Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Seirbhís na bPasanna Luais - Cén fhaid a thógann sé faoi láthair?

Féach ar na meán-Amanna Eisiúna faoi láthair le do thoil:

Baineann na hamanna eisiúna seo le hiarratas a cuireadh isteach in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Má chuir tú iarratas isteach trí Ambasáid nó Consalacht thar lear, féach ar láithreán gréasáin na hAmbasáide i do thír chónaithe le do thoil.

Type of Passport ApplicationCurrent Average Turnaround Times
Online Passport Application* 10 working days (2 Weeks)
An Post Passport Express Renewal Applications 15 working days
An Post Passport Express First Time Application, Lost/Stolen/Damaged Replacements 15 working days
Northern Ireland Passport Express Renewal Applications 15 working days
Northern Ireland Passport Express First Time Application, Lost/Stolen/Damaged Replacements 15 working days

 

 

Great Britain

Type of Passport ApplicationCurrent Average Turnaround Times
Great Britain Passport Express 6 weeks  
Great Britain First Time Applications 7 weeks (minimum)
Great Britain Passport Express** 17 working days

Moltar go láidir d’iarratasóirí gan eitiltí a chur in áirithe go dtí go mbeidh a bpas acu

Iarratasóirí Céaduaire

  • Moltar go láidir duit d'iarratas a chur isteach ar a laghad sé seachtaine roimh an dáta taistil atá beartaithe agat.
  • Fág ar a laghad ceithre seachtaine (fiche lá oibre) i gcomhair phróiseáil an iarratais.
  • Tógann sé níos faide iarratais chéaduaire ar phas a phróiseáil ná mar a thógann sé pas a athnuachan mar gheall ar na bearta slándála breise atá ag teastáil.

Pas a Athnuachan

  • Moltar go láidir do dhaoine iarratas a dhéanamh ar a laghad sé seachtaine roimh an dáta taistil atá beartaithe acu. Ba chóir do thaistealaithe bailíocht a bpas a sheiceáil sula gcuirfidh siad turas in áirithe.
  • Má tá an dáta taistil níos mó ná trí seachtaine (15 lá oibre) uait, is í Seirbhís na bPasanna Luais atá á feidhmiú ag An Post an modh is áisiúla agus is sábháilte chun iarratas a dhéanamh.
  • Tá sé ina aidhm ag Seirbhís na bPasanna Luais de chuid An Phoist an pas nua a bheith ag an iarratasóir laistigh de 15 lá oibre (trí seachtaine) ón uair a cuireadh an t-iarratas sa phost, más rud é go bhfuil gach rud mar is ceart san fhoirm agus sna doiciméid a ghabhann léi.
  • Tá sé ina aidhm ag Seirbhís na bPasanna iarratais a phróiseáil laistigh de 10 lá oibre ón uair a gheofar iad. Is treoir amháin atá i gceist leis na hamanna eisiúna thuasluaite, áfach, agus beidh amanna eisiúna éagsúla i gceist ag brath ar an éileamh de réir na séasúr agus ar thosca eile. Moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh tamall maith roimh an dáta taistil atá beartaithe acu agus na foirmeacha iarratais a chomhlánú go cúramach agus a chinntiú go gcuirfear isteach leo aon doiciméid atá de dhíth.
  • Ina gcás siúd a bheidh ag taisteal sa tréimhse trí seachtaine atá romhainn (15 lá oibre), féadfaidh daoine ar gá dóibh a bpas a athnuachan coinne a dhéanamh le hOifigí na bPasanna i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Tá líon teoranta coinní is féidir a dhéanamh in aghaidh an lae agus beidh cruthúnas taistil ag teastáil. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
  • Má tá sé i gceist agat taisteal laistigh de thrí lá ón lá inniu, soláthraíonn Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath seirbhís mear-athnuachana trí choinne, lenar féidir pas a fháil an lá céanna. Tá líon teoranta coinní is féidir a dhéanamh in aghaidh an lae agus beidh cruthúnas taistil ag teastáil. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
  • Ní mór seiceálacha slándála breise a dhéanamh i gcás pasanna atá caillte nó goidte nó a ndearnadh damáiste dóibh. Fág ar a laghad ceithre seachtaine (fiche lá oibre) i gcomhair phróiseáil an iarratais.