Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Nigéir

Má tá tú ag taisteal chun na Nigéire, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá turas chun na Nigéire á bheartú agat, moltar duit a bheith thar a bheith cúramach.

An foláireamh taistil is déanaí

Presidential, parliamentary and state elections will take place on 14 and 28 February. Travellers to Nigeria should be particularly careful during this time and should completely avoid public gatherings. Be aware that there may be a complete restriction on movement during the 14 and 28 February polling days.

Slándáil

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála do GACH saoránach de chuid na hÉireann atá ag taisteal chun na Nigéire nó ina gcónaí inti, lena n-áirítear cuideachtaí Éireannacha a thugann cuairt go rialta ar Lagos agus Abuja, a gcuid mionsonraí a chlárú ar líne.

Moltar gan taisteal chor ar bith chuig na stáit seo a leanas:

  • Adamawa state
  • Bauchi state
  • Borno state
  • Gombe state
  • Kaduna state
  • Kano city
  • Yobe state
  • The coastal and river areas of the Niger Delta states (Akwa, Ibom, Bayelsa, Delta, Cross River and Rivers states).

Chomh maith leis sin, moltar gan taisteal chuig na stáit seo a leanas ach amháin mura bhfuil sé riachtanach:

  • Abia state
  • Akwa Ibom state
  • Bayelsa state
  • Kaduna state
  • Kano state
  • Katsina state
  • Kebbi state
  • Sokoto state,
  • The city of Jos in Plateau state.

Moltar do shaoránaigh de chuid na hÉireann atá ina gcónaí sa Nigéir, mar gheall ar shraith ionsaithe buamála le gairid i gcathracha Abuja, Kano, Kaduna agus Lagos, áiteanna atá plódaithe agus nach bhfuil aon slándáil ar nós margaí, pláis, séipéil, moscanna, carrchlóis agus ‘beáir mhongaigh’ a sheachaint go hiomlán.

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála faoi láthair do shaoránaigh na hÉireann taisteal nach bhfuil riachtanach a sheachaint agus iad ag taisteal chun na Nigéire agus moltar do GACH saoránach de chuid na hÉireann atá ag taisteal chun na Nigéire nó ina gcónaí inti, lena n-áirítear cuideachtaí Éireannacha a thugann cuairt go rialta ar Lagos agus Abuja, a gcuid mionsonraí a chlárú ar líne.

Do gach limistéar eile, moltar duit na gnáth réamhchúraimí slándála a ghlacadh, agus réamhchúraimí breise a ghlacadh má tá tú ag taisteal san oíche agus do chuid mionsonraí a chlárú ar líne.

Ebola

An 20 Deireadh Fómhair 2014, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh an Nigéir saor ó tharchur an víris Ebola.  Tá oifigigh áfach, ag seiceáil teocht choirp na dtaistealaithe a shroicheann na hAerfoirt Idirnáisiúnta sa Nigéir, agus ag déanamh monatóireachta ar thaistealaithe maidir le comharthaí an víris.

Tá caighdeán an chúraim leighis atá ar fáil sa Nigéir go dona. Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a fháil a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, lena n-áirítear aslonnú liachta, roimh thaisteal chun na Nigéire. Ba chóir duit seiceáil a dhéanamh maidir le haon eisiaimh agus, go háirithe, a sheiceáil go gclúdaíonn do pholasaí tú ó thaobh aon ghníomhaíochtaí ar mian leat tabhairt fúthu. Ba chóir do thaistealaithe a thabhairt ar aird nach soláthraíonn Rialtas na hÉireann maoiniú le haghaidh aisdúichiú éigeandála liachta nó le haghaidh aisdúichiú taisí daonna.

Tá bagairt mhór ó sceimhlitheoireacht intíre i bpáirteanna den Nigéir, go háirithe sna stáit sa tuaisceart agus i gceantar Deilte na Nigéire. D’fhéadfadh foréigean áitiúil briseadh amach freisin, a bhíonn ceangailte le corraíl shibhialta go minic, aighneas maidir le talamh agus le toghcháin áitiúla agus d’fhéadfadh sé go dtarlódh siad sin ar bheagán fógra. Moltar duit sluaite móra, léirsithe agus bailiúcháin pholaitiúla a sheachaint. D’fhéadfadh sé go leanfadh cuirfiúnna áitiúla a fhorchuireann na húdaráis go tapa briseadh amach den sórt sin go minic. Ba chóir do thaistealaithe chun na Nigéire na fachtóirí sin a thabhairt ar aird agus cluas a thabhairt go cúramach don nuacht áitiúil roimh thaisteal chun na Nigéire.

Bíonn báisteach throm sa Nigéir le linn shéasúr na báistí (Meitheamh – Meán Fómhair) agus d’fhéadfadh sé go dtarlódh maidhm thuile. Bíonn baol níos mó ann ó ghalar uisce-iompartha le linn shéasúr na báistí.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an Nigéir nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Ba chóir do shaoránaigh atá ag taisteal ar ghnó riachtanach, nó iad sin atá ina gcónaí sa Nigéir faoi láthair a mionsonraí a chlárú.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Nigéir sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Abuja nó leis an gConsal Oinigh i Lagos.  

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt mhór ón sceimhlitheoireacht intíre sa Nigéir. Feidhmíonn líon grúpaí sa Nigéir, lena n-áirítear, Boko Haram, ceannaircí gan mórán eagrú atá freagrach as líon mór ionsaithe. Bhí sraith ionsaithe buamála i gcathracha Abuja, Kaduna, Kano agus Lagos idir mhí na Bealtaine agus mhí Iúil na bliana 2014, agus maraíodh go leor daoine. Tá sé sin sa bhreis ar ionsaithe ar bhonn rialta ar chathracha agus ar shráidbhailte i stáit thoir thuaidh Borno agus Yobe.

Is féidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta intíre a bheith neamh-idirdhealaitheach agus d’fhéadfadh na hionsaithe a bheith dírithe ar thargaidí éagsúla, lena n-áirítear institiúidí rialtais, slándála agus oideachais, eagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith le bialanna, beáir, margaí, ionaid siopadóireachta, ionaid adhartha. Ba chóir do thaistealaithe chun na Nigéire réamhchúraim a ghlacadh, aird chúramach a thabhairt ar nuacht áitiúil agus a bheith ullmhaithe lena gcuid pleananna taistil a athrú ar bheagán fógra.

Mar gheall ar an mbagairt ón sceimhlitheoireacht intíre, níor chóir duit taisteal, ar chúinse ar bith, chuig stáit thoir thuaidh Borno agus Yobe (áit a bhfuil staid éigeandála i bhfeidhm) ná chuig stáit chomharsanachta Bauchi agus Gombe. (Chun é sin a chur i gcomhthéacs, tá an t-achar ó chathair Damatru in Yobe chuig Lagos thart ar 1425 km, agus tá an t-achar ó chathair Maiduguri i stáit Borno chuig Abuja thart ar 815 km. Is ionann an t-achar ó Chionn Mhálanna chuig Carn Uí Néid agus 668 km.)

Mar gheall ar dhúshláin bhreise slándála sa tuaisceart, molaimid gan taisteal chuig stáit Katsina, Kaduna, Kano, Kebbi agus Sokoto mura bhfuil géarghá leis agus cathair Kano a sheachaint mar gheall ar ionsaithe buamála le gairid. Má tá gnó atá ríthábhachtach agat sna stáit sin, agus i státchathair Jos i Plateau, moltar duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Abuja tamall maith roimh do thuras.

Coiriúlacht

Tá coireanna foréigneacha, lena n-áirítear mugálacha, fuadach, fuadach carranna agus robáil armtha forleathan ar fud na Nigéire agus moltar go láidir do shaoránaigh na hÉireann atá ag taisteal sa Nigéir réamhchúraimí a ghlacadh, lena n-áirítear gan cuma an rachmais a bheith orthu. Ba chóir duit a bheith cúramach freisin laistigh de chathracha nuair a éiríonn sé dorcha, bóithre den dara grád agus ceantair nach bhfuil an trácht trom iontu a sheachaint. Ba chóir taisteal le linn na hoíche ar imeall cathracha agus bailte a sheachaint freisin. Moltar duit a bheith thar a bheith airdeallach le linn duit a bheith ag fanacht i bplódú tráchta nó ag soilse tráchta san oíche. Coinnigh fuinneoga agus doirse an chairr faoi ghlas agus ná bíodh nithe luachmhara le feiceáil.

Fuadach

Tá baol mór ó thaobh fuadach sa Nigéir do thaistealaithe ón iarthar, go háirithe dóibh siúd atá ag obair in earnálacha gáis agus ola. Is buíonta coiriúlachta a thugann faoi fhuadach sa Nigéir ar mhaithe le cúiseanna airgid, go háirithe i ndeisceart na tíre. Tharla líon beag fuadach a bhaineann le polaitíocht i dtuaisceart na tíre freisin le bliain anuas. Moltar gan taisteal chuig ceantair chósta agus abhann sna stáit ‘theas’ (stáit Delta agus Abhann Abia, Akwa Ibom, Bayelsa) agus chuig cathair Warri i stát Delta faoi láthair.

Moltar do thaistealaithe ón iarthar chun na Nigéire réamhchúraimí ar leith a thógáil le fuadach a sheachaint, lena n-áirítear:

  • Taisteal san oíche a sheachaint, go háirithe idir chathracha
  • Taisteal aonair a sheachaint
  • A chinntiú go bhfuil doirse go léir an chairr faoi ghlas nuair atáthar ag tiomáint
  • Bealaí agus amanna fágála difriúla a roghnú – patrúin a d’fhéadfaí a leanúint a sheachaint
  • Aird chúramach a thabhairt ar na meáin áitiúla i ndáil le tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le fuadach
  • Bíodh ainm agus uimhir theileafóin an duine atá do bhailiú ón Aerfort agat.

Sábháilteacht mhuirí

Rinneadh robálacha armtha agus ionsaithe fuadaigh ar longa a bhí ar ancaire in uiscí na Nigéire, chomh maith le haibhneacha agus calafoirt i nDeilt na Nigéire. Moltar do mhairnéalaigh a bheith aireach le linn dóibh a bheith sna limistéir sin agus a chinntiú go bhfuil plean teagmhais ag a bhfostóir sa chás go dtarlódh aon ní mar sin.

Taisteal Áitiúil

 Tá drochbhail ar an gcuid is mó de na bóithre sa Nigéir agus tá go leor acu gan pábháil, gan mharc agus gan soilse sráide. Is minic go mbíonn droch-chothabháil déanta ar bhóithre idir chathracha, go háirithe. Is féidir le tiománaithe áitiúla a bheith níos míchúramaí ná mar a bhíonn tiománaithe in Éirinn agus dá réir sin moltar a bheith thar a bheith cúramach le linn a bheith ag taisteal ar bhóithre sa Nigéir.

Tá líon ard seicphointí feithicle údaraithe agus neamhúdaraithe ar fud na Nigéire. Is do sheiceálacha slándála cuid acu agus ar mhaithe le híocaíochtaí beag airgid a fháisceadh as daoine atá cuid eile ann. Ba chóir duit moilliú ag aon chineál seicphointe agus a bheith ciallmhar i gcónaí. Tagann ardú ar líon na seicphointí sin san oíche.

Tá contúirt ag baint le hiompar poiblí agus moltar gan é a úsáid. Ní bhíonn tacsaithe ná busanna fad-achair coinnithe go maith agus cuireann taistealaithe a mbaineann úsáid astu iad féin i mbaol ó ghoid nó ó ionsaí ón tiománaí nó ó phaisinéirí eile. Ba chóir do thaistealaithe a chinntiú, go háirithe, go bhfuil réamhshocrú déanta acu maidir le taisteal ón aerfort sula dtaistealaíonn siad chun na Nigéire agus ba chóir dóibh iompar poiblí ó aerfoirt a sheachaint. Bí cinnte go bhfuil ainm agus uimhir theileafóin an duine atá do bhailiú ag an Aerfort agat.

Sábháilteacht Aeir

Cé go bhfuil tubaistí aeir, ar nós timpiste Dana Air i Lagos a tharla i mí an Mheithimh na bliana 2012, nuair a maraíodh an 153 duine a bhí ar bord, neamhchoitianta, ba chóir do shaoránaigh na hÉireann na himpleachtaí maidir lena gcuid slándála agus sábháilteachta a mheas go cúramach sula ndéanann siad cinneadh tabhairt faoi thaisteal aeir intíre. Ba chóir do thaistealaithe a thabhairt ar aird go gcuirtear eitiltí intíre ar ceal ar bheagán fógra go minic agus ba chóir do thaistealaithe smaoineamh ar eitiltí idirnáisiúnta díreach chun na Nigéire a thógáil, seachas taisteal aeir intíre.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Tá víosa riachtanach do náisiúnaigh Éireannacha le taisteal chun na Nigéire. Ní féidir víosaí don Nigéir a fháil ag an teorainn agus ní mór iad a fháil roimh thaisteal. Ní féidir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála comhairle a chur ar náisiúnaigh Éireannacha maidir le riachtanais iontrála chun na Nigéire - moltar do thaistealaithe a bhfuil súil acu taisteal chun na Nigéire teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid/Consalacht/Ard-Choimisiún de chuid na Nigéire is gaire dóibh.

NÍ MÓR do thaistealaithe chun na Nigéire vacsaín bailí in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí a bheith faighte acu agus Leabhrán Vacsaínithe in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí, ceadaithe ag An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) a bheith acu.

Is poblacht chónaidhme í an Nigéir atá roinnte i 36 stát agus Críoch Chónaidhme Príomhchathrach. Tá údarás ag an Rialtas Cónaidhme maidir le saincheisteanna áirithe ar fud na tíre agus tá údarás ag na Rialtais Stáit maidir le saincheisteanna eile. Is fórsa póilíneachta náisiúnta cónaidhme é Fórsa Póilíneachta na Nigéire.

Tá coinníollacha i bpríosúin agus i saoráidí coinneála na Nigéire go mór faoi na caighdeáin atá i bhfeidhm in Éirinn agus d'fhéadfadh siad a bheith thar a bheith gránna.

Tá homaighnéasachas neamhdhleathach faoi dhlí cónaidhme na Nigéire. D'fhéadfadh pianbhreitheanna choinneála de suas go 14 bliain phríosúnachta a bheith mar thoradh ar ionchúiseamh.

D’fhéadfadh pianbhreitheanna príosúin atá trom a bheith mar thoradh ar chionta a bhaineann le drugaí sa Nigéir.

Tá sé in aghaidh an dlí grianghraif d’fhoirgnimh rialtais a thógáil agus d’fhéadfadh coinneáil a bheith mar thoradh air.

Tá sé in aghaidh an dlí ealaín Afracach, go háirithe seandachtaí a onnmhairiú ón Nigéir gan údarú i scríbhinn Roinn na Seaniarsmaí.

Coinníonn an Nigéir pionós an bháis go foirmiúil do líon cionta.

An Dlí Sharia

Tá glactha ag líon stát i dTuaisceart na Nigéire, ar Mhoslamaigh an chuid is mó acu, le dlí Sharia. Is iad sin: Zamfara, Sokoto, Kano, Niger, Katsina, Bauchi, Borno, Jigawa, Kebbi agus Yobe. Is ionann Dlí Sharia agus corpas dlí agus cód morálta Ioslámach. D’fhéadfadh pionóis do Mhoslamaigh a chiontaítear faoin Dlí Sharia i dtuaisceart na Nigéire a bheith thar a bheith dian, go háirithe do chionta ar nós gadaíocht agus adhaltranas. Sá chás go bhfuil gnó ríthábhachtach le déanamh ag taistealaithe sna stáit sin, ba chóir dóibh a bheith coimeádach ó thaobh gléasadh agus moltar do mhná a gceann, a gcosa agus a lámha a chlúdach. Tá sochaí na Nigéire thar a bheith diaganta agus ba chóir go mbeadh meas ag taistealaithe chuig gach páirt den Nigéir ar thraidisiúin reiligiúnach áitiúla agus gan cur as do mhothálacht áitiúil.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tá aeráid na Nigéire trópaiceach, a athraíonn óna thránna bogthais sa deisceart go fásach te an tuaiscirt. Is féidir le teochtaí a bheith idir 21°C go 44°C. Tá ceantair arda na tíre ar nós ardchlár Jos níos fionnuaire agus níos fliche. Ag tógáil an ardteocht san áireamh, éiríonn taistealaithe chun na Nigéire díhiodráithithe go minic agus moltar do thaistealaithe soláthar uisce óil a iompar i gcónaí.

Ritheann séasúr na báistí sa Nigéir ó Mheitheamh-Samhain le roinnt éagsúlachtaí réigiúnacha. Bíonn sé ag báisteach beagnach gach lá le linn shéasúr na báistí agus éiríonn na bóithre dothrasnaithe agus is féidir le maidhm thuile tarlú trasna na tíre mar thoradh air sin mar nach mbíonn ar chumas an chórais draenála déileáil leis.

Dá réir sin moltar do thaistealaithe a bheith thar a bheith cúramach le linn shéasúr na báistí.

Eolas Breise

Sláinte

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a fháil a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, lena n-áirítear aslonnú liachta, roimh thaisteal chun na Nigéire. Ba chóir duit seiceáil a dhéanamh maidir le haon eisiaimh agus, go háirithe, a sheiceáil go gclúdaíonn do pholasaí tú ó thaobh aon ghníomhaíochtaí ar mian leat tabhairt fúthu.

Ba chóir do thaistealaithe a thabhairt ar aird nach soláthraíonn Rialtas na hÉireann maoiniú le haghaidh aisdúichiú éigeandála liachta nó le haghaidh aisdúichiú taisí daonna.

Ebola:

Tá ráig den ghalar víris Ebola deimhnithe i Siarra Leon, sa Ghuine agus sa Libéir agus fuair líon beag daoine bás sa Nigéir. Le tuilleadh mionsonraí a fháil maidir leis an ráig seo den ghalar Ebola, féach láithreán gréasáin na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an léarscáil seo a thaispeánann na ceantair a bhfuil an galar iontu. Tá coraintín curtha i bhfeidhm ag Rialtas Stáit Lagos sa First Consultants Hospital tar éis do shaoránach de chuid na Libéire bás a fháil leis an víreas. Tá sé tugtha le tuiscint go bhfuil Oifigigh ag Aerfoirt Idirnáisiúnta sa Nigéir ag déanamh monatóireachta ar thaistealaithe ó thaobh siomptóim den víreas. Níl aon bhaol suntasach ó thaobh ionfhabhtaithe ann do shaoránaigh Éireannacha nach bhfuil ag obair laistigh de shaoráidí sláinte nó nach bhfuil baint dhíreach acu le cóireáil a chur ar othair Ebola.

Tá saoráidí liachta thar a bheith bunúsach sa chuid is mó den Nigéir agus tá an leibhéal cúraim liachta an-teoranta fiú sna lárionaid daonra ollmhóra, agus de ghnáth ní mór íocaíocht a dhéanamh sula bhfaigheann tú aon chóiríocht. Dá réir sin bíonn gá le haisdúichiú liachta chun na hEorpa nó chun na hAfraice Theas go minic d’aon ní atá níos tromchúisí ná miontimpiste nó mionbhreoiteacht. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil árachas taisteal agus liachta cuimsitheach agat a chlúdaíonn go hiomlán aisdúichiú liachta ón Nigéir.

Moltar do thaistealaithe chun na Nigéire dul i gcomhairle leis an Dochtúir Teaghlaigh (GP) agus comhairle liachta a fháil roimh thaisteal. Is galar coitianta sa Nigéir í an Mhaláire agus is féidir léi bheith ina cúis báis gan cóir leighis. Ba chóir duit breithniú a dhéanamh ar labhairt le do GP maidir le próifiolacsas maláire a fháil roimh thaisteal. D’fhéadfadh úsáid a bhaint as sprae frithfheithide an baol ó thaobh maláire a fháil a laghdú.

Tugann liachleachtóirí comhairle do thaistealaithe go minic líon mór vacsaínithe a fháil nach mbeadh riachtanach de ghnáth in Éirinn. Tá vacsaín in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí agus Leabhrán Vacsaínithe bailí in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí, ceadaithe ag An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), riachtanach le dul isteach sa Nigéir – tá taistealaithe nach bhfuil ar a gcumas fianaise a sholáthar maidir le vacsaín in aghaidh an Fhiabhrais Bhuí faoi dhliteanas díbeartha ag Seirbhís Inimirce na Nigéire.

Tá HIV/AIDS forleathan agus ba chóir do thaistealaithe réamhchúraimí cuí a ghlacadh. Tá baol mór i dtuaisceart na Nigéire freisin maidir le hionfhabhtú póilió. Bíonn ráigeanna calar agus bruitíneach ar fud na tíre ar bhonn rialta.

Fadhb mhór sa Nigéir iad galair uisce-iompartha. Moltar duit soláthar uisce glan as buidéal a bheith i do sheilbh i gcónaí.

Baincéireacht

Is geilleagar atá bunaithe den chuid is mó ar airgead tirim í an Nigéir. Is glacadh teoranta atá le cártaí creidmheasa agus le cártaí dochair sna cathracha móra agus ní minic a ghlactar leo sa chuid eile den tír. Ní féidir slándáil ATMnna sa Nigéir a ráthú.

Ba chóir do thaistealaithe dóthain airgead tirim a thabhairt leo le caiteachas an t-achar a bheidh siad sa Nigéir a chlúdach. Tá srianta i bhfeidhm maidir leis an méid airgid tirim is féidir a thabhairt isteach sa tír agus ba chóir do thaistealaithe na riachtanais is deireanaí a fhíorú le hAmbasáid/Consalacht/Ard-Choimisiún na Nigéire áitiúil roimh thaisteal. Is é dollar na Stát Aontaithe an t-airgeadra eachtrach is mó a ghlactar leis.

Sceamáil Ríomhphoist

Ba chóir do náisiúnaigh Éireannacha a bheith ar an eolas maidir leis an mbaol atá ann ó sceamáil ríomhphoist agus teachtaireacht téacs. Baintear úsáid as sceamáil le híospartaigh a mhealladh le hairgead a thabhairt ar láimh. Mar shampla, feidhmíonn roinnt coirpeach trí láithreáin idirlín, ag cruthú muiníne leis na híospartaigh thar thréimhse ama sula gcuireann siad in iúl go bhfuil siad i dtrioblóid agus go dteastaíonn airgead uathu ar bhonn práinne. Tá tuilleadh eolais áisiúil maidir le Calaois Réamhtháillí san Afraic Theas ar fáil ó láithreán gréasáin Economic and Financial Crimes Commission na Nigéire: Ar mhaithe le cúiseanna slándála chomh maith le cúiseanna tráchtála, ba chóir do lucht gnó atá chun taisteal chun na Nigéire arna n-óstáil ag comhpháirtí nua áitiúil cúlra an chomhpháirtí a sheiceáil sula dtugann siad a gcuid socruithe chun críche.