Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An Conradh um Thoirmeasc ar Airm Núicléacha

Treaty on the Prohibition of Nuclear Weapons

I mí Dheireadh Fómhair 2016, bhí Éire ina ceannródaí ag vóta stairiúil ag na Náisiúin Aontaithe a raibh sé ina thoradh air gur tionóladh comhdháil taidhleoireachta chun caibidlíocht a dhéanamh ar ionstraim dlí nua maidir le toirmeasc ar airm núicléacha, agus é ina chuspóir faoi dheireadh fáil réidh leo amach is amach. Táimid tiomanta don phróiseas sin mar gheall ar an tuiscint níos fearr atá againn anois ar iarmhairtí tubaisteacha na n-arm sin, ar an gcaoi nach ann d'aon freagairt dhaonnúil orthu ar leor í, agus ar an ngá atá le gníomh práinneach de bharr baol níos mó a bheith ann go bpléascfar arm núicléach, bíodh sé sin d'aon gnó nó trí thimpiste.

Ba ag an gcomhdháil sin a reáchtáladh an chéad chaibidlíocht iltaobhach maidir le dí-armáil núicléach le breis is fiche bliain anuas, agus bhí sí ina céim thábhachtach i dtreo chomhlíonadh na ngealltanas a rinneadh sa Chonradh in Aghaidh Iomadú Núicléach atá ann cheana féin agus i dtreo na sprice comhroinnte atá againn an domhan a bheith saor ó airm núicléacha. Bhí an chaibidlíocht dírithe ar an leibhéal comhaontaithe ba leithne a bhaint amach agus tá fáilte roimh gach stát, comhpháirtithe de chuid na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith páirteach inti.

Aontaíodh go nglacfadh an chomhdháil a sainordú ó Rún a ghlac 123 Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe. Is í Éire a mhol an Rún sin i gcomhar le cúig phríomh-chomhpháirtí; an Ostair, an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Nigéir agus an Afraic Theas. Bhí páirt ghníomhach ag Éirinn freisin i meitheal oibre maidir leis an gcaibidlíocht ar Dhí-armáil Iltaobhach a Chur Chun Cinn agus i dtrí chomhdháil maidir le hiarmhairtí daonnúla na n-arm núicléach, lenar tugadh spreagadh eile fós don bhrú chun cinn. Leis an bpáirt a ghlacamar sa phróiseas sin, chomhlíonamar na gealltanais a bhí tugtha againn faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Fadhb amháin ar dhírigh Éire aird uirthi is ea éifeacht dhíréireach na radaíochta ianúcháin ar mhná agus ar chailíní, chomh maith leis an ngá atá le ról níos láidre a bheith ag na mná i ndíospóireachtaí faoin dí-armáil. Tá an dí-armáil núicléach ina hábhar tosaíochta ag Rialtas na hÉireann le fada, agus tugadh aitheantas dár gcuid iarrachtaí sa réimse sin nuair arbh í Éire an chéad tír ar tugadh cuireadh di an conradh nua a shíniú. Tá meas go fóill ar ghuth na hÉireann maidir le cúrsaí dí-armála agus neamh-iomadaithe agus is cúis bhróid don fhoireann atá againn faoi láthair é cloí leis an traidisiún láidir sin.