Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Maracó

Má tá tú ag taisteal go Maracó, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt go Maracó, moltar duit a bheith cúramach.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Mharacó nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Mharacó sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

De bharr nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht na hÉireann i Maracó, táimid teoranta ó thaobh cúnamh a thairiscint duit i gcás éigeandála. Ach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Liospóin sa Phortaingéil má tá cabhair uait.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D’ainm 
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Ambasáidí AE eile

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáidí, Consalachtaí de Thíortha AE eile chomh maith, chun tacaíocht, comhairle agus cúnamh consalachta éigeandála a fháil.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Corraíl shibhialta

Tá forbairtí réigiúnacha in ann corraíl phoiblí a spreagadh i Maracó. Bíodh a fhios agat cad atá ar siúl i do thimpeall i gcónaí  trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin áitiúla, agus fanacht i dteagmháil le d’óstán nó do thionscnóir turas. Agus seachain léirsithe agus tionóil phoiblí, atá in ann éirí achrannach uaireanta. 

Sceimhlitheoireacht

Tá baol tromchúiseach ó sceimhlitheoireacht i Maracó agus dá bhrí sin moltar duit a bheith go mór ar an airdeall le linn do chuairte. Tharla ionsaí sceimhlitheoireachta ar an mbialann Argana i Marrakech in 2011, inar maraíodh 16 duine, agus ba turasóirí eachtrannacha a bhformhór siúd. Mar gheall ar an áit a tharla an eachtra, meastar go bhféadfadh go ndíreofaí ionsaithe ar áiteanna a gcruinníonn turasóirí.

Tharla go leor ionsaithe in 2007, lena n-áirítear ceann in aice le bus plódaithe i gcathair Meknes. In 2003, maraíodh 45 duine i scata ionsaithe sceimhlitheoireachta in Casablanca.

Coiriúlacht

Bíonn turais formhór na gcuairteoirí chuig Maracó réasúnta saor ó thrioblóid. Ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir agus tú i Maracó, cuir in iúl do na póilíní láithreach é.  Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i Liospóin má tá cabhair uait.

Tiomáint

Má tá sé i gceist agat a bheith ag tiomáint i Maracó, ba chóir duit a bheith an-chúramach. Níl sábháilteacht ar na bóithre go maith i Maracó, agus ba chóir duit fanacht go maith laistigh de na luasteorainneacha. Más mian leat a bheith ag tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mharacó, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Snámh

Má tá tú ag dul chuig ionaid shaoire Agadir, bí ar an eolas go mbíonn sruthanna cuilitheála contúirteacha go minic san fharraige amach ón bpríomhionad saoire.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Cultúr Moslamach

Is tír Mhoslamach é Maracó. Ba chóir duit a bheith measúil ar nósanna agus íogaireachtaí áitiúla i gcónaí, go háirithe le linn mí chráifeach Ramadan. Tarraingíonn mná aird, go háirithe nuair a bhíonn siad ag taisteal astu féin. Moltar duit meas a léiriú le do chuid éadaí agus gan éadaí a chaitheamh a mheasfaí a bheith gríosaitheach, seachas ar an trá.

Le linn Ramadan, níl cead ag Moslamaigh, a dhéanann suas mórchuid de dhaonra Mharacó, aon rud a ithe, a ól ná tobac a chaitheamh i rith an lae. Níor chóir duit a bheith ag ithe, ag ól ná ag caitheamh tobac go poiblí le linn an ama ionas nach maslófar aon duine.

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionós géar ar úsáid drugaí neamhdhleathacha (is cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin fada.

Iompraíocht ghnéasach

Is cion coiriúil é homaighnéasachas i Maracó. De réir an dlí, féadfar pionós a ghearradh i ndáil le caidreamh collaíochta lasmuigh de phósadh. Moltar a bheith cúramach agus discréideach i gcónaí.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go Maracó, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir 
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid a cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúiseach

Comhairle Taistil Te Fuara