Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Meicsiceo

Má tá tú ag taisteal go Meicsiceo, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt a thabhairt ar  Mheicsiceo, moltar duit a bheith thar a bheith cúramach.

Tá éagsúlacht mhór ann idir chathracha agus réigiúin Mheicsiceo maidir le cúrsaí slándála.  Níl tionchar díreach ag an bhforéigean a bhaineann le drugaí atá coitianta sna stáit ó thuaidh in aice na teorann agus an Aigéin Chiúin ar an gcuid is mó de na láithreacha turasóireachta ar an gcósta.

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Mheicsiceo nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit oiread agus is féidir a fhoghlaim faoi Mheicsiceo sula dtéann tú ag taisteal.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal  a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Má tá sé i gceist agat taisteal chuig áit nach dtugann turasóirí cuairt air go minic, moltar duit teagmháil dhíreach a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Meicsiceo roimh imeacht le comhairle ar do phlean taistil beartaithe a fháil.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, le d’ionadaí gníomhaire turas nó le bainistíocht d’óstáin.

Seirbhísí éigeandála

Le seirbhísi éigeandála a fháil, glaoigh ar 060 nó 066.

Déan Teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo nó leis an gConsal Oinigh i Cancún.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit ina bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear.
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
  • Má tá sé i gceist agat taisteal chuig áit nach dtugann turasóirí cuairt air go minic, moltar duit teagmháil dhíreach a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Meicsiceo roimh imeacht le comhairle ar do phlean taistil beartaithe a fháil.

Foréigean bainteach le drugaí

  • Bhí breis agus 50,000 dúnmharú bainteach le drugaí i Meicsiceo ó 2006. Má tá tú ag taisteal go stáit ar an teorainn ó thuaidh agus stáit an Aigéin Chiúin, bí thar a bheith cúramach; Áirítear go bhfuilCiudad Juarezan-neamhshábháilte faoi láthair.
  • Moltar duit gan taisteal neamhriachtanach a dhéanamh chuig na stáit cois teorann ó thuaidh, eadhon Baja California Norte, Sonora, Chihuahua, Coahuila, Nuevo León agus Tamaulipas ach amháin na cathracha Mazatlán, Hermosillo, Guaymas/San Carlos agus Nogales.
  • Bhí cuairteoirí agus áititheoirí iasachta i measc íospartach an fhoréigin i gceantair lena n-áirítear cathracha Nuevo Laredo,Tijuana, Ciudad Juárez,Nogales,Reynosaagus Maramoros.
  • Tá roinnt eachtraí foréigneacha agus cathanna gunna i ndiaidh tarlú timpeall ar cheantar Nuevo Laredo, Reynosa, Matamoros, ó thuaidh agus taobh thoir de Monterrey, agus i  Monterrey féin.  Cé gur tháinig feabhas éigin ar an staid slándála i Monterray le bliain anuas, moltar do mhic léinn as Éirinn atá ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh ann teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid chun an t-eolas is déanaí ar an staid slándála a fháil.
  • Ba chóir do thurasóirí nó mic léinn Éireannacha a mheasann go bhfuil sé riachtanach cuairt a thabhairt arTijuanafanacht i gceantair Zona Río agus Av. Revolución den chathair agus na Zonas Norte agus Oriente a sheachaint.
  • Many areas in the South Western / Pacific states of Guerrero, Jalisco and Michoacán have been severely affected by drug-related violence. In the State of Guerrero, 43 students who had attended protests in Iguala have been missing since 26 September 2014. On 5 October 2014, the remains of 28 people were found in a mass grave near Iguala.

  • Tá an-tóir i gcónaí ar chathracha mar Guadalajara, Morelia agus an ceantar saoire Acapulco, agus ar áiteanna turasóireachta áirithe eile lena n-áirítear Loch Chapala agus an ceantar cósta timpeall ar Puerto Vallarta. Moltar duit taisteal neamhriachtanach chuig áiteanna nach mbíonn mórán daoine iontu a sheachaint.
  • Mura mbeidh sábháilteacht an bhealaigh bóthair is fearr leat deimhnithe, moltar duit taisteal d’aer chuig na stáit ó thuaidh in aice na teorann agus an Aigéin Chiúin, agus laistigh den cheantar sin.

Coiriúlacht

Tá leibhéal ard coiriúlachta foréigní i Meicsiceo. Tabhair aird ar leith ar an tslándáil i gcónaí agus déan monatóireacht ar na meáin le haghaidh eolas faoi rioscaí nua sábháilteachta nó slándála a d’fhéadfadh a bheith ann. Bí aireach faoi choiriúlacht ar na sráideanna atá ag dul i méid agus déan réamhchúram ciallmhar: 

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ba cheart duit airgead a aistarraingt nó a mhalartú ag ATManna nó bureaux de change faoi sholas an lae amháin, agus é seo a dhéanamh i siopaí nó siopalanna agus ní amuigh ar an tsráid. Bíodh radharc agat ar do chárta creidmheasa agus tá ag íoc. Tá sé níos sábháilte aistarraingt  nó malartuithe airgeadra a dhéanamh ina suimeanna beaga. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.

Fuadach

Níor chóir beag a dhéanamh den bhaol fuadaigh, lena n-áirítear sna príomhchathracha.  De ghnáth is saoránaigh Mheicsiceo seachas turasóirí eachtracha a fhuadaítear, ach má dhéantar réamhchúram bunúsach, laghdófar an baol go dtapófar an deis díriú ortsa. Chun leasa do shábháilteacht féin agus tú ag taisteal i Meicsiceo:

  • Comhairle a fháil ó mhuintir na háite faoi fhanacht sábháilte
  • Lean an chomhairle thíos maidir le tacsaithe a úsáid
  • Bí aireach agus discréideach faoi do chúrsaí gnó nó airgeadais a phlé go hoscailte
  • Seachain taisteal san oíche, go háirithe taisteal idirchathrach
  • Seachain an taisteal aonair
  • Bíodh doirse uile na feithicle faoi ghlas agus tú ag tiomáint
  • Tóg bealaí éagsúla agus fág ag amanna éagsúla – seachain patrúin a d’fhéadfaí a rianú
  • Tabhair aird ar leith ar na meáin áitiúla do thuairiscí maidir le gníomhaíochtaí fuadaigh

Tharla roinnt eachtraí ‘mearfhuadaigh’ ina gcuirtear iallach ar dhaoine airgead a aistarraingt ó ATM sula scaoiltear saor iad. Má dhéantar ionsaí mar sin ortsa, ba chóir duit comhairle an ionsaitheora a dhéanamh.

Tacsaithe

Rinne tiománaithe tacsaí neamhcheadúnaithe paisinéirí a robáil agus/nó a ionsaí, go háirithe i gCathair Mheicsiceo. Seachain tacsaí a ghlaoch ar an tsráid. Cuir tacsaithe in áirithe trí óstáin nó trí ghlaoch teileafóin a chur ar chomhlacht tacsaí aitheanta, nó tacsaithe lonnaithe ag seastáin (sitios). Ná húsáid ach seirbhísí tacsaí aerfoirt réamhíoctha údaraithe ag aerfoirt; bíonn botháin chomhlachtaí tacsaí oifigiúla lonnaithe i halla na n-eitiltí isteach ag críochfoirt aerfoirt.

Ionsaí agus robáil  

Bhí tuairiscí le déanaí gur díríodh ar eachtrannaigh go foréigneach in ionsaithe agus i robáil ag Aerfort Idirnáisiúnta Benito Juarez i gCathair Mheicsiceo.  Leantar íospartaigh tar éis dóibh airgead a mhalartú nó a aistarraingt sa láthair eitiltí isteach san aerfort. Moltar duit aistarraingt nó malartú airgid a dhéanamh in ionaid phoiblí san aerfort. Má bhíonn ort é seo a dhéanamh bí cinnte go ndéanann tú na hidirbhearta airgeadais sula bhfágann tú ionad an chustaim. Tá an uimhir theileafón thiomnaithe seo a leanas curtha ar fáil ag údaráis slándála phoiblí Mheicsiceo chun déileáil le tuairiscí faoi ghníomhaíochtaí mídhleathacha nó neamhghnácha in Aerfort Idirnáisiúnta Benito Juarez - 01 52 55 5533 5533 (más ag glaoch ó fón póca Éireannach atá duine) nó 5533 5533 (ó líne talún i gCathair Mheicsiceo).

Mionghadaíocht

Tá peasghadaíocht coitianta go maith ar an Metro i gCathair Mheicsiceo. Seachain an taisteal i rith an bhuaicthrátha tráchta más féidir. Bí aireach i gcónaí ar thurais bus fhadtréimhseacha agus coinnigh súil ar bhagáiste láimhe. Tá sé inmholta úsáid a bhaint as seirbhísí bus den chéad ghrád agus taistil faoi sholas an lae. Tá leibhéil choiriúlachta ar bhusanna idirchathracha agus ar mhórbhealaí ard agus méadaíonn an baol tar éis thitim na hoíche.

Pasanna caillte nó goidte

Má ghoidtear nó má chailltear do phas beidh ort taisteal go dtí an Ambasáid i gCathair Mheicsiceo le pas athsholáthair a fháil. Féadfaidh sé seo suas le trí seachtainí a thógáil ag éirí as cúinsí ama agus achair. Mar sin bí an-airdeallach le do phas agus le doiciméadú pearsanta eile.

Camscéimeanna turasóireachta

Ba chóir duit a bheith an-aireach má thagann daoine i do choinne á rá gur póilíní iad agus iarracht á dhéanamh fineáil a ghearradh ort nó tú a ghabháil gan chúis dhealraitheach. Tháinig cuairteoirí chun a bheith ina n-íospartaigh ghadaíochta, sracaireachta nó ionsaithe gnéis ag daoine a bhféadfadh gur póilíní iad nó nárbh ea. Má bhíonn amhras ort, lorg aithint agus más féidir déan nóta d’ainm an oifigigh, a (h)uimhir shuaitheantais agus uimhir an ghluaisteáin phatróil. Má stoptar tú faoi chúinsí mar seo déan iarracht fanacht i gceantar gnóthach.

An teorainn leis na SA a thrasnú

Bhí tuairiscí faoi fhuadaigh, mhugálacha, agus spíceáil deochanna daoine a thrasnaigh ó na SA isteach go Meicsiceo – i gcathairTijuanago háirithe. Is cosúil go bhfuil an cineál seo coire ag dul i méid agus ba chóir duit a bheith thar a bheith aireach agus gan tú féin a chur in ócáidí soghonta. Bí eolach go bhfágann alcól agus drugaí nach mbíonn tú chomh beo-intinneach, nach mbíonn tú i gceannas agus go mbíonn tuiscint níos lú agat ar an timpeallacht.  

Má ghoidtear do phas agus tú ar cuairt lae ó San Diego go Tijuana, ní ligfear isteach sna Stáit Aontaithe arís tú mura bhfuil tú in ann pas agus víosa bailí a thaispeáint.  Mura bhfuil tú in ann an fhinéal a íoc, ní bheidh de rogha agat ach taisteal chuig an Ambasáid i gCathair Mheicsiceo chun pas nua a fháil.

Coir a chur in iúl

Más íospartach coire tú i Meicsiceo caithfidh tú é a chur in iúl láithreach don Agencia del Ministerio Público is cóngaraí do láthair na coire – beidh ort céannacht le grianghraf a chur i láthair. Ní féidir aon fhiosrú coiriúil a dhéanamh gan gearán foirmiúil a dhéanamh leis na húdaráis.

Tá sé thar a bheith tábhachtach caillteanas nó goid do dhoiciméad céannachta a chur in iúl (d’údaráis Mheicsiceo agus d’Ambasáid na hÉireann i Meicsiceo), chun tú féin a chosaint dá dtarlódh go mbainfí mí-úsáid as na doiciméid ina dhiaidh sin ag láthair choire. D’fhéadfadh go mbeadh miontáillí le n-íoc chun cóip de dhoiciméad a fháil. Chun teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála glao ar 060 nó 066.

Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo nó ag an gConsalacht Oinigh i Cancún má bhíonn cúnamh uait.

Tiomáint

Bíonn éagsúlacht ar staid na mbóithre i Meicsiceo agus is féidir leo a bheith dona go leor in áiteanna áirithe. Is guaiseanna iad cuair dhainséaracha,  comharthaí agus suíomhanna tógála lagfhógartha, beostoc ar fánaíocht, feithiclí mallghluaiseachta nó tréigthe, agus constaic eile.

Tá stíleanna tiomána agus caighdeáin sábháilteachta ar bhóithre i Meicsiceo an-éagsúil ó chaighdeáin na hÉireann. Bí ullamh mar sin d’fheithiclí nach dtugann aird ar theorainneacha luais, nach léiríonn athrú lána agus nach stopann ag soilse dearga.

Má bheartaíonn tú tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána iomlán Éireannach  agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Ba chóir tiomáint ar bhóithre faoi sholas an lae amháin ar fud na tíre agus nuair is féidir bain úsáid as bóithre dola (cuota) in áit bóithre atá saor (libre)
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Mheicsiceo, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
  • Tharla sé gur lonnaigh eagraíochtaí gáineála drugaí ‘seicphointí’ feithicle i stáit ar an teorainn ó thuaidh agus i stáit an Aigéin Chiúin, rud a chur le fuadach gluaisteán i gcathracha agus ar mhórbhealaí
  • Tá daoine a thógann gluaisteáin ar cíos nó ar iasacht i Meicsiceo freagrach as aon earraí mídhleathacha a aimsítear sna feithiclí sin, fiú mura raibh fhios acu iad a bheith ann.

Cúnamh éigeandála feithicle

I gcás go gcliseann ar fheithicil nó i gcás éigeandála cois bóthair, cuireann seirbhís phatróil ar mhórbhealaí a thairgíonn Aireacht Turasóireachta Meicsiceo (SECTUR) ar a dtugtar na hAingil Ghlasa (Angeles Verdes) cúnamh saor in aisce ar gach mórbhealach dola ó 8am go 8pm. Is í an uimhir éigeandála le cúnamh a lorg ó na hAingil Ghlasa ná 078.

Coisithe

Ba chóir do choisithe a bheith thar a bheith airdeallach i gcónaí mar go dtarlaíonn timpistí marfacha buille-is-teitheadh.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar láimh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí agus coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Corraíl pholaitiúil

D’fhulaing cathairOaxacaagus ceantair tuaithe i státOaxacatréimhsí de chorraíl pholaitiúil fhoréigneach le blianta beaga anuas. Tá teannais bhunúsacha agus líon mór póilíní sa chathair i gcónaí. In Aibreán 2010, dúnmharaíodh náisiúnach Fionlannach agus é rannpháirteach i misean faire ar son cearta an duine i San Juan Copala i gceantar tuaitheOaxaca. Maraíodh gníomhaí Meicsiceach ar son cearta an duine san ionsaí céanna.  

Má tá tú ag brath páirt a ghlacadh i misin faire ar son cearta an duine i Meicsiceo ba chóir duit a chinntiú go mbíonn eolas iontaofa agat faoin gcor slándála sna háiteanna a bhfuil fút cuairt a thabhairt orthu. Bí ar an eolas nach mbíonn fórsaí slándála Mheicsiceo in ann cosc a chur le hionsaithe marfacha ar chosantóirí cearta sa tír sin i gcónaí.

Tá grúpaí armtha reibiliúnaithe agus sibhialta i státChiapas, go háirithe i gceantair iargúlta lena n-áirítear ceantair dufaire in aice leis an teorainn le Guatamala.  Má tá tú ag brath taisteal go dtí ceantair iargúlta iChiapas, ba chóir duit fanacht i gceantair ina mbíonn neart turasóirí agus tá féin a chur ar an eolas faoin gcor slándála áitiúil.  

Cuireann Bunreacht Mheicsiceo cosc ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag eachtrannaigh, agus d’fhéadfadh go bhfágfadh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí mar léirsithe go ndéanfaí duine a ghabháil nó a chur thar tír amach.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an baol ó sceimhlitheoireacht íseal i Meicsiceo tá riosca domhanda ionsaithe sceimhlitheoireachta trí chéile ann i gcónaí a bhféadfaí a bheith dírithe ar spriocanna sibhialta, lena n-áirítear áiteanna a thaithíonn turasóirí agus easaoránaigh.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Drugaí neamhdhleathacha

Ná bí bainteach ar bhealach ar bith le drugaí de chineál ar bith. Gearrtar píonós géar ar choireanna bainteach le drugaí. Gearrtar tréimhsí príosúin an-fhada ar chiontuithe – suas le 25 bliain – agus ní bhíonn toscaí go maith sa phríosún.

Déantáin chultúrtha

Féadtar tú a ghabháil má bhíonn déantáin seandálaíochta Mheicsiceacha i do sheilbh..

Gníomhaíochtaí polaitiúla

Cuireann Bunreacht Mheicsiceo cosc ar ghníomhaíochtaí polaitiúla ag eachtrannaigh, agus d’fhéadfadh go bhfágfadh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí mar léirsithe go ndéanfaí duine a ghabháil nó a chur thar tír amach.

Tubaistí nádúrtha agus aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go dtí Meicsiceo, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil dá réir
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid ar cheart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúisí nó i gcoinníollacha contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtra tromchúisí

Comhairle Taistil Te Fuara

Hairicíní

Bíonn séasúr an hairicín i Meicsiceo ó Mheitheamh go deireadh na Samhna agus féadfaidh sé cur isteach go mór ar chúrsaí iompair agus ar fhóntais.  Is féidir go mbeadh sciorrthaí talún, sleamhnaithe láibe agus tuillte ann. I gcás hairicin, déan monatóireacht ar thuairiscí sna meáin áitiúla agus déan mar a deir oifigigh éigeandála áitiúla libh. Ba chóir monatóireacht a dhéanamh freisin ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún agus seiceáil an Weather Channel nó an National Hurricane Centre iMiami.

Má théann tú go Meicsiceo i rith séasúir an hairicín ba chóir duit cóip mhionsonraithe de do phleananna taistil a fhágáil le ball teaghlaigh nó le cara. Ba chóir clárú freisin le hAmbasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo. I gcás hairicin atá ag druidim libh faigh amach cá bhfuil an scáthlán áitiúil. D’fhéadfadh go mbeadh moill ar eitiltí isteach agus amach as ceantair atá buailte, nó go gcuirfí ar fionraí iad agus d’fhéadfadh go líonfaí na heitiltí atá ar fáil go tapa. Mar sin déan teagmháil leis an aerlíne leis an eolas is déanaí ar eitiltí a fháil.

D’fhéadfadh an hairicín cur isteach freisin ar rochtain ar chalafoirt sa réigiún. I gceantair áirithe d’fhéadfadh nach mbeadh foscadh leordhóthanach ó hairicín tromchúiseach ar fáil do gach duine a roghnaíonn fanacht. Ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi phleananna easlonnaithe d’óstáin nó na loinge cúrsála. Bíodh na doiciméid taistil ar iompar agat i gcónaí (i.e. an pas, céannacht le grianghraf, etc) nó coinnigh slán iad in ionad sábháilte, uiscedhíonach. Ba chóir teagmháil a dhéanamh freisin le cairde agus le daoine den teaghlach in Éirinn le nuashonrú ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leat agus ar an áit ina bhfuil tú.

Creathanna talún

Is limistéar creatha talún gníomhach é Meicsiceo agus bíonn sé faoi réir ag creathanna talún agus brúchtaí bolcánacha. Bhuail crith de mhéid 7.4 amach ó chósta an Aigéin Chiúin de Ghuatamala, Mheicsiceo agusEl Salvadori Samhain 2012.  Má tá tú ag taisteal go dtí Meicsiceo nó i do chónaí ann cinntigh go bhfuil a fhios agat cad atá le déanamh i gcás creatha talún.

Bolcáin

Tá roinnt bolcán gníomhacha i Meicsiceo, lena n-áirítear bolcáin Popocatepetl agus Colima. Bí ar an eolas gur féidir le luaithreach bolcánach cur isteach go mór ar sheirbhísí taistil.

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Déan teagmháil le do thoil leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht Mheicsiceach is cóngaraí do riachtanais iontrála do Mheicsiceo.

Víosaí

Tá víosaí riachtanach do shaoránaigh Éireannacha ar mian leo páirt a ghlacah i ngníomhaíochtaí ar son cearta an duine i Meicsiceo. Fiú mura bhfuil fút ach dul i mbun gníomhaíochtaí deonacha ar son cearta an duine le linn saoire i Meicsiceo ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Mheicsiceach is cóngaraí roimh imeacht duit le cinneadh cén cineál víosa a theastaíonn.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. Ba chóir duit fótachóip de do phas a iompar an t-am ar fad le linn do chuairte.

Taisteal le leanaí

De réir Acht Imirce Mheicsiceo a tháinig i bhfeidhm i mBealtaine 2011, ní mór do leanaí faoi bhun 18 bliain ‘duine de na tuismitheoirí nó na daoine a bhfuil freagracht tuismitheora nó caomhnóireachta acu ina leith a bheith in éineacht leo…’ agus iad ag dul isteach nó ag fágáil na tíre.

Níl aon riachtanas sonrach d’údarú ón tuismitheoir atá as láthair i gcás tuismitheoirí singile. Ach má tá tú ag taisteal, áfach, le leanbh nach é do leanbhsa é, nó a bhfuil an chosúlacht air nach é (eg má bhíonn sloinne difriúil acu) d’fhéadfadh go n-iarrfaí orth údarú a bhfuil nótaireacht déanta air, sínithe ag an tuismitheoir nach bhfuil ag taisteal leis an leanbh, nó leis an mbeirt tuismitheoirí sa chás nach bhfuil ceachtar acu ag taisteal leis an leanbh, a thaispeáint.

Mura féidir leat é seo a sholáthar ba chóir fianaise a chur ar fáil faoin gcaidreamh atá agat leis an leanbh agus/nó an chúis go bhfuil tú ag taisteal in éineacht leo (eg teastas breithe nó uchtála, teaistais cholscartha nó phósta, nó Ordú Freagrachta Tuismitheora). Íoslaghdóidh sé seo an baol go mbeadh fadhbanna ann ag dul isteach nó ag fágáil Meicsiceo.

Caithfidh leanaí faoin bhun 18 bliain d’aois atá ag taisteal leo féin nó a bhfuil aosach in éineacht leo nach é an tuismitheoir nó an caomhnóir dlíthiúil é, teacht i láthair an oifigigh imirce i Meicsiceo agus pas bailí agus údarú aige a bhfuil nótaireacht deanta air ón tuismitheoir (na tuismitheoirí) a cheadaíonn go ngabhfadh an leanbh isteach/amach as an tir. Ní mór go mbeadh Spáinnis curtha air seo.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad roimh thaisteal má tá aon vacsaíniú ag teastáil le dul go dtí an tír seo.

Maláire agus fiabhras deinge

Tá maláire agus fiabhras deinge eindéimeach i gceantair thuaithe ísle de Mheicsiceo agus féadfaidh ráigeanna briseadh amach i rith na bliana. Má bheartaíonn tú cuairt a thabhairt ar na ceantair seo téigh i dteagmháil le do dhochtúir roimh thaisteal faoi chógas frithmhaláire oiriúnach agus ar theacht ann déan réamhchúraim leordhóthanacha in aghaidh ghreama ó chorrmhíolI Tugan ruaigtheach corrmhíl agus éadach a chlúdaíonn an oiread craicinn agus is féidir cosaint éigin.

Uisce

Moltar go láidir nach n-óltar ach uisce buidéalaithe (ní ón mbuacaire). Déantar leac oighre as uisce buacaire.  Is é is dóigh nach mbeadh bia agus deochanna neamhbhuidéalaithe a dhíolann díoltóirí sráide slán ach an oiread.