Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Réamhrá ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Charles Flanagan T.D.

I mo cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, is mór an chúis áthais dom fáilte a chur romhat chuig an tsúil siar seo ar ghníomhaíochtaí mo Roinne in 2015.

I mí Eanáir, sheolamar 'An tOileán Domhanda', athbhreithniú ar an mbeartas eachtrach dár gcuid inar bhreathnaíomar chun cinn agus fís á leagan amach againn i leith ionad na hÉireann ar domhan, ar fud cúig réimse tosaíochta: Muintir na hÉireann, Ár gCuid Luachanna, Ár Rathúnas, Ár nIonad san Eoraip agus Ár dTionchar.

Ag breathnú go diongbháilte chun cinn dúinn, bhíomar i mbun oibre chun caibidliú a dhéanamh ar an gComhaontú um Thús Nua i dTuaisceart Éireann, d'fhonn bonn daingean a chur faoin tsíocháin dhaor ar oileán na hÉireann.

Sheolamar Cárta Pas nua do shaoránaigh na hÉireann mar chuid den chlár oibre nuálaíochta atá ar bun againn ar mhaithe leis na saoránaigh. I gceanncheathrú na Roinne i mBaile Átha Cliath agus sna Misin atá againn ar fud an domhain, choinníomar leis an obair chonsalachta agus freagra á thabhairt againn ar ghéarchéimeanna agus ar tharluithe in Berkeley, sa Túinéis, i Neipeal agus i bPáras i measc áiteanna eile, chomh maith leis an bhfreagra uainn ar bhreis is [2000 / 1500] cás aonair.

Bhíomar á cheiliúradh go raibh Éire sna Náisiúin Aontaithe le 60 bliain anuas, agus chuireamar fáilte roimh an Ard-Rúnaí Ban Ki-moon agus an iarArd-Rúnaí Kofi Annan chuig Teach Uíbh Eachach.

Bhíomar ag obair lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach chun freagairt do dhúshláin nua i dtaobh na himirce: thacaigh ár nAmbasáidí leis an obair a rinne Cabhlach na hÉireann sa Mheánmhuir, agus chuireamar tacaíocht airgid ar fáil trí Chúnamh Éireann.

Lean ár gcuid Ambasáidí agus Consalachtaí thar lear lena dtacaíocht don leathnú ar an ngnó Éireannach ar an gcoigríoch, agus iad ag tabhairt treorach, ag cruthú deiseanna agus ag tabhairt príomhpháirtithe leasmhara le chéile. 

Tugaim cuireadh duit féachaint ar imeachtaí agus éachtaí suntasacha na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in 2015 ar an gcur i láthair idirghníomhach agus an láithreán gréasáin seo, agus muid a leanúint ar líne ag www.dfa.ie/ie agus ar Twitter @dfatirl.

Gabhaim buíochas le foireann na Roinne as dúthracht a gcuid oibre agus as an tseirbhís a thugann siad don phobal.