Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Misin Trádála

Trade Missions

Le linn 2016, thacaigh líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann, a bhfuil 80 acu ann san iomlán, le 22 misean trádála ardleibhéil faoi stiúir Airí Rialtais éagsúla as measc na Ranna go léir chuig 17 dtír san Eoraip, san Áise, i Meiriceá Thuaidh, san Afraic agus sa Mheánoirthear. Ghlac thart ar 457 cuideachta Éireannach páirt sna misin trádála sin, agus bhain siad leas as rochtain ardleibhéil ar theagmhálacha ina gcuid réimsí féin agus cur in aithne dóibh mar chuid d'iarrachtaí chun borradh a chur faoin ngnó a dhéanann siad thar lear agus feasacht a mhúscailt ar a gcuideachtaí thar lear.

Gné thábhachtach de bheartas eachtrach na hÉireann agus d'obair na Roinne is ea cuspóirí trádála, turasóireachta, oideachais agus infheistíochta na hÉireann a chur chun cinn. Tugann an líonra Ambasáidí agus Consalachtaí tacaíocht ghníomhach don sprioc sin freisin, chomh maith le bheith ag gabháil don taidhleoireacht gheilleagrach ar bhonn níos ginearálta.

Tá na Misin Trádála faoi stiúir Aire ceaptha le comhlánú a dhéanamh ar obair an líonra Ambasáidí agus Consalachtaí agus na nGníomhaireachtaí Stáit i rith na bliana chun aird a dhíriú ar Éirinn mar áit i gcomhair infheistíocht a dhéanamh agus dul i mbun gnó, agus chun muinín a chothú aisti.  Is cuid thábhachtach dár straitéis fhoriomlán i dtaobh éagsúlú an mhargaidh iad, agus teacht aniar á chothú againn i leith an gheilleagair mar fhreagra ar dhúshláin a bhaineann leis an gcomhthéacs trádála idirnáisiúnta.  Is iad an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Fiontraíocht Éireann agus Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit eile a bhíonn i mbun chlár na misean trádála ar bhonn comhpháirteach. Léirítear leis an gclár ár gcuspóirí ardleibhéil i margaí tosaíochta agus tacaíonn sé lenár n-iarrachtaí chun deiseanna a chothú do chuideachtaí Éireannacha i margaí nua agus i margaí atá ag teacht chun cinn. 

Leagadh béim ar leith ar dhá earnáil gheilleagracha in 2016: agraibhia agus oideachas.

I mí Mheán Fómhair, bhí an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., i gceannas ar mhisean trádála oideachais chun na Síne. Toradh amháin a bhí ar an misean trádála sin ná gur síníodh 26 Meabhrán Tuisceana le hinstitiúidí oideachais tríú leibhéal de chuid na Síne. Tá thart timpeall is 160 comhaontú déthaobhach i bhfeidhm anois idir institiúidí oideachais ardleibhéil na hÉireann agus na Síne. Tá breis is 5,000 mac léinn Síneach cláraithe le hinstitiúidí ardoideachais na hÉireann, agus tá an comhar san oideachas ina ghné thábhachtach dár gcaidreamh foriomlán leis an tSín.

Bhí an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., agus an tAire Stáit Andrew Doyle T.D. i gceannas ar mhisin trádála eile i rith na bliana chuig an tSín, Singeapór, an Chóiré Theas, Vítneam agus Maracó, le tacaíocht ón mBord Bia, Fiontraíocht Éireann, Sustainable Food Systems Ireland (SFSI) agus Ranna eile, chomh maith leis na hAmbasáidí agus na Consalachtaí lena mbaineann.  I measc na dtorthaí a bhí ar na misin trádála sin bhí oscailt margaí do mhairteoil na hÉireann i gCeanada, in Iosrael agus sa Nua-Shéalainn.  Ina theannta sin, d'oscail údaráis de chuid na Stát Aontaithe a margadh siúd go foirmiúil do mhairteoil na hÉireann chun meilte.