DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Laos, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Laos

Má tá tú ag taisteal go Laos, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Foláireamh Taistil is Déanaí

Seachain Cúige Xieng Khouang (Má na gCrúscaí) agus áiteanna ar theorainn Laos-Vítneam a ndeachaigh Slí Ho Chi Minh tharstu mar gheall ar an mbaol ó mhianaigh talún agus muinisin neamhphléasctha. 

Léigh an mhír faoi shábháilteacht agus slándáil ar an leathanach seo le haghaidh tuilleadh eolais.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Laos nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Laos sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i Laos, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Hanáí i Vítneam má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl

Tá imní leanúnach slándála i Laos a bhaineann le coimhlintí eitneacha, ropaireacht, agus muinisin neamhphléasctha agus ba chóir duit a bheith cúramach má bheartaíonn tú taisteal chuig an tír. Tá scirmisí tarlaithe idir fórsaí an rialtais agus grúpaí neamhaitheanta feadh theorainn Laos agus na Téalainne agus tharla roinnt ionsaithe armtha ar roinnt bealaí, lena n-áirítear Bealaí 6,7 agus 13.

Mianaigh talún

Tá baol ag baint le mianaigh talún agus muinisin neamhphléasctha, go háirithe i gCúige Xieng Khouang (Má na gCrúscaí), agus in áiteanna ar theorainn Laos-Vítneam a ndeachaigh Slí Ho Chi Minh tharstu. Seachain na háiteanna sin agus ná himigh de bhóithre gnóthacha.

Coiriúlacht

Tá ráta coiriúlachta sách íseal i Low, ach goideadh a gcuid stuif agus/nó a bpas ó líon beag cuairteoirí agus ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Mionghadaíocht

Tarlaíonn mionghadaíocht, lena n-áirítear goid málaí, go minic i Laos agus tagann ardú suntasach ar ghadaíocht agus coireanna foréigneacha ag teacht suas go féilte áitiúla, mar shampla an Bhliain Nua Laosach in Aibreán. 

Pas caillte nó goidte

Má chailleann tú do phas, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Bí ar an eolas gur ós rud é gur i Hanáí i Vítneam atá an Ambasáid is gaire de chuid na hÉireann go bhféadfaidh sé a bheith thar a bheith míchaoithiúil déileáil le pas caillte nó goidte agus go bhféadfaidh sé am a thógáil an cás a réiteach.

Bia nó deoch éillithe

Tharla roinnt eachtraí ina raibh drugaí curtha i ndeochanna nó i mbia turasóirí. Tugann roinnt bialann in áiteanna a bhfuil tóir ag turasóirí orthu bia agus deochanna a bhfuil drugaí iontu do thurasóirí agus ionsaítear an t-íospartach. Is féidir le substaintí díobhálacha a bheith sna táirgí sin agus d’fhéadfadh díobháil thromchúiseach nó fiú bás a bheith mar thoradh ar iad a ithe nó a ól. Ná fág bia ná deoch riamh gan duine ina mbun.

Drugaí éigniú coinne

Tá eachtraí maidir le héigniú a bhaineann le drugaí tuairiscithe ag eachtrannaigh. Bí cúramach maidir le deochanna a ghlacadh ó strainséirí agus bí ar an airdeall ag beáir, clubanna, bialanna agus ag cóisirí.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Laos, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Hanáí má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Laos, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Tá méadú mór tagtha ar líon na dtimpistí bóthair i Laos le blianta beaga anuas chomh maith le líon na mótarfheithiclí, go háirithe gluaisrothair. Tá formhór na mbóithre i Laos i ndroch-chaoi agus níor chóir duit taisteal ach sa lá.

Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Laos, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Bí ar an eolas nach mbíonn soilse ar fheithiclí go minic agus go mbíonn eallach ar na bóithre

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Sábháilteacht Uisce

Gníomhaíochtaí

Bí an-chúramach má bheartaíonn tú aon ghníomhaíochtaí spóirt ar aibhneacha, go háirithe i Vang Vieng. Maraíodh nó gortaíodh turasóirí go dona agus iad páirteach i ngníomhaíochtaí mar gluaiseacht i dtiúba rubair nó ag léim isteach san abhainn. Ba chóir duit smaoineamh go cúramach ar do shábháilteacht phearsanta agus réamhchúram cuí a dhéanamh.

An Mekong

Tá sé contúirteach taisteal ar an Mekong ar luasbhád, go háirithe sa séasúr tirim, agus moltar duit seaicéad tarrthála agus clogad a chaitheamh. Athraíonn leibhéal na habhann i rith na bliana agus tá sé in ann a bheith contúirteach tumadh nó léim isteach san abhainn mar gheall ar smionagar.

Riachtanais shláinte agus shábháilteachta

Ba chóir go mbeadh a fhios agat freisin nach bhfuil na riachtanais shláinte agus shábháilteachta baol ar bith chomh dian i Laos is atá siad in Éirinn, agus is minic nach gcloítear leo ná nach bhfeidhmítear in aon chor iad. Dá bhrí sin, tá an baol go dtarlódh timpiste thromchúiseach nó mharfach le linn na ngníomhaíochtaí sin is bhfad níos mó ná mar a bheadh in Éirinn.

Árachas

Sula nglacfaidh tú páirt in aon spóirt nó gníomhaíochtaí uiscebhunaithe, lena n-áirítear gluaiseacht i dtiúb, seiceáil go gclúdóidh do chuid árachas taistil tú i gcás báis nó díobhála duit féin nó tríú páirtí. I gcás timpiste, fiú murar tú is cúis leis, is dócha go n-éileofar ort cúiteamh a íoc as díobháil/damáiste tríú páirtí.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Céannacht phearsanta

Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte. Tá sé neamhdhleathach gan doiciméad céannachta nó pas a bheith ar iompar agat, agus d’fhéadfadh fíneálacha arda a bheith i gceist mura bhfuil tú in ann é a thaispeáint nuair a iarrtar é.

Feidhmiú an dlí

Tá cosc curtha ag Rialtas Laos ar chaidreamh gnéasach idir saoránaigh eachtrannacha agus náisiúnaigh de chuid Laos, ach amháin nuair a phósann an dá pháirtí de réir Dlí Teaghlaigh Laos. Is féidir le fíneálacha as a bheith i mbun teagmháil ghnéasach chosctha a bheith dian agus d'fhéadfaí pionós príosúin a ghearradh freisin.

Drugaí neamhdhleathacha

Ná bíodh aon bhaint agat le drugaí d’aon chineál. Fuair go leor daoine bás mar thoradh ar úsáid drugaí i measc náisiúnaigh eachtracha ar cuairt i Laos. Is cionta tromchúiseacha i Laos iad drugaí a bheith i seilbh, a gháinneáil, agus a dhéanamh agus féadfar pionós an bháis a ghearradh ina leith.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Tuilte

Maireann an séasúr báistí i Laos ó Mheitheamh go Samhain de ghnáth, an t-am céanna le séasúr na dtíofún san Áise Thoir Theas. Is féidir le ceantair shléibhe a bheith an-íogaireach do sciorrthaí talún ag an am seo agus d’fhéadfadh tuilte tarlú in abhantracha agus eile. D’fhéadfaí cur isteach go mór ar thaisteal go roinnt cúigí.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi riachtanais iontrála Laos, lena n-áirítear eolas faoi víosaí  agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht is gaire de chuid Laos. Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cén tréimhse bailíochta nach mór a bheith ag do phas.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Coinnigh do phas sábháilte mar go bhféadfaidh sé go leor ama agus airgid a thógáil pas agus víosa amach nua a fháil.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go Laos.

Saoráidí liachta

Má tá riocht sláinte neamhchobhsaí ort, ba chóir duit smaoineamh arís gan taisteal go Laos. Tá cúram sláinte i Viangchan go han-bhunúsach agus níl aon saoráidí iontaofa lasmuigh den phríomhchathair chun déileáil le héigeandálacha liachta.

Tá sé deacair agus an-chostasach aslonnú liachta a eagrú. Déan cinnte go bhfuil árachas sláinte taistil dóthanach agus airgead ar fáil agat le costas aon chóireáil liachta thar lear agus aisdúichiú a chlúdach.

Calar

Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte do gach duine a théann chuig an gcúige dea-shláinteachas a chleachtadh le calar agus galair bhuinní a sheachaint: nigh lámha le gallúnach roimh agus i ndiaidh bia a ithe, a chócaráil, dul chuig an leithreas, ná hith ach bianna a dhéantar a chócaráil go maith agus ná hól ach uisce sábháilte (buidéalaithe nó fiuchta).

Fiabhras Deinge

Tá fiabhras deinge coitianta, go háirithe i Viangchan. Níl aon vacsaín ann don ghalar sin. Ba chóir duit a bheith cúramach muiscítí a sheachaint i rith an lae, go háirithe díreach i ndiaidh bhreacadh an lae agus roimh luí na gréine trí líontáin leapa agus éarthaigh a úsáid, agus bróga dúnta, muinchillí agus brístí fada a chaitheamh. . Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi fhiabhras deinge ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Maláire

Tá maláire i Laos freisin. Beidh do dhochtúir in ann comhairle a chur ort maidir le bearta próifiolacsacha nó vacsaíní iomchuí, ag brath ar fhad do chuairte agus na ceantair a bhfuil sé i gceist agat cuairt a thabhairt orthu.

Fliú éanúil

Meastar an baol do dhaoine ón bhfliú éanúil a bheith an-íseal. Níl aon ionfhabhtuithe ná bás daoine tuairiscithe. Mar réamhchúram, áfach, seachain dul go dtí margaí ainmhithe beo, feirmeacha éanlaith chlóis agus áiteanna eile a bhféadfá dlúth-theagmháil a bheith agat le héin chlóis, éin cháis nó éin fhiáine; agus déan cinnte go ndéantar bia le héineoil nó uibheacha a chócaráil go maith.

Airgead

Glactar le mórchártaí creidmheasa ag na hóstáin mhóra idirnáisiúnta agus na príomhionaid dírithe ar thurasóirí. Is féidir seiceanna taistil a shóinseáil ag formhór na mbanc i Vianchan agus i bpríomhbhailte. Tá saoráidí ATM ag éirí níos coitianta. Déantar formhór na n-idirbheart in airgead ag úsáid Dollair na Stát Aontaithe, Baht na Téalainne nó Kip Laos.

Embassy contact

Embassy Contact

We do not have an Embassy in Laos, please contact Embassy of Ireland Vietnam.

If you are an Irish National who requires assistance in the case of a genuine emergency while the Embassy is closed, please contact us on +84 4 39743291 where you will be given details on how to proceed and how to contact a consular officer if needed.

Alternatively, you can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin at +353 1 408 2000.

Embassy of Ireland
2nd floor
41A Ly Thai To
Hoan Kiem District
Hanoi
Vietnam

Tel: +84 4 3974 3291
Fax: +84 4 3974 3295

Monday to Friday 09:00am to 12pm

Contact us