Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Joe McHugh TD

An tAire Stáit um an Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta

 Joe McHugh TD – Minister of State for the Diaspora and International Development

Ceapadh Joe McHugh T.D. ina Aire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mí na Bealtaine 2016. Roimhe sin bhí ina Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus sa Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le Freagracht Speisialta as an nGaeltacht agus Acmhainní Nádúrtha ó mhí Iúil 2014. Ina theannta sin, cheap an Taoiseach Enda Kenny é ina Chomhchathaoirleach ar Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i mí Iúil 2011. I mí Iúil 2012, toghadh an Teachta McHugh ina Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais ar Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Atoghadh an Teachta McHugh chuig Dáil Éireann mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael do Dhún na nGall Thoir Thuaidh i mí Feabhra 2016.

Thosaigh Joe McHugh amach ina ionadaí poiblí ar son Fhine Gael i Meitheamh na bliana 1999 nuair a toghadh é ina ionadaí ar son thoghcheantar Bhaile na nGallóglach mar Chomhalta de Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Mhol an Comhairleoir McHugh go mbunófaí Comhairle na nÓg Dhún na nGall, as ar eascair an chéad fhóram óige a toghadh go daonlathach in Éirinn. Lena chois sin, ceapadh an Comhairleoir McHugh ina Chathaoirleach ar ERNACT (Líonra Réigiún na hEorpa um Fheidhmiú na Teicneolaíochta Cumarsáide), ról inar leag sé béim ar an leathanbhanda a chur ar fáil i gceantair na teorann.

Toghadh chuig Seanad Éireann é in 2002 agus bhí sé ina Urlabhraí Seanaid thar ceann Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe, Gaeltachta agus Mara le linn na tréimhse 2002-2007. Roghnaigh Fine Gael é mar iarrthóir an pháirtí sin i nDún na nGall Thoir Thuaidh i gcomhair olltoghchán na bliana 2007. Fuair sé 22.6% den vóta san olltoghchán sin, an vóta ab airde, agus toghadh chuig Dáil Éireann é. Mar gheall air sin, bhí láithreacht Dála ag Fine Gael i nDún na nGall Thoir Thuaidh arís tar éis 10 mbliana gan ionadaíocht ar bith ag Fine Gael sa Dáil ar son an dáilcheantair sin. Ceapadh é mar Urlabhraí Fhine Gael ar Chomhoibriú Thuaidh-Theas i mí Dheireadh Fómhair 2007 agus scríobh sé 'The Fine Gael Border Forum Report' i mí Iúil 2010. Sa doiciméad beartais sin ina bhfuil 16 leathanach, leagtar amach pleananna an Pháirtí i dtaobh sineirgí geilleagracha idir an Tuaisceart agus an Deisceart agus i dtaobh poist a chruthú i réigiún na Teorann. Tá na tograí atá leagtha amach sa Tuarascáil á gcur chun feidhme mar chuid den Chlár Rialtais 2011-2016 de chuid Fhine Gael agus an Lucht Oibre. Bhunaigh sé Fóram Teorann Fhine Gael i mí Feabhra 2010.

Sular toghadh é, bhí Joe ina mhúinteoir tíreolaíochta agus matamaitice i gClochar Loreto i Leitir Ceanainn le linn na tréimhse 1993-95 agus mhúin sé an eacnamaíocht A-leibhéil in Dubai idir 1995 agus 1996. Bhí sé ina Oibrí don Ógra sa Phobal in Glenwood, Leitir Ceanainn idir 1996 agus 1999.