Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Straitéis i leith Uganda

Uganda Strategy

Sheol an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh T.D., Straitéis Tíre nua na hÉireann i leith Uganda 2016-2020, le linn na cuairte a thug sé ar an tír sin i mí Iúil 2016. Leagtar amach sa Straitéis an chaoi a gcuirfidh Ambasáid na hÉireann leasanna agus luachanna na hÉireann chun cinn in Uganda sna cúig bliana atá romhainn, de réir ár mbeartais eachtraigh mar atá leagtha amach in An tOileán Domhanda, agus i mbeartas na hÉireann um fhorbairt idirnáisiúnta, Domhan Amháin, Todhchaí Amháin.

Tugtar le chéile sa Straitéis Tíre an réimse leathan oibre a dhéanann an Ambasáid in Uganda, lena n-áirítear clár na hÉireann maidir le cúnamh forbartha a chur chun feidhme; trádáil idir Uganda agus Éire a chur chun cinn; cúnamh consalachta agus seirbhísí víosa a sholáthar; an caidreamh polaitiúil a neartú; cultúr na hÉireann a chur chun cinn agus dul i dteagmháil le diaspóra na hÉireann in Uganda. Tógann an straitéis ar iarrachtaí leanúnacha na hAmbasáide na naisc idir Éire agus Uganda a fhorbairt agus a fheabhsú ó osclaíodh í in 1994.

Réimse amháin atá ag éirí níos tábhachtaí is ea treisiú na nasc trádála agus gnó idir Uganda agus Éire. Is margadh ríthábhachtach atá ag teacht chun cinn é Uganda in Oirthear na hAfraice, agus tá a lán deiseanna le tapú ina leith ag gnólachtaí Éireannacha.  Áirítear sa Straitéis Tíre tiomantas do thacú le forbairt na nasc gnó agus trádála sin, in Uganda féin agus ar fud réigiún na hAfraice Thoir.

Gné lárnach eile den Straitéis is ea an obair a dhéanann an Ambasáid chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta in Uganda. Faoi chlár Cúnamh Éireann, déanfar infheistíocht dar luach níos mó ná €83 milliún in Uganda i rith na tréimhse cúig bliana 2016-2020. Tógann an infheistíocht sin ar an tionchar mór a bhí ag an gclár cúnaimh go dtí seo, ar dúradh ina leith i meastóireacht sheachtrach go raibh torthaí "inláimhsithe ar tugadh aitheantas forleathan dóibh" ar clár Chúnamh Éireann in Uganda.  Díreofar an infheistíocht ar VEID a chosc, oideachas, rialachas agus cearta an duine, coimirce shóisialta agus tacaíocht dhaonnúil – agus beidh béim ar leith ar Karamoja, an réigiún is boichte in Uganda.  

Le linn a chuairte ar Uganda, chonaic an tAire Stáit McHugh lena shúile féin an obair a dhéanann Cúnamh Éireann: thaistil sé chuig Karamoja agus chuig Adjumani in aice na teorann leis an tSúdáin Theas, agus bhí cruinniú aige le tairbhithe de chuid an Chláir Deontas do Sheanóirí a dtacaíonn Éire agus an Ríocht Aontaithe leis ar bhonn comhpháirteach.