DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An tSomáil, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An tSomáil

Má tá tú ag taisteal chun na Somáile, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Ná Taistil

Foláireamh Taistil is Déanaí

Tugann tuairiscí faisnéise le fios go bhfuil bagairt shonrach do dhaoine as an Iarthar i gCríoch Shomáile. Moltar duit gan aon taisteal a dhéanamh chun na Somáile, agus ba chóir d’aon saoránach Éireannach atá sa tSomáil faoi láthair an tír a fhágáil.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an tSomáil nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

De bhrí nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn sa tSomáil ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a fhíorú lena chinntiú go bhfuil sé beacht, iomchuí agus cothrom le dáta.

Féadfaidh tú do chuid taighde féin a dhéanamh áfach: gheobhaidh tú naisc go dtí tuilleadh comhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile sa mhír ar Eolas Breise.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann sa tSomáil, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála.

Áitiúil

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turais nó le bainistíocht d’óstáin.  

An tAonad Cúnaimh Consalachta i mBaile Átha Cliath

Má tharlaíonn éigeandáil nó má bhíonn cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Aonad Cúnaimh Consalachta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath ag +353 1 408 2000.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí nó Consalachtaí thíortha eile AE chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Cogadh

Is crios coinbhleachta í an tSomáil faoi láthair agus moltar gan aon taisteal a dhéanamh chun na tíre. Mar gheall go bhfuil cúrsaí imithe in olcas le déanaí, moltar go láidir d’aon saoránach Éireannach atá sa tSomáil faoi láthair an tír a fhágáil.

Má shocraíonn tú fanacht, ainneoin na comhairle uainne, coinnigh tú féin ar an eolas faoin méid atá ar siúl thart ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla agus trí fhanacht i dteagmháil le muintir na háite nó le d’óstán. Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí ar féidir leo athrú agus éirí achrannach agus coinnigh amach ó láithreáin mhíleata – d’fhéadfadh go mbeadh cosc ar ghrianghraif a thógáil d’ionaid mhíleata nó slándála nó gar dóibh, agus d’fhoirgnimh phoiblí áirithe.

Sceimhlitheoireacht

Tá bagairt mhór do dhaoine as an Iarthar agus do leasanna an iarthair ón sceimhlitheoireacht sa tSomáil, lena n-áirítear Críoch Shomáile. D’fhéadfadh na hionsaithe seo a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus d’fhéadfadh áiteanna plódaithe, imeachtaí ardphróifíle, imeachtaí a mbeadh oifigigh rialtais bainteach leo agus áiteanna a mheallann eachtrannaigh, a bheith i gceist.

Píoráideacht

Is fadhb mhór í an phíoráideacht feadh chósta na Somáile.

Fuadach

Rinneadh ionsaí - fuadach san áireamh - ar dhaoine as an Iarthar agus orthu siúd a bhí ag obair d’eagraíochtaí as an Iarthar. Má tá fút fanacht sa tSomáil ainneoin na comhairle uainne déan na réamhchúraim bhunúsacha seo:

  • Faigh comhairle ó mhuintir na háite maidir le coinneáil slán
  • Ná taistil san oíche, go háirithe idir chathracha
  • Ná taistil i d’aonair
  • Cinntigh go bhfuil doirse uile an ghluaisteáin faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Tóg bealaí éagsúla agus roghnaigh amanna imeachta éagsúla – seachain patrúin a bhféadfaí a rianú
  • Tabhair aird chúramach ar na meáin áitiúla do thuairiscí ar ghníomhaíochtaí fuadaigh

Coiriúlacht

Anuas ar an gcoinbhleacht armtha leanúnach, tá coiriúlacht dainséarach ar siúl go leanúnach sa tSomáil le blianta beaga anuas mar sin ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir. 
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid giuirléidí pearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Coinnigh doirse d’fheithicle faoi ghlas agus do mhálaí as amharc le sciobadh faille málaí ó fheithiclí atá stoptha ag soilsí tráchta a stopadh

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Weather text removed

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal chun na Somáile agus ba chóir duit do phas a bheith leat an t-am ar fad le linn do chuairte.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir go maith roimh thaisteal duit féachaint an dteastaíonn aon vacsaínithe don tSomáil.

Uisce

Moltar uisce buacaire a bheiriú sula n-óltar é, nó fan leis an uisce buidéalaithe.

Embassy contact

Embassy Contact

Ireland does not have an Embassy in Somalia.

The Embassy of Ireland in Kenya is accredited to Somalia and can be contacted in case of emergencies or for advice.


Contact us