DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do Uragua, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

Uragua

Má tá tú ag taisteal go Uragua, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaigheann tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Gnáth-Réamhchúraimi

Cláraigh linn

Má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar Uragua nó fanacht inti, ba chóir duit do chuid mionsonraí a chlárú linn ionas go bhféadfaimid tú a aimsiú go tapa sa chás go dtarlódh géarchéim nach raibh súil léi, mar shampla tubaiste nádúrtha, nó eachtra éigeandála i do theaghlach, agus tú thar lear.  Ansin, d’fhéadfaimis cabhair a thairiscint duitse nó do do theaghlach más gá.

Comhairle uainne

Moltar duit an méid is féidir a fhoghlaim faoin Uragua sula dtéann tú ann.

Moltar duit freisin an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal a léamh chun leideanna praiticiúla a fháil ar thaisteal thar lear.

Cúnamh éigeandála

Is minic gur fearr a bhíonn daoine áitiúla in ann cabhrú leat, mar sin labhair le muintir na háite, d’ionadaí tionscnóra turas nó bainistíocht d’óstáin.

Déan teagmháil leis an Ambasáid

Mar gheall nach bhfuil aon Ambasáid ná Consalacht Éireannach in Uragua, táimid teoranta sa mhéid cúnaimh is féidir linn a thairiscint i gcás éigeandála. Má theastaíonn cúnamh uait, áfach, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann in Buenos Aires san Airgintín.

Má ghlaonn tú lasmuigh d’uaireanta oibre, fág teachtaireacht leis na sonraí seo a leanas:

  • D’ainm
  • An cineál faidhbe atá agat
  • An áit a bhfuil tú anois
  • Do chuid mionsonraí teagmhála (uimhir fón póca nó uimhir theileafóin don áit a bhfuil tú ag fanacht ann)

Déanaimid monatóireacht rialta ar na teachtaireachtaí sin agus déanfaidh duine den fhoireann teagmháil leat.

Conas is féidir linn cabhrú leat

Tá go leor taithí againn ag cabhrú le saoránaigh de chuid na hÉireann a mbíonn fadhbanna acu agus iad thar lear. Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál cúnaimh éigeandála is féidir linn a thairiscint duit.

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat

Sceimhlitheoireacht

Cé gur beag bagairt atá in Uragua ó chúrsaí sceimhlitheoireachta, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Bíonn cuairteanna ar Uragua sábháilte go maith den chuid is mó ach ba chóir duit a bheith cúramach maidir le coiriúlacht ar na sráideanna sa phríomhchathair, Montevideo. Tá codanna eile d’Uragua, lena n-áirítear Punta del Este sábháilte go maith, ach moltar duit a bheith ar an airdeall agus réamhchúraim stuama a dhéanamh:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit sábháilte
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile
  • Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná caith seodra luachmhar go poiblí.
  • Ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
  • Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar chaiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach
  • Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse

Mionchoiriúlacht

Tarlaíonn coireanna sráide in Montevideo, ach ní bhíonn i gceist leis den chuid is mó ach málaí lámha á ngoid agus peasghadaíocht.  Tarlaíonn mugálacha agus robálacha (le hairm ar uairibh) ach anois agus níos mó póilíní ag obair ar na sráideanna i gcalafort Montevideo agus sa seanchuid den bhaile tá laghdú ag teacht ar choiriúlacht ar na sráideanna.

Coiriúlacht Carranna

Tá coiriúlacht carranna forleathan i Montevideo.  Déan iarracht páirceáil i gcónaí i gceantar atá lán le soilse, agus ná déan dearmad glas a chur ar an gcarr agus ná fág bagáiste, cáipéisí pearsanta ná airgead tirim san fheithicil riamh.

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir in Uragua, cuir in iúl do na póilíní áitiúla láithreach é. Agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag an Ambasáid Éireannach in Buenos Aires má theastaíonn cúnamh uait.

Ag tiomáint

Tá caighdeáin éagsúla ar bhóithre in Uragua.  Tá an príomhbhóthar dola chuig Punta del Este ar chaighdeán maith agus marcáilte go maith. In áiteanna eile tá na bóithre coinnithe go maith ach tá roinnt sách olc agus beidh ort a bheith an-chúramach agus tú ag tiomáint orthu. Níl na caighdeáin tiomána in Uragua ard ach oiread, i gcomparáid le caighdeáin tiomána na hÉireann.  Bí ar an eolas nach mbíonn an trácht eagraithe agus athraíonn tiománaithe lánaí go minic agus iad ag casadh gan comhartha a thabhairt ach oiread.  Is minic a dhéantar neamhaird ar chomharthaí stop, ar shoilse tráchta agus ar theorainneacha luais fiú.

Má tá sé i gceist agat tiomáint, ba chóir duit cloígh leis na nithe seo a leanas:

  • Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do chead tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Uragua, mar shampla luasteorainneacha
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Bí fíor chúramach má bhíonn tú ag tiomáint san oíche
  • Tá sé éigeantach soilse an chairr a chur air i rith an lae agus tú ag taisteal ar phríomhbhóithre lasmuigh de na cathracha
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

 

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus gnásanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, cuir tú féin ar an eolas sula dtaistealaíonn tú agus faigh comhairle go háitiúil nuair a bhaineann tú ceann scríbe amach
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa, mar chuairteoir, agus nach mór duit cloí leo
  • Bí measúil ar nósanna, ar thraidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, mar go mb’fhéidir go bhféachfaí ar an gcaoi a n-iompraíonn tú tú féin mar iompar a bheadh as bealach, naimhdeach nó in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Gearrtar pionóis an-dian ar dhaoine a bheirtear i mbun gáinneála drugaí nó a fhaightear agus drugaí ina seilbh. Bí an-chúramach le do bhagáiste agus le do chuid málaí agus seachain aon teagmháil a bheith agat le drugaí atá toirmiscthe.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

An Aeráid

Tá aeráid Uragua bog go maith agus bíonn an cineál céanna aimsire ar fud na tíre. Bíonn éagsúlacht mhór idir na séasúir, ach ní bhíonn athruithe móra tobann ar theochtaí. Mar a bheifeá ag súil leis mar gheall ar an méid uisce atá ann agus an bogthaise ard bíonn go leor ceo ann. Toisc nach bhfuil sléibhte sa tír a bhíonn ina mbacainní aimsire bíonn tionchar mór ag an ngaoth ard ar an tír agus athraíonn an aimsir go tapa de réir mar a bhogann frontaí nó stoirmeacha trasna na tíre.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Mura bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála Uragua, lena n-áirítear víosa agus eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó téigh i dteagmháil leis an Ambasáid de chuid Uragua is gaire duit.

Féadfaidh tú seiceáil leo freisin cé chomh fada agus a bhíonn ar do phas a bheith bailí.

Pasanna

Moltar duit roinnt fótachóipeanna de do phas a thabhairt leat agus tú ag taisteal go Uragua agus ba chóir duit fótachóip de do phas a bheith ar iompar agat i gcónaí le linn do thréimhse ann.

Sláinte

Seiceáil le do dhochtúir i bhfad sula dtéann tú ag taisteal an bhfuil gá le haon vacsaínithe d’Uragua.

Embassy contact

Embassy Contact

Outside office hours, for genuine emergencies involving Irish citizens, which cannot wait until the next working day, please call +54 9 11 5945 7483.

You may also wish to contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs in Dublin on +353 1 408 2000

Embassy of Ireland
Edificio Bluesky
6th Floor
Avenida del Libertador 1068
Recoleta
Buenos Aires
Argentina

Tel: +54 11 5787 0801
Fax: +54 11 5787 0802

Monday to Friday09:00-13:00

Contact us