Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cuairt ó Michel Barnier

Minister Flanagan and Michel Barnier

Ar an 12 Deireadh Fómhair 2016, i mBaile Átha Cliath, bhuail an tAire Charlie Flanagan le Príomhchaibidleoir an Choimisiúin Eorpaigh ar an mBreatimeacht, Michel Barnier. Bhí an cruinniú ina chuid de chéad chuairt an Uasail Barnier ar Éirinn tar éis gur ceapadh é sa ról sin níos luaithe an mhí sin.

Bhí an cruinniú ar siúl roimh oscailt fhoirmiúil na caibidlíochta faoin mBreatimeacht, agus deis a bhí ann plé a dhéanamh ar phríomhcheisteanna a rachadh i bhfeidhm ar Éirinn.  Díríodh go háirithe sa phlé ar an staid ar leith maidir le Tuaisceart Éireann, an teorainn agus an tábhacht lárnach a bhaineann leis an ngné sin do gach duine ar oileán na hÉireann.

Mar chuid de chlár an Uasail Barnier agus é i mBaile Átha Cliath freisin, bhí cruinnithe eile aige leis an Taoiseach Enda Kenny agus an Tánaiste Frances Fitzgerald, ag a ndearnadh plé freisin faoi cheisteanna a bhaineann le Tuaisceart Éireann, leis an gComhlimistéar Taistil agus leis an dlúthchaidreamh geilleagrach agus trádála atá idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Bhí cruinnithe agus coinní eile ag an Aire Flanagan lena mhacasamhla ar fud príomhchathracha an Aontais Eorpaigh agus le daoine tábhachtacha in institiúidí an Aontais Eorpaigh i rith na bliana 2016.