DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Djibouti, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Djibouti

Má tá tú ag taisteal go Djibouti, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach in Djibouti.

Is féidir víosa turasóireachta a cheannach ar theacht isteach duit le hairgead tirim (glactar le dollar na Stát Aontaithe). Féadfaidh tú freisin iarratas a dhéanamh ar líne nó trí theagmháil a dhéanamh le hAmbasáid Djibouti.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Djibouti. Ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí ón dáta a tháinig tú i dtír in Djibouti. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Moltar do chuairteoirí chuig Djibouti treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Is féidir le saoránaigh Ambasáid na hÉireann san Aetóip a leanúint ar Twitter@IrishEmbEthiopia chun rochtain ar nuashonruithe agus foláirimh ábhartha a chinntiú.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála in Djibouti ach scairt a chur ar na huimhreacha seo a leanas ó ghuthán áitiúil:

  • Na Póilíní: 17
  • An Bhriogáid Dóiteáin/Otharcharr: 18

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Mar gheall ar bhaol leanúnach na sceimhlitheoireachta agus an staid luaineach slándála sa réigiún níos leithne, molaimid duit a bheith airdeallach in Djibouti, sluaite móra a sheachaint agus monatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla. 

Molaimid gan taisteal chuig na ceantair atá ag roinnt teorann leis an Eiritré mar gheall ar an teannas leanúnach idir an dá thír. Tá baol ann freisin ó mhianaigh talún nach bhfuil glanta sna limistéir seo.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalach na hÉireann in Djibouti, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Addis Adaba, áfach, má theastaíonn cúnamh uait.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Coireacht

Cé go bhfuil Djibouti sách sábháilte, d’fhéadfadh mionchoireacht a tharlú. Glac na gnáth-réamhchúraimí – seachain siúl timpeall na cathrach leat féin go déanach san oíche, agus coinnigh earraí luachmhara, go háirithe seodra, ceamaraí agus pasanna, as radharc.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat tiomáint in Djibouti, bí ar an eolas go bhfuil caighdeáin ísle tiomána ann de ghnáth agus go mbíonn tiomáint chontúirteach agus tiománaithe ag dul róthapa coitianta ann. Ba cheart do thiománaithe cloí le bóithre pábháilte nuair is féidir. Ba cheart tiomáint lasmuigh de lár na cathrach tar éis thitim na hoíche a sheachaint – is minic nach mbíonn soilse ag feithiclí, agus d’fhéadfadh coisithe agus beostoc a bheith ar na bóithre.

Sceimhlitheoireacht

Tá baol sceimhlitheoireachta ann in Djibouti, rud a d’fhéadfadh a bheith gan idirdhealú agus a bheith dírithe ar limistéir phoiblí a mbíonn eachtrannaigh, lena n-áirítear óstáin agus limistéir siopadóireachta. Ba chóir do shaoránaigh Éireannacha a bheith ar an airdeall i gcónaí, go háirithe i limistéir phlódaithe agus le linn cruinnithe móra amhail imeachtaí spóirt nó creidimh.

Coireanna a Thuairisciú

Más íospartach coireachta thú agus tú in Djibouti, déan é a thuairisciú do na póilíní áitiúla láithreach. Agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann in Addis Adaba má bhíonn cabhair de dhíth ort.

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Is tír Mhoslamach den chuid is mó í Djibouti agus is dóigh go mbítear ag súil go ndéanfaidh tú féin a ghléasadh agus a iompar ar bhealach coimeádach.

Alcól agus Drugaí

Ceadaítear alcól a ól in Djibouti, ach d’fhéadfadh téarma príosúnachta de dhá bhliain a bheith mar thoradh ar iompar faoi mheisce. Tá pianbhreitheanna fada príosúin nó fíneálacha troma ag gabháil le ciontuithe as drugaí mídhleathacha a shealbhú, a úsáid nó a gháinneáil. Tabhair faoi deara go bhfuil an támhshuanach khat mídhleathach in an-chuid tíortha eile, cé go bhfuil sé dlíthiúil in Djibouti, agus nár cheart é a iompar leat as an tír.

Homaighnéasacht

Níl aon srianta dlíthiúla maidir le homaighnéasacht in Djibouti, cé go bhfuil geis de shaghas éigin ann i leith an ábhair i measc mhuintir Djibouti. Mar sin féin, tá baol ann go n-ionchúiseofar údaráis i gcás léirithe poiblí geana, amhail pógadh nó greim a fháil ar lámh de pháirtnéir atá den ghnéas céanna, faoi dhlíthe a choisceann ionsaithe ar “mhoráltacht mhaith”.

Grianghraf

Tá líon ard suiteálacha míleata i Djibouti, agus ba chóir go mbeadh a fhios ag taistealaithe go bhfuil toirmeasc ar ghrianghrafadóireacht a dhéanamh ar bhonneagar, lena n-áirítear áiseanna míleata, calafoirt, aerfoirt, droichid agus foirgnimh phoiblí. Ba cheart aire a thabhairt agus grianghraif á nglacadh in aice le láithreáin choiscthe.

Airgead

Tá geilleagar Djibouti bunaithe ar airgead tirim den chuid is mó. Is é Franc Djibouti an t-airgeadra oifigiúil atá ann. Glactar le cártaí creidmheasa ag óstáin agus ollmhargaí móra, ach tabhair faoi deara go nglactar i bhfad níos forleithne le Visa ná mar a ghlactar le Mastercard. Tá Uathmheaisíní Bainc (UMBanna) ar fáil i gCathair Djibouti, agus arís, glactar níos forleithne le Visa. Ba cheart duit a chinntiú go n-iompaíonn tú do dhóthain airgeadra tirim leat.

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár gcomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas roimh duit taisteal, agus faigh comhairle áitiúil nuair a bhaineann tú an tír amach.
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leat agus tú mar chuairteoir agus go bhfuil sé de dhualgas ort cloí leo.

Bí tuisceanach ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Tá saoráidí leighis in Djibouti teoranta. Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas cuimsitheach taistil a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n‑áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaínithe

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtógfar a dhóthain cógais leat do do thuras ar fad agus do mhoill ar bith nach mbeifear ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála 

Pasanna

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Djibouti. Ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí ón dáta a tháinig tú i dtír in Djibouti.

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chuig Djibouti agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann san Aetóip. Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

• Cáipéis taistil éigeandála a chur ar fáil le go mbeidh tú in ann dul abhaile;

• Más gá, comhairle a thabhairt duit maidir le hiarratas a dhéanamh ar phas nua.

Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméid taistil ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní.

Víosaí

Teastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach in Djibouti. D’fhéadfá víosa turasóireachta a cheannach ar theacht isteach duit, a íoctar le hairgead tirim. Is féidir leat iarratas a dhéanamh le haghaidh víosa freisin sula dtaistealaíonn tú trí Ambasáid Djibouti, nó le haghaidh r-Víosa ar líne ag evisa (gouv.dj).

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency, please contact the main Embassy number, + 251 11 518 0500

Embassy of Ireland
Kazanches
Guinea Conakry Street
Addis Ababa
Ethiopia

Tel: +251 (11) 518 0500
Fax: +251 (11) 552 3032

Monday - Thursday 8.30am-12.30pm and 1.30pm-4.00pm; Friday from 8.30am-11.00am

Contact us