Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh?
Féadfaidh saoránaigh na hÉireann a Leabhar Pas agus/nó a gCartaí Pas a athnuachan, nó iarratas a dhéanamh ar a gcéad Cárta Pas ar líne. Tá an tIarratas Ar Líne ar Phas ar fáil do shaoránaigh uile na hÉireann atá os cionn 18, a raibh Pas Éireannach ina seilbh acu agus nár athraigh a n-ainm ón bpas a bhí acu roimhe seo.
Conas iarratas a dhéanamh ar líne:
- Ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn
- Ní mór d'ainm a bheith mar an gcéanna leis an pas a bhí agat roimhe seo
Do Leabhar Pas a Athnuachan:
- Ní mór Pas Éireannach a bheith agat roimhe seo a d'imigh in éag níos lú ná 5 bliana ó shin.
- Ní mór tréimhse bailíochta níos lú ná 12 mhí a bheith fanta ar do phas. Níl feidhm aige sin maidir le hiarratais ar phasanna atá caillte, goidte nó a bhfuil damáiste déanta dóibh.
- Ní mór go dtosóidh uimhir do Leabhair Pas leis an litir 'P' nó 'L'
Do Chárta Pas a Athnuachan nó Cárta Pas Céaduaire:
- Ní mór go mbeadh Leabhar Pas bailí agat le gur féidir leat Cárta Pas a fháil. Ní mór go mbeadh do Leabhar Pas bailí ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí
- Ní mór tréimhse bailíochta níos lú ná 12 mhí a bheith fanta ar do phas. Níl feidhm aige sin maidir le hiarratais ar phasanna atá caillte, goidte nó a bhfuil damáiste déanta dóibh.
Féadfaidh tú an tseirbhís seo a úsáid chomh maith más rud é go bhfuil do leabhar agus/nó cárta Pas caillte, goidte nó damáistithe.
Eolas Tábhachtach:
- Is trí chárta creidmheasa/dochair amháin a dhéantar íocaíocht. Beidh táille breise poist €5 i gceist má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn
- Déantar íocaíochtaí ar bhileog shábháilte ag úsáid aistriú SSL trí gheata íocaíochta sábháilte Elavon - arna sholáthar ag Realex
- Ní mór go gcloífeadh d'iarratas le hAcht na bPasanna 2008
- Ní mór ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig nó trí glaoch ar Teil: (+353) 1 6711633
- Tógfaidh sé 28 lá ar a laghad aisíocaíochtaí a phróiseáil