Seachain thú féin ar an bhFána – Comhairle Taistil faoi Spóirt Gheimhridh
Má tá sé i gceist agat dul ar thuras sciála nó clársciála i mbliana, déan cinnte de go mbeidh tú slán sábháilte, seachain nach ngortófaí thú agus bíodh spraoi agus scléip agat trí chloí leis na leideanna seo a leanas uainn:
- Déan cinnte de go bhfuil árachas taistil cuimsitheach agat a chlúdaíonn na gníomhaíochtaí is mian leat a dhéanamh agus, más ag taisteal san Eoraip atá tú, ní mór an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a bheith agat agus é a bheith bailí.
- Bíodh a fhios agat cén uair le stopadh agus bí ar an eolas gur mó a rachaidh deochanna meisciúla i bhfeidhm ort agus tú in airde, rud is féidir leis tionchar a bheith aige ar do chomhordú agus ar an achar ama a thógfadh sé ort freagairt don rud atá ag tarlú duit.
- Smaoinigh ar chlogad a chaitheamh. Cé gur do rogha phearsanta féin é sin, éilítear ina lán polasaithe árachais nach mór duit ceann a chaitheamh ar na fánaí beag beann ar na ceanglais dlí sa cheantar.
- Is láidre i bhfad an ghrian agus tú in áit chrochta agus mar sin moltar uachtar gréine atá sách láidir a chaitheamh agus a chinntiú go bhfuil cosaint 100% ar UV ag do chuid spéaclaí cosanta nó spéaclaí gréine.
- D'fhéadfadh aicmiú éagsúil a bheith i bhfeidhm maidir leis na fánaí sciála i mbailte sciála agus tíortha éagsúla lena léiriú cén dúshlán a bhaineann leo, agus mar sin is maith an plean é a sheiceáil cén t-aicmiú a úsáidtear i do bhaile sciála ionas go mbeidh a fhios agat cé na fánaí is fearr a oireann do do leibhéal cumais féin.
- Má fheiceann tú timpiste, téigh i dteagmháil leis na seirbhísí tarrthála áitiúla ar an bpointe agus coinnigh an limistéar slán trí phéire scíonna a leagan trasna ar a chéile os comhair an té atá gortaithe, nó clár sneachta.
- Roimh dhul amach ar na fánaí duit, seiceáil na dálaí aimsire trí mhonatóireacht a dhéanamh ar thuairiscí áitiúla, ar réamhaisnéis na haimsire agus ar an mbaol go dtarlódh maidhm shléibhe. Ba cheart go mbeadh fáil ar an eolas sin ag stáisiúin na n-ardaitheoirí i do bhaile sciála.