Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Ceisteanna Coitianta faoi na Treoirlínte Grianghraf Ar Líne

C. Conas a fhaighim grianghraf digiteach? Ta 3 bhealach ann le grianghraf digiteach a fháil.

• Is féidir leat do ghrianghraf a ghlacadh i mboth grianghraf agus tabharfar cód uathúil duit in éineacht le do ghrianghraif phriontáilte. Tabharfar rogha duit le linn an phróisis iarratais ar líne do chód a úsáid chun teacht ar do ghrianghraf.
• Is féidir leat dul chuig soláthraí grianghraif mar ghrianghrafadóir nó cógaslann atá in ann grianghraf digiteach a chur ar fáil duit ar USB nó ar ríomhphost.
• Is féidir le duine do ghrianghraf a ghlacadh sa bhaile agus úsáid a bhaint as ceamara digiteach nó fón cliste/táibléad. Mura gcomhlíonann an grianghraf a chuireann tú ar aghaidh an caighdeán atá leagtha síos chun pas a tháirgeadh, déanfaidh Seirbhís na bPasanna teagmháil leat go díreach chun grianghraf nua a sholáthar.

C. Cá bhfaighidh mé eolas ar threoirlínte maidir le grianghraif? Tá an t-eolas ar threoirlínte maidir le grianghraif le fáil le linn an phróisis iarratais ar líne agus ar ár láithreán gréasáin.

C. An féidir liom grianghraf pas a bhí agam roimhe seo a úsáid? Ní féidir. Tá na grianghraif a éilítear le haghaidh an iarratais ar líne éagsúil leis na cinn a éilítear le haghaidh iarratas sa phost. Chomh maith leis sin, ní fhéadfaidh do ghrianghraf a bheith níos sine ná 6 mhí.

C. Caithim ceannbheart chun críocha creidimh. An bhfuil sé ceart go leor má chaithim é don ghrianghraf pas? Más rud é go gcaitheann tú ceannbheart chun críocha creidimh, tá cead agat é a chaitheamh don ghrianghraf pas. Ní féidir aon chineál oiriúintí eile a chaitheamh.

C. An féidir liom spéaclaí a chaitheamh? Is féidir spéaclaí trédhearcacha a chaitheamh fad is nach gclúdaíonn na frámaí aon chuid de do shúile nó nach gcruthaíonn siad dallrú nó scáthanna. Ní cheadaítear spéaclaí gréine a chaitheamh.

C. An féidir féinín a úsáid? Ní féidir. Má tá tú ag úsáid fón cliste/táibléad chun do ghrianghraf a ghlacadh, ní mór a chinntiú gur duine éigin eile a ghlacann an grianghraf duit. Féach ar na treoirlínte maidir le ghrianghraif sula nglacann tú ceann agus sula seolann tú é. Iarrfar ar iarratasóirí a chuireann féinín ar aghaidh grianghraf eile a sholáthar lena n-iarratas. Cuirfidh sé seo moill ar an bpróiseas iarratais.

C. An mbeidh mo ghrianghraf ar mo phas daite? Ní bheidh. Beidh an grianghraf ar do phas dubh agus bán. Ní mór duit grianghraf daite a chur ar aghaidh a dhéanfar a athrú go dtí dubh agus bán le linn an phróisis iarratais.

C. Tá mo ghrianghraf claonta nó bunoscionn nuair a dhéanaim uaslódáil air. An gcruthaíonn sé sin fadhb? Seans go bhfuil seo ag tarlú mar gheall ar threoshuíomh d'fhóin, do tháibléid nó do cheamara agus an grianghraf á ghlacadh. Ní bheidh tionchar aige sin ar an ngrianghraf Pas críochnúil mar is féidir lenár gcóras a chasadh go huathoibríoch le linn an phróisis iarratais. Anuas air sin, tá cnaipí ar an leathanach réamhamhairc a cheadaíonn duit do ghrianghraf a chasadh ionas gur féidir leat é a fheiceáil i gceart más mian leat.

C. Nuair a bhím ag uaslódáil m'íomhá, deir an láithreán gréasáin liom nach bhfuil an mhéid ná an fhormáid i gceart. Ní mór an íomhá a ghlacadh de réir threoirlínte an láithreáin ghréasáin, a stóráil i bhformáid JPEG agus an comhad a bheith níos lú ná 9MB. Smaoinigh faoi do ghrianghraf a fháil ó bhoth pasanna nó ó ghrianghrafadóir gairmiúil mura n-éiríonn leat do chuid fadhbanna a shárú.

C. Ghlac mé mo ghrianghraf féin ar m'fhón, táibléad nó ceamara ach táim ag déanamh iarratais ar ríomhaire, conas a fhaighim rochtain ar m'íomhá? Beidh ort d'íomhá a aistriú chuig do ríomhaire agus a bheith in ann í a aimsiú chun go bhféadfaidh tú leanúint ar aghaidh. D'fhéadfá í a sheoladh ar ríomhphost ón bhfón má tá an leagan amach sin agat. Má bhaineann tú úsáid as ceamara tiomnaithe, beidh ort féachaint ar threoirlínte an déantúsóra maidir le comhaid a aistriú. Más féidir é, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ón bhfón nó ón táibléad lenar ghlac tú an grianghraf.

C. Tá mo ghrianghraf agam ar m'fhón, táibléad nó ríomhaire ach ní féidir liom é a aimsiú lena uaslódáil. Más féidir é, bain úsáid as taiscéalaí comhad chun do chomhad a aimsiú sula ndéanann tú iarratas ar líne. Smaoinigh an comhad a athainmniú le hainm a mbeidh sé éasca cuimhneamh air ionas gur féidir leat é a aimsiú go héasca agus tú ag déanamh iarratais. I gcás úsáideoirí iPhone, stóráiltear grianghraif ar ghailearaí na ngrianghraf agus is féidir rochtain a fháil orthu as sin.

C. Chlis mo bhrabhsálaí nó dhún sé nuair a bhí mé ag uaslódáil m'íomhá. Cad a dhéanfaidh mé anois? Atosaigh an feidhmchlár ag passportonline.ie

C. Ba mhaith liom bogearra nó scagairí grianghraf a úsáid chun an íomhá a athrú. Cad is cóir dom a úsáid? Ní ceadmhach grianghraif a athrú go digiteach ná eagarthóireacht a dhéanamh orthu. Lean na treoirlínte ar ár láithreán gréasáin maidir le grianghraif.

C. Tá iarracht déanta agam roinnt uaireanta grianghraf a ghlacadh ach dhiúltaigh an láithreán gréasáin iad ar fad. Smaoinigh faoi grianghraf gairmiúil a ghlacadh ag soláthraí grianghraif digiteach nó grianghrafadóir gairmiúil.

C. Tugaim faoi deara gur úsáid mé grianghraf den duine mícheart ar Iarratas? Déan teagmháil le hOifig na bPasanna le d'uimhir iarratais.

C. Tá grianghraf ar pháipéar agam a theastaíonn uaim a uaslódáil. An féidir liom é a scanadh? Ní ceadmhach grianghraif scanta. Faigh grianghraf ag úsáid ceann de na modhanna a bhfuil cur síos déanta orthu ar ár láithreán gréasáin sula ndéanann tú iarratas.

Ceisteanna maidir le Photo Me

Seol ceisteanna a bhaineann le Photo-Me chuig an bhFoireann Cúram Custaiméirí Photo-Me, féach na sonraí teagmhála thíos.

Fón: 1850 444 342
Ríomhphost: dpp@photo-me.com