Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cúnamh Daonnúil

Humanitarian Assistance Syria. Credit: ICRC

In 2016, theastaigh cúnamh daonnúil ó 130 milliún duine ar fud an domhain agus cuireadh 65 milliún duine eile óna gcuid tithe mar gheall ar fhoréigean leanúnach, coinbhleacht agus tubaistí nádúrtha. Bhí Cúnamh Éireann, clár cúnaimh Rialtas na hÉireann thar lear, ag obair thar ceann mhuintir na hÉireann chun daoine a thabhairt slán agus a mbeatha a chosaint, an fhulaingt a laghdú agus seasamh le dínit an duine, trí fhreastal ar riachtanais phráinneacha i roinnt de na tíortha is boichte ar domhan.

B'fhiú os cionn €190 milliún san iomlán an cúnamh daonnúil a thug Éire in 2016. Rinne ár gcomhpháirtithe – gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, Cumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha – an cúnamh sin a sholáthar ar an láthair. Bíonn na dreamanna sin in ann féachaint chuige go rachaidh na soláthairtí agus na seirbhísí daonnúla chomh fada leis na háiteanna ina bhfuil an gá is mó leo, ag an am cuí.

Anuraidh, cuireadh cuid mhór de chúnamh daonnúil na hÉireann in áirithe chun cuidiú le muintir na Siria, áit a bhfuil géarchéim dhaonnúil thubaisteach ar siúl mar gheall ar an gcoinbhleacht leanúnach. Tá cabhair agus cosaint phráinneach de dhíth ar bhreis is 13 mhilliún duine chun iad a thabhairt slán, agus b'éigean do na milliúin imeacht óna gcuid tithe.

A bhuí le tacaíocht leanúnach mhuintir na hÉireann, thug Cúnamh Éireann cúnamh daonnúil dar luach níos mó ná €25 milliún do mhuintir na Siria in 2016, rud a fhágann go bhfuil maoiniú €67.5 milliún san iomlán tugtha ag Éirinn dóibh siúd atá buailte ag an gcoinbhleacht sa tSiria ón mbliain 2012 i leith.

In 2016 freisin, thugamar cúnamh daonnúil nach beag, níos mó ná €22 milliún, do thíortha i gCorn na hAfraice, áit a bhfuil daoine fós buailte go dona ag an bhforéigean leanúnach agus ag géarghanntanas bia.

Tá Éire tiomanta go háirithe do chúnamh daonnúil a chur ar fáil i leith 'géarchéimeanna atá ligthe i ndearmad', nó iadsan nach minic a luaitear sna ceannlínte nuachta. Anuraidh thugamar freagra ar an gcruachás daonnúil ina bhfuil daoine san Iaráic agus in Éimin, agus thugamar tacaíocht dóibh siúd ar ghoill Spéirling Matthew orthu i Háítí i mí Dheireadh Fómhair 2016. 

Gné lárnach de chlár cúnaimh dhaonnúil na hÉireann thar lear is ea an Tionscnamh Mearfhreagartha. Chuir Cúnamh Éireann 37 Mearfhreagróir thar lear chun tacú le riachtanais shonracha dhaonnúla in 20 tír, mar aon le thart ar 357 tona soláthairtí faoisimh éigeandála, amhail pubaill, cannaí uisce, trealamh agus uirlisí sláinteachais, a cuireadh chun bealaigh ar eitleáin chun freastal ar riachtanais phráinneacha ar fud na cruinne.

Tá tuilleadh eolais faoin Tionscnamh Mearfhreagartha