrachtaí breise féachaint le do chás a réiteach. Ní féidir linn idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí dlí leanúnacha i dtíortha ná i réigiúin eile, mura n-iarrann na húdaráis áitiúla orainn sin a dhéanamh. Tá iarratais den chineál sin neamhchoitianta.

Táirgí faoi chosc

Tá sé in aghaidh an dlí eabhar, drugaí agus táirgí pornagrafacha a iompórtáil chun na Maláive, agus tá sé in aghaidh an dlí clocha lómhara nach bhfuil gearrtha a cheannach nó a easportáil.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Tá úsáid drugaí, lena n-áirítear úsáid cannabais, in aghaidh an dlí agus is féidir pionós géar a ghearradh.

Grianghrafadóireacht

Ní cheadaítear grianghraif a ghlacadh d’fhoirgnimh rialtais, d’aerfoirt, de dhroichid, de shéipéil ná d’ionaid mhíleata. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé gur ionsaí cultúir é grianghraf a ghlacadh do dhuine, agus molfaimid duit a gcead a fháil ar dtús.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Báisteach agus tuilte

Leanann séasúr na báistí ó Shamhain go hAibreán. Is féidir le bóithre tánaisteacha a bheith dothrasnaithe ach amháin d’fheithiclí faoi thiomáint ceithre roth i rith na tréimhse seo. Bí ar an eolas faoi réamhfhaisnéis na haimsire go háitiúil agus pleanáil dá réir.

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar cheantair atá faoi thuilte, bí cinnte go bhfuil do dhóthain uisce le n-ól tugtha leat agat.

Crith talún

Tá an Mhaláiv lonnaithe i saincheantar seismeach agus tarlaíonn chreathanna talún anois agus arís – go háirithe i réigiún an tuaiscirt (Réigiún Karonga). Áirithe i measc sraith creathanna talún ansin in Nollaig 2009, bhí ceann a bhí méid 6.0, a d’fhág líon suntasach daoine maraithe nó gortuithe chomh maith le damáiste mór a dhéanamh do mhaoin. Bhuail crith talún a bhí méid 4.6 oirthear Phalombe, i réigiún an deiscirt, in Bealtaine 2012.

Is féidir le sciorradh talún a bheith mar thoradh ar chreathanna talún sna ceantair a dtarlaíonn siad. Is féidir le hiar-chreathanna láidre a bheith ann suas go dtí seachtain tar éis an chéad chrith.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Teastóidh pas, ticéad fillte, agus do dhóthain airgid uait chun dul isteach chun na Maláive. Má tá tú ag taisteal ar mhaithe le turasóireacht, d’idirthuras nó do ghnó ar feadh 30 lá nó níos lú, is féidir leat ceadúnas cuairteora a fháil ag na haerfoirt nó ar an teorainn sula dtagann tú isteach chun na tíre.

Cuimhnigh gur ortsa atá an fhreagracht as a chinntiú go gclúdóidh do cheadúnas an líon ceart laethanta do do chuairt. Má fhanann tú níos faide ná tréimhse an cheadúnais, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort teacht os comhair cúirte, fíneáil a íoc agus go ruaigfí tú amach as an tír.

Síneadh ama a chur le ceadúnas iontrála

Is féidir leat síneadh ama a chur faoi dhó, suas le 30 lá breise ar gach athnuachan, le do cheadúnas 30-lá, nó go dtéann sé in éag. Is féidir athnuachan a cheadú sna hoifigí inimirce in Lilongwe nó in Blantyre. Faoi láthair, tá rannóg inimirce na Maláive ag baint táille amach le gach síneadh ama a cheadaítear:

  • Ceadaítear ceadúnas cuairteora 30-lá (nó níos lú) ag aon chríochfort iontrála agus tá sé saor in aisce
  • Cosnaíonn iarratas chun síneadh 30 lá breise (nó níos lú) a chur le ceadúnas 5,000 MK
  • Cosnaíonn iarratas chun an dara síneadh 30 lá breise (nó níos lú) a chur le ceadúnas 5,000 MK

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chun síneadh ama a chur le do cheadúnas sula dtéann do cheadúnas in éag ach bíodh a fhios agat nach bhfuil aon bharántas go gceadófar d’iarratas.

Cuspóir na cuairte

Má tá tú ag iarraidh obair dheonach, staidéar nó taighde nó gnó a dhéanamh sa Mhaláiv ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá,  tá tú freagrach as an gcineál ceart víosa /ceadúnais a fháil ó Ard-Choimisiún na Maláive i Londain sula dtéann tú chun na Maláive.

Níl aon bharántas go gceadófar d’iarratas chun athrú a chur ar do rannóg inimirce (e.g. ó cheadúnas cuairteora nó víosa turasóra go dtí ceadúnas d’fhostaíocht shealadach).

Cuairteoirí reiligiúnacha

Más é do phríomhchúis chun cuairt a thabhairt ar an tír ná chun páirt a ghlacadh in imeachtaí reiligiúnacha (go deonach nó íoctha) ba chóir duit ceadúnas d’fhostaíocht shealadach a fháil, seachas ceadúnas cuairteora, tríd an eagraíocht nó an gnó atá ag déanamh urraíochta ort.

Chuir údaráis inimirce na Maláive fíneáil, ghabh siad agus ruaig siad eachtrannaigh a tháinig chun na Maláive gan víosa cuairteora ná ceadúnas cuairteora agus ansin a bhí páirteach in imeachtaí nach raibh ag teacht lena stádas turasóra, cosúil le gnó nó seirbhísí deonacha.

Is féidir le Ard-Choimisiún na Maláive i Londain comhairle a thabhairt faoi chineálacha eile riachtanas iontrála(lena n-áirítear oibrithe deonacha) agus na nósanna imeachta do chuairteanna níos faide.

Teastas vacsaínithe

Má tá tú ag teacht isteach chun na tíre ó thír a bhfuil an fiabhras buí inti, caithfidh tú teastas vacsaínithe maidir leis an bhfiabhras buí a iompar.

Sláinte

Ba chóir duit comhairle leighis a fháil sula dtéann tú chun na Maláive agus a chinntiú go bhfuil na vacsaíní cuí ar fad agat. Má thógann tú cógas leighis ar bhonn rialta, tabhair leat do dhotháin don tréimhse ama a bheidh tú a chaitheamh sa tír. Táimid ag comhairliú freisin nóta dochtúra nó fáltas cógaslainne a iompar ar a mbeidh d’oideas drugaí.

Saoráidí leighis

Bíonn na caighdeáin chúraim sláinte, go háirithe i gceantair faoin tuath, bocht go maith. Má bhíonn éigeandáil leighis i gceist, táimid ag moladh gur cheart aslonnú leighis a dhéanamh ar an othar chomh luath agus a bhíonn bail sheasmhach air/uirthi. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil árachas sláinte/taistil leormhaith agat sula dtéann tú chun na Maláive.

Maláire agus galair a iompraítear ar fheithidí

Baineann maláire leis an Mhaláiv. Sula dtéann tú ag taisteal, cuir ceist ar do dhochtúir faoi leigheas frith-mhaláire. Agus tar éis duit teacht chun na tíre, tóg réamhchúraim ionas nach mbainfidh na corrmhíolta greim asat, trí líontáin leapan agus éarthaigh a úsáid, agus trí bhróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh.

Má fhaigheann tú tinn le fiabhras nó tinneas a bheadh cosúil leis an bhfliú, nuair a bhíonn tú ag taisteal i gceantar atá i mbaol ó mhaláire, nó laistigh d’achar bliana tar éis filleadh abhaile, faigh cóir leighis láithreach agus inis do stair taistil do do dhochtúir agus faoi na cógais leighis in aghaidh na maláire a bhí tú a thógáil.

Maireann cuileoga tsetse, a iompraíonn tinneas, i bPáirc Náisiúnta Kasungu.

Sisteasóimiáis (bilharzia)

Tá sisteasóimiáis ar fáil sa gcuid is mó de lochanna agus d’aibhneacha na Maláive, lena n-áirítear Loch na Maláive. Is éard is cúis leis an ngalar ná leithphéist trópaiceach atá le fáil san uisce agus atá seadánach sa duine daonna. Táimid ag comhairliú gan snámh a dhéanamh, ná siúl ná folcadh a thógáil in uisce locha nó abhann.

VEID agus SEIF

Tá ráta ard ionfhabhtaithe VEID agus SEIF sa Mhaláiv. Ba chóir duit na réamhchúraim chuí a dhéanamh chun teorainn a chur leis an mbaol tarchuir trí theagmháil fola nó gnéis.

Tinneas gastrach

Is féidir le ráigeanna d’ionfhabhtuithe stéigeacha gastracha agus calar tarlú, go speisialta i rith séasúr na báistí (Samhain go hAibreán). 

Is féidir le buinneach agus tinnis eile a thagann ó bhia, a bheith ina bhfadhb i measc lucht taistil. Seachain uisce sconna, leac oighir, agus torthaí agus glasraí úra. Molfaimid uisce as buidéal a úsáid le n-ól agus chun bia a ullmhú.

Confadh

Tá confadh i ngach ceantar sa Mhaláiv agus ba chóir duit teagmháil le madraí a sheachaint. Ní chaitear le madraí mar pheataí agus is féidir leo a bheith olc.   

Airgead

Airgeadra eachtrach

Tá rialacha diana faoi airgeadra eachtrach agus Kwacha na Maláive a thabhairt amach as an tír.

Ní féidir leat níos mó ná $2,000 USD (nó a chomhionann in airgeadra eachtrach) a thógáil amach as an Mhaláiv, murar thug tú dearbhú faoin tsuim nuair a tháinig tú isteach chun na tíre nó mura bhfuil cead agat ó bhanc na Maláive chun ceannach an airgeadra eachtraigh a dheimhniú.

Airgead/baincéireacht

Ní ghlactar go forleathan le cártaí creidmheasa sa Mhaláiv, mar sin moltar duit seiceanna taistil nó airgead tirim a úsáid ina n-áit. Is féidir airgead a mhalartú ag na haerfoirt, na bainc nó ag na bureaux de change tráchtála. Glacfaidh roinnt inneall ATM le cártaí idirnáisiúnta víosa, ach bíodh a fhios agat nach bhfuil mórán innill ATM lasmuigh de na príomhionaid uirbeacha agus gur minic a bhíonn innill ATM as ord.

Embassy contact

Embassy Contact

Outside of office hours, the emergency contact for the Embassy is + 265 888 207 543.

Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at + 353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
3rd Floor, Arwa House
Area 14
Lilongwe City Centre
Malawi

Tel: +265 985 936 610

Monday - Thursday: 07:30 - 12:00 and 13:30 - 16:30; Friday: 07:30 - 12:30

Contact us