DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSeapáin, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSeapáin

Má tá tú ag taisteal chun na Seapáine, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun na Seapáine

Tá roinnt riachtanais iontrála tugtha isteach ag an tSeapáin mar fhreagairt ar COVID-19. Féach ar an méid thíos chun teacht ar eolas mionsonraithe maidir le srianta agus riachtanais iontrála.

Riachtanais COVID-19:

  • Caithfidh gach paisinéir atá ag dul isteach sa tSeapáin cruthúnas ar vacsaíniú in aghaidh COVID-19 tástáil PCR dhiúltach a rinneadh laistigh de 72 uair an chloig sula bhfágfaidh siad a thaispeáint. Go ginearálta, teastaíonn trí instealladh vacsaínithe (nó dhá cheann sa chás gur JCOVDEN/Janssen a bhí i gceist le ceann amháin dóibh ar a laghad) chun dul isteach. Ní cheadófar do dhaoine nach bhfuil ábalta cruthúnas ar vacsaíniú nó tástáil PCR a thaispeáint dul isteach sa tír. Féach ar shuíomh gréasáin Ambasáid na Seapáine i mBaile Átha Cliath chun teacht ar thuilleadh sonraí maidir le riachtanais vacsaínithe agus/nó tástála PCR. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin Aireacht Sláinte, Leasa agus Saothair na Seapáine.
  • Maidir le riachtanais iontrála COVID-19, rangaítear tíortha/réigiúin dearg, gorm nó buí agus tá riachtanais tástála agus coraintín ann ag brath ar stair taistil agus stádas vacsaínithe an duine. Tá Éire rangaithe mar thír sa chatagóir ‘gorm’. Ciallaíonn sé seo nach n-éillítear ar dhaoine atá ag dul isteach/ag filleadh ar an tSeapáin ó Éire tabhairt faoi thástáil arna theacht isteach nó faoi choraintín baile.
  • D’fhéadfadh go mbeadh ar phaisinéirí ó thíortha eile seachas Éirinn, nó daoine a chaith am i dtíortha eile sa 14 lá sular thaistil siad (seachas a bheith ag taisteal trí aerfort ar an tslí chuig an tSeapáin), tabhairt faoi thástáil COVID-19 agus coraintín nuair a théann siad isteach sa tír. Féach ar shuíomh gréasáin na hAireachta Gnóthaí Eachtracha chun teacht ar eolas maidir le rangú reatha tíortha/réigiún.
  • Ar theacht isteach dóibh, iarrfar ar chuairteoirí ar an tSeapáin síniú a chur le gealltanas scríofa a cheanglaíonn gach duine a thagann isteach cloí le haon rialacha coraintín agus féin-leithlisithe ábhartha, ceistneoir sláinte ar líne a chomhlíonadh agus cód QR a fháil lena thaispeáint agus iad ag teacht isteach. Tá tuilleadh eolais ar chóras ‘mear’ MySOS maidir le nósanna imeachta a chur i gcrích ar theacht isteach duit le fáil ar an suíomh gréasáin MHLW seo.
  • Féach ar shuíomhanna gréasáin na hAireachta Gnóthaí Eachtracha agus Na hAireachta Sláinte, Saothair agus Leasa chun teacht ar tuilleadh eolais maidir leis na nósanna imeachta reatha maidir le coraintín.
  • Ní bhaineann na srianta iontrála reatha le paisinéirí atá ag taisteal trí aerfort sa tSeapáin agus nach gá dóibh dul tríd an bpróiseas imirce. Ba cheart duit cloí le haon bhearta scagtha breise atá curtha i bhfeidhm ag na húdaráis agus na riachtanais iontrála is déanaí a bhaineann le do cheann scríbe deiridh a sheiceáil. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil aon tionchar aige seo ar do chuid taistil, déan teagmháil le d’aerlíne.
  • Ba cheart do dhaoine atá ag taisteal chuig an tSeapáin iad féin a chur ar an eolas maidir leis an treoir áitiúil i leith masc a chaitheamh. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin Aireacht Sláinte, Saothair agus Leasa na Seapáine.

Riachtanais Víosa:

  • Tá comhaontú tarscaoilte víosaí idir Éirinn agus an tSeapáin a cheadaíonn do shaoránaigh Éireannacha ar mhian leo taisteal chuig an tSeapáin i gcomhair tréimhse fanachta gearrthéarmach teacht isteach sa tír gan víosa a fháil roimh ré. Ceadaíonn tréimhse fanachta ghearrthéarmach do shaoránaigh Éireannacha fanacht ar feadh suas le 90 lá ar an gcéad uair. Is féidir le saoránaigh Éireannacha ar mhian leo fanacht ar feadh suas le 6 mhí cur isteach ar shíneadh na tréimhse fanachta leis an Aireacht Dlí agus Cirt (An Biúró Imirce Réigiúnach), sula n-éagfaidh an chéad 90 lá.
  • Ba cheart do shaoránaigh Éireannacha ar mhaith leo níos mó na 6 mhí a chaitheamh sa tSeapáin nó atá ag taisteal chun na Seapáine chun post a ghlacadh, gairm nó post eile a chleachtadh, nó dul i ngleic le haon siamsaíocht phoiblí (lena n-áirítear spórt) ar chúiseanna a bhaineann le híocaíocht, nó a bhfuil aon amhras orthu maidir lena n-incháilitheacht le haghaidh tarscaoileadh víosa, féachaint ar shuíomh gréasáin Ambasáid na Seapáine i mBaile Átha Cliath (agus teagmháil a dhéanamh leo más gá) maidir le riachtanais víosa.

Molaimid do gach saoránach Éireannach sa tSeapáin a gcuid sonraí a chlárú ar ár dtairseach um Chlárúchán Saoránach ar mhaithe le teachtaireachtaí a fháil ó Ambasáid na hÉireann i dTóiceo maidir leis an gcás reatha.

Is féidir an Ambasáid a leanúint ar na meáin shóisialta chun nuashonruithe a fháil (Twitter: @IrishEmbJapan agus Facebook

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá eolas maidir le cás COVID-19 sa tSeapáin le fáil ar an Táb um ‘Eolas Breise’.

Tá an tSeapáin suite i limistéar gníomhach creathanna talún agus tarlaíonn creathanna talún ar mhéideanna difriúla go rialta ar fud na tíre, agus bíonn rioscaí súnámaí agus brúchtaí bolcánacha ann chomh maith. Féach ar an roinn Tubaistí Nádúrtha agus Aeráide chun teacht ar thuilleadh eolais le do thoil.

Bíonn riosca tuilte agus sciorraí talún sa tSeapáin, go háirithe le linn an tséasúir tíofún (Meitheamh-Deireadh Fómhair), agus ba cheart duit comhairle na n-údarás áitiúil a leanúint i gcónaí agus súil a choimeád ar nuashonruithe ar na meáin áitiúla. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais i mBéarla atá suas chun dáta maidir le haimsir agus creathanna talún ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Meitéareolaíochta na Seapáine.

Leanann Rialtas na Seapáine orthu ag coinneáil limistéir leithlisithe gar do shuíomh Stáisiún Núicléach Fukushima Daiichi. Is féidir pionós a ghearradh ar dhaoine a théann isteach sna limistéir seo go mídhleathach. Féach ar thuilleadh eolais ábhartha sa roinn Tubaistí Nádúrtha.

Féadfaidh imeachtaí polaitiúla ar leithinis na Cóiré tionchar a bheith acu ar an tSeapáin. Bíodh agus gur d’fhógair an Chóiré Thuaidh in Aibreán 2018 go mbeadh stop le tástáil diúracáin bhalaistíocha núicléacha agus idir ilchríocha, tá teannais réigiúnacha ann fós agus d’fhéadfaidís géarú gan choinne. Coimeád súil ar na meáin le do thoil chun go mbeifeá ar an eolas maidir le haon fhorbairtí agus lean aon fholáireamh agus comhairle na n-údarás áitiúil. Féach ar thuilleadh eolais ábhartha sa roinn Sábháilteachta agus Slándála.

Chun teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála glaoigh ar 110 (na póilíní) nó 119 (dóiteán agus otharcharr).

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal sa tSeapáin ach ba chóir duit réamhchúram a dhéanamh mar sin féin: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Sábháilteacht phearsanta

Ba chóir go mbeadh tú ar an eolas gur tuairiscíodh roinnt mhaith cásanna inár déanadh spíceáil ar dheochanna i limistéir áirithe i dTóiceo. Moltar duit a bheith airdeallach i mbeáir, agus amhras a bheith ort faoi dheochanna a thairgeann strainséirí duit in ionaid oíche agus in áiteanna ina gcruinníonn turasóirí sa tráthnóna.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú sa tSeapáin, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i dTóiceo má tá cabhair uait.

Tiomáint

Tiomáintear ar thaobh na láimhe clé den bhóthar sa tSeapáin.  Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint sa tSeapáin, tá na bóithre coinnithe go maith agus tá rialacha an bhóthair mórán mar a chéile le rialacha bóthair na hÉireann.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas idirnáisiúnta tiomána agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Gearrtar pionós géar ar dhaoine a mbéartar orthu ag tiomáint faoi thionchar an óil nó as cead a thabhairt do dhuine eile tiomáint, mar shampla, más paisinéir tú i bhfeithicil atá á tiomáint ag tiománaí atá faoi thionchar an óil.
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na Seapáine, mar shampla luasteorainneachas
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Beidh ar chónaitheoirí fadtéarmacha ar mian leo tiomáint sa tSeapáin ceadúnas intíre tiomána a fháil laistigh dá gcéad bhliain sa tír. Is féidir eolas faoi sin a fháil ar láithreán gréasáin Ambasáid na hÉireann i dTóiceo.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.
  • You should carry your passport or Japanese residence card at all times while in Japan.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin. 

Alcól

Tá na gnásanna agus na dlíthe a bhaineann le alcól a ól sa tSeapáin mórán mar a chéile leo siúd atá in Éirinn. Gearrtar pionós géar ar dhaoine a mbéartar orthu ag tiomáint faoi thionchar an óil nó as cead a thabhairt do dhuine eile tiomáint faoi thionchar an óil, mar shampla, más paisinéir tú i bhfeithicil atá á tiomáint ag tiománaí atá faoi thionchar an óil. 

Ba chóir go mbeadh tú ar an eolas gur tuairiscíodh roinnt mhaith cásanna inár déanadh spíceáil ar dheochanna i limistéir áirithe i dTóiceo.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Creathanna talún agus súnámaithe

Is saincheantar creathanna talún an-ghníomhach é an tSeapáin agus tarlaíonn creathanna talún a bhíonn ar mhéideanna éagsúla ar fud na tíre go minic. Ba chóir do shaoránaigh de chuid na hÉireann atá ag taisteal chun nó ina gcónaí sa tSeapáin iad féin a chur ar an eolas faoi céard is ceart a dhéanamh i gcás creatha talún.

Bhuail crith talún a bhí ar mhéid 9 ar an Scála Richter oirthuaisceart na Seapáine ar 11 Márta 2011.  Bhuail súnámaí a tháinig ina dhiaidh sin cósta an oirthuaiscirt agus maraíodh daoine go leor agus déanadh scrios mór ar mhaoin agus ar infreastruchtúr. Ba chóir do shaoránaigh a théann ar cuairt ar cheantair ar an gcósta a bheith thar a bheith airdeallach faoi fholáirimh súnámaithe a d’fhéadfadh údaráis na Seapáine a eisiúint. 

Eisíonn Lárionad Foláirimh Súnámaithe an Aigéin Chiúin foláirimh faoi shúnámaithe.

Srianta thart ar stáisiún núicléach Fukushima

Rinne an crith talún agus an súnámaí a bhí ann i Márta 2011 damáiste go leor freisin do Stáisiún Núicléach Fukushima Daiichi in Fukushima Prefecture (240 cileaméadar as Tóiceo) rud a d’fhág gur scaoileadh líon suntasach radaíochta san aer agus san fharraige. 

Tá saincheantar eisiaimh curtha i bhfeidhm ag údaráis na Seapáine i gceantar 20 cileaméadar thimpeall an Stáisiúin agus is coir é a bhfuil pionós ag dul leis dul isteach go neamhdhleathach sa saincheantar seo. Tá tuilleadh áiteanna eisiamh nach bhfuil éigeantach lasmuigh den saincheantar 20 cileaméadar seo, inar haimsíodh láithreacha radaíochta níos lú. Molann rialtas na hÉireann taisteal neamhriachtanach a sheachaint sna ceantair seo, atá le feiceáil ar mhapa rialtas na Seapáine.  Féadfaidh tú seiceáil freisin chun eolas cothrom le dáta a fháil ó rialtas na Seapáine faoi na leibhéil radaíochta thart ar Stáisiún Fukushima. Tá monatóireacht chuimsitheach á déanamh ag údaráis na Seapáine faoi thruailliú uisce agus bia a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú agus tá siad ag cur srianta diana i bhfeidhm nuair is gá. Tá bail sheasmhach ar chúrsaí ag stáisiún núicléach Fukushima Daiichi, cé go dtógfaidh sé os cionn fiche nó tríocha bliain an stáisiún a dhíchoimisiniú agus a dhí-éilliú.

Tá cúrsaí ar ais ina gceart a bheag nó a mhór sa chuid eile d’oirthuaisceart na Seapáine agus níl cúis ar bith gur cheart taisteal chuig an réigiún sin a sheachaint ná a chur ar athló, fad is go ndéantar réamhchúram ciallmhar.

Tíofúin

Bíonn séasúr tíofún na Seapáine ann ó Mheitheamh go Meán Fómhair, agus is sa tréimhse idir Lúnasa agus Meán Fómhair is mó a bhíonn tíofúin gníomhach. Go minic bíonn taoidí arda agus sciorradh talún ann i rith thréimhsí leanúnacha de bháisteach throm in éineacht leis na tíofúin a bhuaileann an tSeapáin.

Ba chóir do thaistealaithe chun na Seapáine (go háirithe réigiúin an deiscirt) aird a thabhairt ar eolas áitiúil taistil agus dul i gcomhairle le Gníomhaireacht Mheitéareolaíoch na Seapáine (JMA) a chuireann eolas ar fáil i mBéarla. Ba chóir duit seiceáil le d’aerlíne nó le do thionscnóir turas roimh thaisteal.

Bolcáin

Tá roinnt bolcán gníomhach sa tSeapáin. Ba chóir duit aird a thabhairt ar eolas ó údaráis na Seapáine roimh thaisteal chuig ceantair ina bhfuil bolcáin.
Tá Mt Kirishima in Miyazaki/Kagoshima Prefectures, Kyushu, agus Mt Sakurajima in Kagoshima Prefecture, Kyushu, ag Leibhéal Foláirimh 3 (ná téigh gar den bholcán) faoi láthair, ar chomhairle ón JMA. Téigh i gcomhairle leis na meáin áitiúla má theastaíonn tuilleadh eolais uait.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála na Seapáine, lena n-áirítear eolas faoi víosaí agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht de chuid na Seapáine is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas. Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Nósanna imeachta iontrála agus inimirce

Ó Shamhain 2007, i dtaca le nósanna imeachta iontrála, de réir mionleasú a cuireadh ar an Acht um Smachta Inimirce agus Aitheantas Teifeach, glactar méarlorg agus grianghraf digiteach ó na cuairteoirí eachtrannacha ar fad a théann isteach chun na Seapáine le linn nósanna imeachta iontrála.

Diúltófar cead isteach chun na Seapáine dóibh siúd nach dtabharfaidh cead a méarlorg ná grianghraf digiteach a ghlacadh. Beidh díolúine ó na nósanna imeachta seo ag daoine atá faoi bhun aois 16, cónaitheoirí buana a bhfuil stádas speisialta acu agus iad siúd atá i mbun gníomhartha a dhéanfadh siad siúd a bhfuil stádas cónaithe acu, "taidhleoir" nó "gnó oifigiúil rialtais". Is féidir an t-eolas ar fad a fháil ar láithreán gréasáin an Bhiúró Inimirce, de chuid na Roinne Dlí agus Cirt.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul chun na Seapáine.

Cógas

Tá srianta ar iomportáil roinnt cógas ar oideas agus thar an gcuntar, lena n-áirítear cineálacha áirithe cógas ailléirge agus cuais. Má theastaíonn cuairt a thabhairt ar an dochtúir, tá roinnt clinicí ann ina labhraíonn na hoibrithe Béarla agus tá a gcuid seirbhísí fógartha go forleathan acu. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeifí in ann an cógas a fháil faoin ainm-bhranda céanna agus atá ar fáil in Éirinn. 

Scoileanna teanga

Tá go leor scoileanna a fheidhmíonn i mBéarla sa tSeapáin a bhíonn ag earcú múinteoirí ó thar lear. Molann an Roinn go láidir d’iarratasóirí poist sonraí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ina gconarthaí ionchasacha agus a ngníomhaireacht/fostóir ionchasach a scrúdú, lena chinntiú go bhfuil siad lánsásta le dea-sheasamh na ngníomhaireachtaí/bhfostóirí sin agus go gcomhlíonfar a gcoinníollacha fostaíochta.

Airgead agus baincéireacht

D’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ag cuairteoirí chun na Seapáine airgead a fháil ó roinnt ATManna ag úsáid cártaí arna n-éisiúint in Éirinn. Moltar do chuairteoirí malairt bealaí a bheith acu le teacht ar airgead sa chás go mbeadh fadhbanna le cártaí (e.g. cárta creidmheasa ag a bhfuil saoráid réamhíoctha airgid nó seiceanna taistil).

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 03 3263 0695, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.
This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
Ireland House
2-10-7, Kojimachi
Chiyoda-ku
Tokyo 102-0083
Japan

Tel: +81 3 3263 0695
Fax: +81 3 3265 2275

Monday – Friday 10:00am to 12:30pm and 2:00pm to 4:00pm

Contact us

Honorary Consulate Contact

Mr Seiji Kasama
Honorary Consulate of Ireland
C/O ID Partners Company Limited.
3F Takimoto Building
Kita 1-jo Nishi 7-chome 4-banchi
Chuo-ku Sapporo 060-0001
Japan

Tel: +81 11 221 2451
Fax: +81 11 783 7747

Email: Email us