DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Rinn Verde, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Rinn Verde

Má tá tú ag taisteal go Rinn Verde, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus slándáil
  • Dlíthe agus gnásanna áitiúla
  • Sláinte
  • Eolas Breise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanfaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal

Ní theastaíonn víosa ó shaoránaigh na hÉireann chun dul isteach i gCabo Verde ar feadh tréimhse suas go 30 lá.

Teastaíonn pas bailí chun taisteal chuig Cabo Verde. Ba cheart do phasanna Éireannacha a bheith bailí ar feadh íostréimhse 6 mhí. Ní féidir paschártaí a úsáid.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le víosaí agus pasanna, féach ar an táb Eolas Breise.

Moltar do chuairteoirí chuig Cabo Verde treoir na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a leanúint agus a choimeád ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú trí monatóireacht a dhéanamh ar an nuacht áitiúil agus na meáin shóisialta.

Rangaigh údaráis sláinte na hÉireann Cabo Verde mar thír ina mbíonn riosca de tharchur víreas Zika. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint

Rangaíonn údaráis Sláinte na hÉireann Cabo Verde freisin mar cheann de na tíortha ardriosca ina bhfuil ardrátaí heipitíteas C. Tá riosca íseal den mhaláire freisin sa phríomhchathair, Praia (Oileán Santiago) Chun tuilleadh faisnéise agus comhairle a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)​.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid Éireannach i gCabo Verde, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atáimid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Liospóin, áfach, má theastaíonn cúnamh uait nó leis an Oifigeach ar Dualgas sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath ar +353 (0)1 408 2000.

Cúnamh Éigeandála

Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála i gCabo Verde tríd an méid seo a leanas:

  • Na Póilíní: 132
  • An Bhriogáid Dóiteáin: 131
  • An tOtharcharr: 130

Ár gCuid Leideanna le hAghaidh Taisteal Sábháilte:

  • Molaimid go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a cheannach a chumhdóidh na gníomhaíochtaí ar fad atá pleanáilte agat.
  • Cláraigh do chuid sonraí linn ionas go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat i gcás éigeandála, amhail tubaiste nádúrtha nó éigeandáil teaghlaigh.
  • Lean muid ar Twitter @dfatravelwise do na nuashonruithe taistil is déanaí.
  • Léigh ár dtreoir ‘Eolas Roimh Thaisteal Duit’.

Sábháilteacht agus slándáil

Sábháilteacht agus slándáil

Sceimhlitheoireacht 

Cé go bhfuil baol na sceimhlitheoireachta fíorbheag, tá sé tábhachtach nach gcuirtear an riosca as an áireamh d’ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, rud a d’fhéadfaí díriú ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh.

Coireacht

Tá cúrsaí coireachta sách íseal ach ba cheart duit réamhchúraimí ciallmhaire a dhéanamh:

  • Ná hiompar do phas murach go bhfuil géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
  • Déan iarracht gan suimeanna móra airgid a nochtadh go poiblí agus ná húsáid Uathmheaisíní Bainc agus é dorcha.
  • Is féidir le mionchoireanna amhail piocadh póca nó sciobadh málaí láimhe tarlú, lena n-áirítear ar thránna. Tarlaíonn siad go háirithe le linn féilte agus aontaí sráide, agus i limistéir mhargaidh lasmuigh a bhíonn plódaithe, go háirithe ar oileán São Vicente, in Praia agus ar oileán Santiago
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir de bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin.
  • Cuir do dhoirse agus d’fhuinneoga faoi ghlas san oíche.

Coireanna a thuairisciú

Más íospartach coireachta thú, tuairiscigh do na póilíní áitiúla é láithreach.

Sábháilteacht ar bhóithre

Tá córas bóithre fairsing ag Cabo Verde. Ar oileáin Santiago, Sal, agus São Vicente, is bóithre asfailt iad an-chuid bóithre uirbeacha agus tuaithe. Ar na hoileáin eile, tá roinnt bóithre cúng, lúbtha agus níl mórán solais iontu, agus déantar iad de chlocha duirlinge den chuid is mó.
Le linn shéasúr na báistí, bíonn bóithre clocha duirlinge thar a bheith sleamhain, agus tá láib agus carraigshleamhnuithe coitianta ar bhóithre a ghearrann trí sléibhte. Is minic nach mbíonn soilse ar bhóithre agus ar shráideanna agus bíonn sé contúirteach tiomáint san oíche. Is gnách go ndéantar príomhbhóithre a phábháil le clocha duirlinge ach is féidir leo a bheith cúng, lúbach agus gan mórán solais.
Ba cheart do thiománaithe agus coisithe a bheith cúramach, go háirithe tar éis thitim na hoíche.

Iompar poiblí

Tá trí phríomh-mhodh iompair phoiblí ann in Praia: tacsaí, busanna cathrach, agus seirbhís veaineanna comaitéireachta idirchathrach. Moltar go láidir gan seirbhís veaineanna idirchathrach a úsáid mar gheall ar dhrochnósanna tiomána na gcónaitheoirí áitiúla.
Cé go meastar go bhfuil tacsaithe oifigiúla sábháilte agus iontaofa, ba cheart do phaisinéirí a bheith stuama fós agus níor cheart dóibh tacsaí a roinnt le strainséirí.
In Praia, tá busanna cathrach agus tacsaithe iontaofa, glan agus bíonn bail mhaith orthu..

Sábháilteacht Mhuirí

D’fhéadfadh coinníollacha na farraige a bheith an-chontúirteach agus ba cheart do mhairnéalaigh a bheith thar a bheith cúramach agus comhairle áitiúil a lorg roimh thaisteal dóibh. Cuir na calafoirt áitiúla in iúl maidir le hamanna teachta agus imeachta agus cuir do chuid taistil ar fáil do ghaolta.

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bí ar an eolas agus léirigh meas ar ghnásanna, traidisiúin agus cleachtais áitiúla toisc go bhféadfaí a cheapadh go bhfuil d’iompar míchuí, naimhdeach nó mídhleathach fiú.

Sláinte

Sláinte

Tá Cabo Verde rangaithe ag údaráis sláinte na hÉireann mar thír ina bhfuil baol ann go dtarchuirfear víreas Zika, agus tugann siad comhairle do mhná atá ag iompar clainne agus atá a bhfuil sé i gceist acu a bheith ag iompar clainne gach taisteal neamhriachtanach a chur siar.

Déanann údaráis Sláinte na hÉireann Cabo Verde a rangú freisin mar cheann de na tíortha ardriosca ina bhfuil rátaí heipitíteas C ard. Tá riosca íseal den mhaláire freisin sa phríomhchathair, Praia (Oileán Santiago) Chun tuilleadh faisnéise agus comhairle a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin FSS Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)​

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaínithe

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta. D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtógfar a dhóthain cógais leat do do thuras ar fad agus do mhoill ar bith nach mbeifear ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Eolas Breise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Ní theastaíonn víosaí ó shaoránaigh Éireannacha chun cuairt a thabhairt ar Chabo Verde ar feadh tréimhsí fanachta suas go 30 lá. Ní mór do phasanna a bheith bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad tar éis duit teacht i dtír.

Ní mór do gach paisinéir a thaistealaíonn go Cabo Verde ó thíortha thar lear an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Réamhchlárú ar an ardán EASE (https://www.ease.gov.cv/) ar a laghad 5 lá roimh a dháta taistil;
  2. Cáin Slándála Aerfoirt a íoc (TSA; Taxa de Segurança Aeroportuária), a bhfuil costas 150 CVE uirthi (tuairim is €1.36 tráth scríofa na tuarascála) d’eitiltí baile agus 3400 CVE uirthi (€30.83) d’eitiltí idirnáisiúnta.

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chuig Cabo Verde agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú i gCabo Verde ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i Liospóin. Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil.

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

• Cáipéis taistil éigeandála a chur ar fáil le go mbeidh tú in ann dul abhaile;

• Más gá, comhairle a thabhairt duit maidir le hiarratas a dhéanamh ar phas nua.

Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní chuirfimid doiciméid taistil ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

 

Embassy contact

Embassy Contact

Please note that if you require assistance in the case of emergency while the Embassy is closed, contact the main Embassy number, 00 351 213308200, and leave a message on the Duty Officer voice mailbox.

This mailbox will be monitored regularly.

Embassy of Ireland
Avenida da Liberdade 200, 4th Floor
1250-147 Lisboa
Portugal

Tel: +351 21 330 8200
Fax: +351 21 397 7363

Monday to Friday 9.30am to 12.30pm

Contact us