Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Fóram Eacnamaíoch na hAfraice agus na hÉireann

Reáchtáladh an cúigiú tionól d'Fhóram Eacnamaíoch na hAfraice agus na hÉireann san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2016. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a eagraíonn an Fóram i gcomhpháirtíocht le hAmbasadóirí na hAfraice atá ina gcónaí in Éirinn, agus is príomh-imeacht é faoi Straitéis na hAfraice de chuid na Roinne. Tugann an Fóram le chéile lucht gnó, lucht rialtais, comhairleoirí beartais agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta chun tacú le treisiú na nasc geilleagrach agus trádála idir Éire agus tíortha san Afraic.

Africa Ireland Economic Forum

Mheall Fóram na bliana 2016 breis is 300 rannpháirtí, agus díríodh go háirithe ar earnáil an ghnó talmhaíochta, earnáil an fhuinnimh agus na teicneolaíochta glaine, agus earnáil na heitlíochta agus an aeraspáis. Is earnálacha iad sin a bhfuil saineolas agus taithí ar leith ag Éirinn ina dtaobh, agus a bhfuil acmhainn nach beag iontu maidir le cur le forbairt gheilleagrach a sheasfaidh an aimsir san Afraic.

D'oscail an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O'Connor Uasal, T.D., an Fóram. Chuir sí fáilte roimh infheistíochtaí a rinneadh le déanaí san Afraic agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí. Labhair an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, an tUasal Joe McHugh T.D., agus an tAire Stáit le haghaidh Bia, Foraoiseacht agus Gairneoireachta, an tUasal Andrew Doyle T.D., ag an imeacht freisin, rud a léirigh an cur chuige uile-Rialtais maidir le cur chun cinn na trádála agus maidir le forbairt eacnamaíoch.

I measc na gcainteoirí ardleibhéil eile ag an bhFóram bhí an tUasal Charles Boamah, Leas-Uachtarán Bhanc Forbartha na hAfraice, an Seanadóir Hadi Sirika, Aire Eitlíochta na Nigéire, an Dr Chris Kiptoo, Príomh-Rúnaí Aireacht Trádála agus Tionscail na Céinia, agus an Dr Nelson Magbagbeol, Ard-Rúnaí Chomhphobal Eacnamaíochta Stáit na hAfraice Thiar.

Díreach roimh an bpríomh-chomhdháil, agus chun cruinnithe an Fhóraim a chomhlánú, d'eagraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Seisiún Comhchainteanna maidir le Cur Chun Cinn na Forbartha agus na hInfheistíochta, ag a raibh an deis ag gníomhaireachtaí de chuid na hAfraice a chuireann chun cinn cúrsaí trádála agus infheistíochta plé a dhéanamh lena macasamhla Éireannacha faoi fheabhas a chur ar an rannpháirtíocht gheilleagrach eatarthu. Ina theannta sin, ba ag an bhFóram a seoladh líonra gnó nua, Business Ireland Africa.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.dfa.ie/aief/