DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Namaib, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Namaib

Má tá tú ag taisteal chun na Namaibe, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Namaib nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Namaib sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa Namaib, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Lusaka sa tSaimbia má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht sa Namaib íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Bíonn formhór na gcuairteanna ar an Namaib saor ó thrioblóid ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh le coireanna ar nós mugálacha agus goid carranna a sheachaint:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Ná téigh isteach i mbailecheantair san oíche mura bhfuil duine le heolas áitiúil i do chomhluadar
  • Fan le do ghrúpa/threoraí agus tú ar cuairt chuig páirceanna agus tailte cosanta géim

Coiriúlacht thromchúiseach

Tá an leibhéal de choiriúlacht fhoréigneach sráide a bhfuil tionchar aige ar thurasóirí eachtracha i Windhoek ag dul i méid, fiú sa lá, le buíonta ag déanamh ar fheithiclí ag crosbhealaí gnóthacha bóthair. Coinnigh doirse ar charranna faoi ghlas agus fuinneoga dúnta i gcónaí chun tú féin a chosaint.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa Namaib, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Lusaka má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa Namaib, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Nuair atá tú ag tiomáint lasmuigh de bhailte, is féidir le fiadhúlra agus beostoc fánach a bheith an-chontúirteach, go háirithe san oíche. Más mian leat a bheith ag tiomáint, lean na treoracha bunúsacha seo:

  • Tabhair leat do ceadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Namaibe, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Déan cinnte go bhfuil céannacht ar iompar agat, mar go n-iarrfar ort é a thaispeáint ag seicphointí rialta ar bhóithre
  • Fan ar na bealaí a thaistealaítear go minic má tá tú ag tiomáint Bealach Caprivi
  • Ná húsáid fón póca agus tú ag tiomáint

Tacsaithe

Moltar duit gan tacsaithe a fhaightear ar an tsráid a úsáid. Iarr ar dhuine san áit a bhfuil tú ag fanacht ann glaoch a chur ar chuideachta iontaofa ar do shon.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Is cionta coiriúla iad drugaí a thógáil agus/nó smuigleáil drugaí sa Namaib agus tá na pionóis dian.

Céannacht phearsanta

Bíodh céannacht ar iompar i gcónaí agat – is leor fótachóip den leathanach iomchuí de do phas.

Homaighnéasachas

Tá homaighnéasachas dleathach.

Grianghrafadóireacht

Cé nach bhfuil aon rialacha foirmeálta a dhéanann grianghrafadóireacht a theorannú i bhfoirgnimh phoiblí, bí cúramach. Má tá foirgneamh á chosaint ag an arm nó ag póilíní, seiceáil leo sula dtógann tú grianghraf.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Weather text removed

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Namaibe, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid na Namaibe.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Namaibe.

Saoráidí liachta

Tá saoráidí liachta go maith ach d'fhéadfaí go mbeifí ag súil go n-íocfá as cóireáil roimh ré, fiú má tá árachas agat. Déan cinnte go bhfuil coinníollacha do pholasaí árachais ar eolas go hiomlán agat agus an clúdach atá ar fáil dá bhfaighfeá tinn nó dá mbeifeá i dtimpiste agus tú sa Namaib. 

Tá maláire, confadh agus calar coitianta sa Namaib agus tá riosca tromchúiseach ag baint leo don tsláinte. Tuairiscítear gur i réigiún Kunene a tharla an ráig calair is déanaí (Éan 2014). Ní mór cúram breise a dhéanamh má táthar ag taisteal chuig an réigiún sin.

Uisce

Níor chóir duit ach uisce fiuchta nó buidéalaithe a ól agus a úsáid. Má fhaigheann tú an bhuinneach agus tú sa Namaib, faigh cúram liachta láithreach.

VEID agus SEIF

Tá VEID agus SEIF coitianta sa Namaib agus meastar go bhfuil sé i láthair i 13.1% den daonra daoine fásta.

Airgead

Tá Dollar na Namaibe nasctha le Rand na hAfraice Theas ar airgead dlítháirgthe freisin é sa Namaib.

Embassy contact

Embassy Contact

As there is no Irish Embassy in Namibia, we are limited in the help we can offer you in an emergency. However, if you need assistance, you can contact the Irish Embassy in Lusaka, Zambia. Outside of office hours, emergency contacts can call the Embassy in Lusaka at +260 77 1387 887.
Alternatively, you may contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 1 408 2000.
The main contact details for the Embassy can be found below:

Embassy of Ireland
6663 Katima Mulilo Road
PO Box 34923
Lusaka
Zambia

Tel: +260 21 1426 900

Opening Hours: Monday – Thursday 08:00 to 16:30; Friday 08:00 to 12:30