Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála

EU Global Strategy on Foreign and Security Policy

Chuir Ard-Ionadaí an Aontais Eorpaigh, Federica Mogherini, Straitéis Dhomhanda nua an Aontais Eorpaigh maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ar an 28 Meitheamh 2016. 

Leagtar fís amach sa Straitéis do bheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh. Gealltar inti go gcuirfidh an tAontas Eorpach chun cinn an tsíocháin, an rathúnas, an daonlathas agus riail an dlí ar fud an domhain. Aithnítear inti an gá atá le níos mó infheistíochta a dhéanamh i gcoinbhleachtaí a réiteach agus dul i ngleic le bunchúiseanna na héagobhsaíochta. Áirítear leis sin neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais chun cuidiú le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta, go háirithe mar thacaíocht do na Náisiúin Aontaithe, mar chuid de chur chuige comhtháite ina bhfuil sé i gceist freisin cuidiú leis an bhforbairt gheilleagrach agus cur leis an acmhainn atá ag stáit agus ag an tsochaí i dtaobh rialachais, riail an dlí agus chearta an duine.

Ó thaobh na hÉireann, is iomaí gné dhearfach atá sa Straitéis. Ina measc siúd tá an bhéim ar fhéachaint chuige nach dtarlóidh coinbhleachtaí, ar Phróiseas Síochána an Mheánoirthir, an dí-armáil, comhar um fhorbairt, cearta an duine, inscne agus tiomantas don rialachas domhanda agus don iltaobhachas a chur chun cinn, lena gcuimsítear na Náisiúin Aontaithe.  

Glacadh le plean chun an Straitéis a chur chun feidhme ag an gcruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i mí na Samhna 2016 agus d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach é ag an gcruinniú dá cuid i mí na Nollag 2016. 

Bhí ról gníomhach ag Éirinn maidir le Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh a cheapadh agus leanfaidh sí ar aghaidh ag dul i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit eile maidir leis an straitéis sin a chur chun feidhme sna blianta atá romhainn.