Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Réamhrá ón Ard-Rúnaí Niall Burgess

Niall Burgess is ainm dom agus is mise an tArd-Rúnaí i Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann.

Tá réimse leathan, éagsúil cúraimí orainn, ach is é an príomhról atá againn tacú leis an Rialtas i ndáil le freastal ar riachtanais shaoránaigh na hÉireann, sa bhaile agus thar lear.

Cuirimid tacaíocht chonsalachta agus seirbhísí pas agus seirbhísí tacaíochta d'eisimircigh ar fáil do shaoránaigh na hÉireann atá ag taisteal thar lear nó a bhfuil cónaí orthu thar lear.

Cuirimid chun cinn ár leasanna geilleagracha agus ár gcuid luachanna thar lear. Mar shampla, bímid ag obair i gcomhar le raon leathan comhpháirtithe idirnáisiúnta chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras ar domhan.

Agus táimid ag obair leis na Náisiúin Aontaithe agus le dreamanna eile chun dul i ngleic le géarchéimeanna daonnúla agus chun an bhunsraith a leagan síos i gcomhair na síochána agus na slándála i roinnt de na háiteanna is corraí ar domhan.

Sa bhaile, glacaimid páirt san obair atá fós ar bun chun treisiú a dhéanamh ar an athmhuintearas anseo ar oileán na hÉireann.

Táim bródúil as na fir agus mná ar gach leibhéal i Seirbhís Coigríche na hÉireann – lena n-áirítear na baill foirne ar an láthair inár líonra misean thar lear – a bhíonn ag obair go crua chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

San athbhreithniú seo ar ár ngníomhaíochtaí in 2015, tá sé ina aidhm againn ár gcuid oibre a chur i láthair go soiléir, soléite.

Mar sin, tapaigh an deis seo le do thoil chun tuilleadh eolais a chur ar an obair a dhéanaimid ar do shon. Ba mhaith linn tuairimí a chloisteáil uait faoi conas a d'fhéadfaimis feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal.

Is mór an onóir dúinn é ionadaíocht a dhéanamh ar shaoránaigh na hÉireann agus tacaíocht a thabhairt don tír seo thar lear. Thar ceann mo chomhghleacaithe go léir, gabhaim buíochas leat as muinín a chur ionainn agus as ucht do chuid tacaíochta.