Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

An 11ú Cruinniú Mullaigh de chuid na hÁise agus na hEorpa (ASEM)

11th ASEM Summit. Credit: The European Union

Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., ionadaíocht ar Éirinn ag an 11ú Cruinniú Mullaigh de chuid na hÁise agus na hEorpa, a bhí ar siúl sa Mhongóil ar an 15-16 Iúil 2016.  D'fhreastail Uachtaráin, Príomh-Airí agus Airí ó 51 tír ar fud na hEorpa agus na hÁise, lena gclúdaítear dhá thrian de dhaonra an domhain agus beagnach dhá thrian den trádáil dhomhanda, mar aon leis an Aontas Eorpach agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, ar an gCruinniú Mullaigh.

Bhí an Cruinniú Mullaigh ina chomóradh ar 20 bliain a bheith imithe thart ó bunaíodh an Comhlachas sin, agus díríodh ann ar fheabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht agus an nascacht idir an Eoraip agus an Áise. Bhí an deis ag ceannairí freisin príomhcheisteanna réigiúnacha agus idirnáisiúnta a phlé, lena n-áirítear an imirce, an tslándáil mhuirí agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré. D'athdhearbhaigh na rannpháirtithe a dtiomantas do bheith ag obair i ndlúthpháirt le chéile chun cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta i ráiteas comhpháirteach a eisíodh tar éis an ionsaithe sceimhlitheoireachta i gcathair Nice, a tharla maidin an lae ar cuireadh tús leis an gCruinniú Mullaigh. 

Toisc go raibh an Cruinniú Mullaigh ar siúl go gairid tar éis reifreann na Ríochta Aontaithe ar a ballraíocht san Aontas Eorpach, bhí luathdheis ag an Aire Flanagan ina aitheasc chun athdhearbhú a dhéanamh dár gcomhpháirtithe san Áise ar sheasamh na hÉireann ag croílár an Aontais Eorpaigh agus an Limistéir Euro. Leag an tAire Flanagan béim air go bhfuil ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach fós ina gné lárnach den rath atá ar an ngeilleagar oscailte iomaíoch dár gcuid agus gurb í an bhallraíocht sin ba bhonn le cuid mhaith den dul chun cinn sóisialta atá déanta againn le daichead bliain anuas. Thapaigh an tAire Flanagan an deis freisin chun plé neamhfhoirmiúil a dhéanamh lena mhacasamhla san Aontas Eorpach faoi thoradh an reifrinn.

Le linn an Chruinnithe Mullaigh agus i gcruinnithe déthaobhacha a tionóladh le hAirí Gnóthaí Eachtracha de chuid na hÁise sa tréimhse dhá lá, chuir an tAire Flanagan in iúl freisin gur spéis le hÉirinn ár gcaidreamh le tíortha i réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin a leathnú agus a dhoimhniú. Tá 13 Ambasáid agus Chonsalacht ag Éirinn sa réigiún sin anois, agus ina measc tá cinn san Astráil, sa tSín, san Indinéis, sa tSeapáin, sa Chóiré, san India, i Singeapór, sa Mhalaeisia, sa Téalainn agus i Vítneam.

Tá cáipéisí ón gcruinniú Mullaigh le feiceáil ag http://www.aseminfoboard.org/events/11th-asem-summit-asem11