DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Saint Lucia, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Saint Lucia

Má tá tú ag taisteal go Saint Lucia, tá leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil le fáil sa mhír comhairle taistil agus nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Taisteal chun Saint Lucia

Ní gá teastas vacsaínithe nó tástáil dhiúltach ar COVID-19 a chur ar fáil chun taisteal chun Saint Lucia.

Ní mór do gach paisinéir an Fhoirm Scagthástála Sláinte a íoslódáil, a chomhlíonadh agus a phriontáil, foirm nár mhór a chur ar fáil ar theacht isteach duit.

Comhairle Taistil Ghinearálta

Adhaimsir i Réigiún Mhuir Chairib

De ghnáth maireann séasúr hairicíní an Atlantaigh ó mhí Meithimh go deireadh mhí na Samhna gach bliain agus d’fhéadfadh sé freisin oirthear agus deisceart SAM a bhualadh le báisteach throm, tuilte, agus gaotha an-arda.

Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu a bheith sa réigiún atá buailte le linn na tréimhse seo machnamh a dhéanamh ar an ngá le taisteal bunaithe ar eolas maidir le réamh-mheastacháin ar adhaimsir.

Víreas Zika 

Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin  An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.

Ós rud é nach bhfuil Ambasáid ná Consalacht Éireannach i dTóga, táimid teoranta maidir leis an gcabhair atá muid in ann a thabhairt duit i gcás éigeandála. Má tá cabhair de dhíth ort, áfach, déan teagmháil déan teagmháil le hAmbasáid na hÉireann i Washington

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Séasúr na hairicíní

Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiafraigh de do dhochtúir i bhfad sula dtaistealaíonn tú an dteastaíonn aon vacsaíniú le haghaidh na tíre seo.

 

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.

D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.

Embassy contact

Embassy Contact

If you need urgent assistance outside of working hours Monday to Friday, you can contact the Department of Foreign Affairs and Trade on +353 1 408 2000 or the Embassy of Ireland in Ottawa.

Embassy of Ireland
Suite 1105 (11th Floor)
130 Albert Street
Ottawa
Ontario K1P 5G4
Canada

Tel: +1 613 233 6281

Monday to Friday 10am to 12pm and 2pm to 4pm

Contact us