Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Taisteal ar Ghnó

Seiceáil na Riachtanais Iontrála i dtaobh Víosa

Mura gcuirfidh tú i láthair an cineál ceart víosa ar theacht duit, d'fhéadfadh sé nach n-éireoidh leat imréiteach inimirce a fháil. Is féidir leis a bheith casta víosa ghnó a fháil i gcomparáid le víosa thurasóireachta, mar sin déan cinnte go bhfuil a fhios agat cén cineál víosa atá ag teastáil uait, agus déan iarratas ar an víosa a luaithe is féidir.

Téigh i gcomhairle le hAmbasáid na tíre a bhfuil tú ag taisteal chuici i gcomhair an eolais go léir faoi na cineálacha víosa atá ar fáil agus na riachtanais ina dtaobh. Tá liosta iomlán na nAmbasáidí atá creidiúnaithe i leith na hÉireann anseo.

Seiceáil go Cúramach Dáta Éaga do Phas

I gcás a lán cinn scríbe, ní mór sé mhí ar a laghad a bheith fágtha ar do phas agus tá ag dul isteach sa tír. Ordaigh do phas nua in am trátha. Tá an pas caighdeánach Éireannach 10 mbliana ar fáil ar €80 trí Sheirbhís na bPasanna Luais agus tá foirmeacha iarratais ag d'oifig phoist áitiúil nó ag Oifigí na bPasanna i gCorcaigh nó i mBaile Átha Cliath. Coinnigh fótachóip de do phas ort agus tú ag taisteal thar lear.

Tá cárta pas ar fáil freisin ar €35 i gcás Saoránaigh Éireannacha a bhfuil pas bailí acu (bailíocht 30 lá ar a laghad) agus atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn. Tá an cárta pas bailí le haghaidh taistil laistigh den Aontas Eorpach agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus san Eilvéis. Ordaigh do cheann féin ar aip mhóibíleach na gCártaí Pas Éireannacha ("Irish Passport Card") ar iOS nó Android.

Ceannaigh Árachas Taistil

Tá árachas taistil riachtanach agus tú ag taisteal thar lear, ar feadh thréimhse iomlán do thurais. Ba chóir go gclúdódh árachas taistil cuimsitheach gach cúram leighis thar lear (agus duine a aslonnú go hÉirinn chun cóir leighis a chur air nó uirthi), clúdach dliteanais phearsanta, giuirléidí caillte agus goidte, agus taisteal curtha ar ceal.

Tá an t-eolas go léir faoi árachas taistil sa rannán 'Eolas roimh Thaisteal'.

Socraigh Airdeall

Roghnaigh an tír a bhfuil tú ag taisteal chuici ón liosta 200 tír ar an aip TravelWise agus socraigh airdeall. Cinnteofar ar an gcaoi sin go seolfar teachtaireacht díreach chuig d'fhón má tharlaíonn mór-eachtra slándála sa tír sin.

Cuir Daoine eile ar an Eolas faoi do Chúrsa Taistil agus bí i dTeagmháil leo

Idir chruinnithe ghnóthacha, chriosanna ama éagsúla agus easpa rochtana ar an líonra teileafóin, is féidir leis a bheith deacair a bheith i dteagmháil le daoine sa bhaile agus tú ag taisteal.

Má tá tú chun triall ar áiteanna éagsúla agus tú ar thuras gnó, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil eolas mionsonraithe ag do mhuintir agus d'oifig faoi do chúrsa taistil. Is mó seans nach mbeidh daoine sa bhaile buartha fút ach a fhios a bheith acu cá bhfuil tú.

Fánaíocht

Ceannaigh cárta SIM do na tíortha a mbeidh tú ag tabhairt cuairte orthu nó ceannaigh pacáiste fánaíochta ó do líonra in Éirinn. Is fusa i bhfad a bheidh sé teacht ort agus tú imithe ón óstán má dhéanann tú é sin.

Faigh Airgead

Ní féidir i gcónaí a bheith ag brath air go nglacfar go forleathan le do chárta creidmheasa agus tú ag taisteal. Moltar duit roinnt airgid a thabhairt leat lena mhalartú nó airgead a fháil as do chuntas ag an aerfort. Smaoinigh go háirithe ar chostas tacsaí.

Carr ar Cíos

Bí ar an eolas go n-éilíonn roinnt tíortha go bhfágfaidh tú do phas leis an gcuideachta carranna agus carr á fháil ar cíos agat. Ná tabhair do phas ar lámh i gcáil urrúis. Má cheadaíonn tú go ndéanfaí fótachóip de, ná lig amach as d'amharc é. Seiceáil go bhfuil do dhóthain árachais agat agus iarr ar an ngníomhaire an cló beag sa fhruilchonradh a mhíniú duit (go háirithe aon tarscaoileadh a thiocfaidh i bhfeidhm má dhéantar damáiste don fheithicil).

Déan taighde faoi Chuibheoirí Leictreacha

Ní hionann na soicéid agus an sruth leictreachais atá i réigiúin agus i dtíortha éagsúla. Ceannaigh cuibheoir uilíoch nó déan taighde faoi roghanna i dtaobh soláthar cumhachta i do cheann scríbe.
Cuir lucht iomlán i do chuid gléasanna sa bhaile roimh imeacht duit. Má tá sé i gceist agat cuid mhór ama a chaitheamh ag taisteal lasmuigh d'óstáin nó d'oifigí, b'fhéidir gur mhaith leat ceallra cúltaca a cheannach.

Vacsaínithe Sláinte

Má tá seans ann go mbeidh tú ag taisteal chuig tíortha teochriosacha, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil do chuid vacsaínithe cothrom le dáta. I gcás vacsaínithe áirithe ní mór iad a fháil roinnt seachtainí roimh ré. Seiceáil le dochtúir cad iad na vacsaínithe a bheidh uait don turas ar a laghad ocht seachtaine roimh thaisteal duit. Tá tuilleadh eolais faoi vacsaínithe ar shuíomh gréasáin FSS. D’fhéadfadh sé nár mhór fianaise ar vacsaíniú (i bhfoirm deimhnithe) a thaispeáint agus tú ag dul isteach i roinnt tíortha.

Má theastaíonn cógas uait, bí cinnte go bpacálfaidh tú do dhóthain de ar feadh an turais. D'fhéadfadh sé go mbeidh ort a sheiceáil freisin go gcomhlíonann an cógas na rialacháin taistil agus na rialacháin chustaim áitiúla.

Foghlaim faoi Chultúr agus Dlíthe na Tíre

Agus tú ag taisteal chuig tír nach bhfuil mórán aithne agat uirthi, is fiú tamall a chaitheamh ag foghlaim faoina cultúr agus a cuid nósanna. I gcás roinnt cineálacha iompraíochta a bhfuil glacadh coitianta leo in Éirinn, d'fhéadfadh muintir tíre eile a cheapadh go bhfuil siad míchuí nó maslach. Chun cabhrú leat socrú isteach, d'fhéadfá roinnt beannachtaí bunúsacha a fhoghlaim i dteanga na tíre.

I gcomhair comhairle taistil ar chúrsaí slándála, dlíthe agus cúrsaí praiticiúla i do cheann scríbe, tabhair cuairt ar phróifíl tíre na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ina leith.