Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ar fud an Domhain

Global Greenings

Tá Lá Fhéile Pádraig ar cheann de na féilte náisiúnta is cáiliúla ar domhan, agus déanann breis is 70 milliún duine de dhiaspóra na hÉireann an lá sin a cheiliúradh ar fud na cruinne. Trínár líonra Ambasáidí agus Consalachtaí, agus le tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí Stáit, eagraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála clár bliantúil gníomhaíochtaí agus ócáidí ceiliúrtha i mbreis agus 100 tír. Le clár Lá Fhéile Pádraig, cuirtear an trádáil agus an turasóireacht chun cinn, agus cuirtear leis an aird a thugtar ar Éirinn agus leis an iomrá atá uirthi thar lear.

In 2016, thaistil an Taoiseach, an Tánaiste agus ochtar Airí Rialtais thar lear chuig sé mhargadh tosaíochta chun aird a dhíriú ar Éirinn mar cheann scríbe trádála, turasóireachta, infheistíochta agus oideachais.  Chuidigh ár líonra Ambasáidí agus Consalachtaí le beagnach 350 imeacht a chur ar bun i gcathracha ó Atlanta agus Caireo go Tóiceo agus Moscó; eagraíodh ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar bheagnach gach mór-roinn (níl muid imithe chomh fada i gcéin leis an Antartaice fós!) D'fhreastail beagnach 16,000 ionadaí ó chuideachtaí Éireannacha agus cuideachtaí idirnáisiúnta ar na himeachtaí a d'eagraíomar don lucht gnó, i gcomhar le Gníomhaireachtaí Stáit.

Gach bliain freisin, tugann Lá Fhéile Pádraig an deis don Taoiseach agus d'Airí Éireannacha bualadh le hUachtaráin, le Príomh-Airí agus le daoine éagsúla de lucht tábhachtach cinnteoireachta agus tionchair an domhain. In 2016 d'eagraíomar 114 cruinniú den sórt sin thart ar Lá Fhéile Pádraig, agus thugamar tacaíocht do pharáidí agus féilte Lá Fhéile Pádraig tríd an líonra Ambasáidí agus Consalachtaí ar ar fhreastail os cionn seacht milliún duine.

Ghlacamar páirt freisin sa tionscnamh 'Glasú an Domhain' de chuid Thurasóireacht Éireann: cuireadh dath glas ar 240 foirgneamh agus sainchomhartha in 45 tír chun an ócáid a cheiliúradh. Ba é sin an 7ú bliain den tionscnamh 'Glasú an Domhain' agus i measc na bhfoirgneamh agus na sainchomharthaí a ghlac páirt ann den chéad uair bhí an tIonad Trádála Domhanda ag Ground Zero i Nua-Eabhrac, Droichead na Mílaoise in Gateshead, óstán Yas Viceroy in Abú Daibí agus dealbh Nelson Mandela in Johannesburg. Chun béim a leagan ar an tiomantas atá ag Cúnamh Éireann d'aeráid níos glaise, chuireamar dath glas ar Ahmed an Eilifint in Nairobi, chun ceiliúradh a dhéanamh ar iarrachtaí caomhnaithe an fhiadhúlra sa Chéinia.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach: https://www.dfa.ie/ie/ar-rol-ar-mbeartais/tradail-agus-cur-chun-cinn/eire-a-chur-chun-cinn/la-fheile-padraig/