Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM)

Má tá tú ag taisteal go Stáit Aontaithe Mheiriceá, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Faigh árachas taistil agus liachta

Faigh árachas taistil cuimsitheach i gcónaí a chlúdóidh gach costas liachta thar lear, aslonnú liachta san áireamh, sula dtéann tú ag taisteal. Ní féidir linn íoc as aon chostais éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ort ar do thuras. Mar sin, d’fhéadfadh árachas taistil go leor leor airgid a shábháil duit, má bhíonn fadhbanna agat. Ná déan dearmad na coinníollacha i do pholasaí a léamh agus a chinntiú go gclúdaíonn sé gach rud atá beartaithe agat a dhéanamh.

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas slándála

Má tá tú ag pleanáil cuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, moltar duit gnáth-réamhchúram a dhéanamh

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe nó fanacht ann, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn, ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear. Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle Uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoi Stáit Aontaithe Mheiriceá sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh Éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, le d’ionadaí tionscnóra turas nó le bainistíocht d’óstáin.  

Déan teagmháil leis an Ambasáid

I gcás éigeandála, nó má tá cabhair agus comhairle uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Ambasáid na hÉireann i Washington DC agus leis na Consalachtaí Éireannacha in Austin, Atlanta, Bostún, Chicago, Nua Eabhrac agus San Francisco.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht le:

  • D'ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Foghlaim níos mó faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat 

Seiceálacha Slándála

Ta rabhadh tugtha ag an nGníomhaireacht Chosanta Custam agus Teorann/The Customs and Border Protection Agency faoi go bhféadfadh tráthanna feithimh níos faide a bheith ann ag aerfoirt idirnáisiúnta, go háirithe le linn bhuaicshéasúr an tsamhraidh, de bharr ciorruithe buiséid. Féadfaidh go mairfidh siad sin chomh fada le ceithre huaire an chloig ag na haerfoirt is broidiúla. Féadfaidh go mbeidh sé níos deacra nasceitiltí géarsprice a bhaint amach de dheasca na dtráthanna próiseála níos faide. Ba chóir go mbeadh tionchar níos lú ag na moilleanna sin ar phaisinéirí na hÉireann a dhéanann réamh-imréiteach inimirce SA in aerfort Bhaile Átha Cliath nó na Sionainne.

Sceimhlitheoireacht

Ó na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar an 11 Samhain 2001 i leith, tá roinnt foláireamh eisithe ag  rialtas na Stát Aontaithe faoi ionsaithe breise a d’fhéadfadh tarlú sa tír. Tá leibhéal bagartha baile na Stát Aontaithe ar ‘leibhéal ardaithe’ (buí) agus tá slándáil mhéadaithe i bhfeidhm ag an rialtas, go háirithe ag na haerfoirt. Bí ag súil le dianseiceálacha slándála ag na haerfoirt, na stáisiúin chórais iompair agus ag foirgnimh phoiblí eile.

Coiriúlacht

Tá an leibhéal coiriúlachta sách íseal i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcónaí ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a ghlacadh mar sin féin:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Coinnigh srian ar an méid airgid tirim atá ar iompar agat trí úsáid a bhaint as seiceanna taistil, Eurocheque nó cártaí creidmheasa idirnáisiúnta
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
  • Coinnigh súil amach le haghaidh daoine atá á n-iompar féin go hamhrasta, nó pacáistí atá fágtha gan aon duine ina mbun in áiteanna poiblí

Coiriúlacht a chur in iúl

Má tharlaíonn sé go mbeidh tú i do íospartach coiriúlachta agus tú i Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuir tuairisc láithreach faoi chuig na póilíní áitiúla. Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn Ambasáid na hÉireann i Washington DC agus ag na Consalachtaí Éireannacha in Austin, Atlanta, Bostún, Chicago, Nua Eabhrac agus San Francisco.

Tiomáint

Má tá tú ag beartú tiomáint a dhéanamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, bí ar an eolas go dtiomáintear carranna ar thaobh na láimhe deise den bhóthar ach thairis sin tá na dálaí sábháilteachta bóthair sách cosúil leo siúd in Éirinn.

Más mian leat tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí.

Le linn duit a bheith i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá feidhm ag na dlíthe feidearálacha, stáit agus áitiúla uile maidir leat. Ní hionann na dlíthe ó stát go stát ach le linn duit a bheith i láthair go fisiciúil i stát, fiú go sealadach, tá tú faoi réir dhlíthe an stáit sin, agus in iliomad cásanna, faoi réir dhlínse a chúirteanna.

I gcás go mbeidh deacrachtaí ar bith agat leis na húdaráis i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ba chóir duit a mhíniú dóibh gur náisiúnach Éireannach tú agus iarr labhairt le hoifigeach consalachta Éireannach. Déanfaimid ár ndícheall le cuidiú leat ach ní thig linn tú a shlánú  má bhíonn tú i dtrioblóid ná tú a shaoradh ó phríosún.

Drugaí neamhdhleathacha

Gabhann dianphionóis le húsáid mhídhleathach drugaí (cuma cén druga é), lena n-áirítear fíneálacha agus téarmaí fada príosúin.

Doiciméid inimirce

Ceanglaítear le Dlí Feidearálach na Stáit Aontaithe Mheiriceá ar gach aon náisiúnach eachtrannach doiciméadacht inimirce a bheith ar iompar acu (amhail do phas á léiriú go bhfuil cead agat dul isteach sa tír agus fanacht ann) gach aon tráth agus tú i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Rinne roinnt Stát (Arizona, Utah, Indiana, Carolina Theas, Georgia agus Alabama) reachtaíocht a thabhairt isteach atá ceaptha líon na n-inimirceach neamhdhleathach ina gcuid stát a aithint agus a laghdú. Áirítear ar na bearta sin a údarú d’oifigigh phóilíneachta daoine a bhfuil siad in amhras fúthu go bhfuil siad i Stáit Aontaithe Mheiriceá go neamhdhleathach a choinneáil. Cé go bhfuil roinnt de na bearta á gconspóid sna cúirteanna, tá sé tábhachtach go mbeadh do chuid doiciméad agat agus iad ar fáil lena n-iniúchadh má iarrann oifigigh fhorfheidhmithe dlí ort iad a thabhairt ar aird cibé áit a mbeidh tú i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Comhairle phraiticiúil

  • Má tá tú ag taisteal go Stáit Aontaithe Mheiriceá, bí cinnte go dtuigeann tú cad atá romhat – ansin pleanáil agus pacáil ionas go mbeidh tú ullamh
  • Faigh comhairle áitiúil faoin méid is ceart a dhéanamh i gcás eachtra tromchúiseach nó dálaí contúirteacha
  • Comhoibrigh le húdaráis áitiúla agus le seirbhísí éigeandála i gcás eachtraí tromchúiseacha

Comhairle Taistil Te Fuara

Spéirling

Maireann séasúr na spéirlingí i Stáit Aontaithe Mheiriceá go hiondúil ón 1 Meitheamh go  30 Samhain, agus féadann sé fearadh ar  cheantar iomlán dheisceart na Stát Aontaithe. Seiceáil, le do thoil, láithreán gréasáin Lárionad Náisiúnta na Spéirlingí, tabhair aird ar thuairiscí aimsire áitiúla ag www.weather.gov agus faigh eolas áitiúil ar an láithreán gréasáin local information on the Federal Emergency Management Agency (FEMA) website agus ar an mblag http://blog.fema.gov/.

Tá eolas le fáil ar láithreán gréasáin FEMA faoin dóigh le hullmhú le haghaidh dálaí aimsire an-dian agus faoina bhfuil le déanamh má iarrtar ort aslonnú. Tá liosta úsáideach soláthairtí tubaiste ar fáil ann freisin a bheidh ina chuidiú má tá cónaí ort i limistéar ar a bhfearann stoirmeacha agus spéirlingí.