Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Treoir i dtaobh Euro 2016

Comhairle úsáideach do lucht leanúna na hÉireann a bheidh ag taisteal go dtí Euro 2016 sa Fhrainc

An mbeidh tusa ag dul chun na Fraince i gcomhair Euro 2016? Féach ar an gcomhairle taistil uainn don lucht leanúna!

Agus na cluichí ag teannadh go tréan linn, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag spreagadh lucht leanúna na hÉireann a bheidh ag triall ar an bhFrainc chun a bheith ullamh faoina gcoinne. Ach na leideanna taistil uainn i dtaobh Euro 2016 a léamh, beidh tú féin agus do chairde in ann taitneamh a bhaint as an gcomórtas agus a bheith ullamh is cuma céard a tharlóidh.

Na Cluichí

Beidh 24 fhoireann san iomaíocht in Euro 2016, agus Éire ag imirt i gcoinne na Sualainne, na Beilge agus na hIodáile i nGrúpa E. Beidh an dá fhoireann is fearr a chruthóidh i ngach grúpa ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile, agus rachaidh na ceithre fhoireann is airde a rang sa tríú háit ar aghaidh freisin chuig an mbabhta díbeartha ina mbeidh sé fhoireann déag páirteach.

Uimhreacha teagmhála éigeandála

I gcás éigeandáil ar bith, ba chóir duit cabhair a iarraidh ar dtús ar údaráis na Fraince ar an láthair. Bí cinnte na huimhreacha seo a leanas a shábháil ar do theileafón:

Teagmhálacha Éigeandála sa Fhrainc

Tá baill foirne a labhraíonn Béarla ag gach ceann de na seirbhísí sin, mar sin fan ar an líne agus iarr go n-aistreofaí thú.

Tá Ambasáid ag Éirinn i bPáras agus beidh consalachtaí sealadacha againn freisin in Bordeaux (an 17 – an 19 Meitheamh) agus in Lille (an 21 – an 23 Meitheamh) chun cabhrú le haon saoránaigh Éireannacha.

An méid is féidir linn a dhéanamh chun cabhrú leat:

Ní féidir linn an méid seo a leanas a dhéanamh:

Más gá duit cabhair a iarraidh orainn, tá roinnt bealaí is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn:

12 ave Foch,

75116 Paris

(bealach isteach ar 4 rue Rude)

www.dfa.ie/france

Má ghlaonn tú ar an Ambasáid lasmuigh d'uaireanta oibre, fág d'ainm agus d'uimhir agus mínigh cad atá mícheart. Déantar monatóireacht ar na teachtaireachtaí sin ar feadh na hoíche agus beidh duine éigin i dteagmháil leat.

Naisc úsáideacha

UEFA: www.uefa.com/uefaeuro/

Cumann Peile na hÉireann: www.fai.ie/ireland

Eolas faoin trácht: www.bison-fute.gouv.fr/maintenant,langen.html

Seirbhísí Iompair Phoiblí i bPáras: www.ratp.fr/en/

SNCT (Traenacha): www.sncf.com/en/passengers

Beidh tvuíteanna á seoladh againn ar feadh an chomórtais ar @dfatirl, @dfatravel, agus @IrlEmbParis; níl le déanamh agat ach muid a leanúint!

11 Leid Taistil Uainn

1. PAS agus CÁRTA PAS

Seiceáil do phas anois agus déan cinnte de go bhfuil sé bailí ar feadh thréimhse an turais atá beartaithe agat. Déan cóip de agus seol ar an ríomhphost é chugat féin agus chuig duine muinteartha leat sa bhaile, ar fhaitíos go ligfí amú é nó go ngoidfí é agus go dteastódh doiciméid taistil uait ina áit.

Cuir isteach ar an gCárta Pas Éireannach nua. Tá an cárta sin bailí le haghaidh taistil laistigh den Eoraip agus is féidir é a iompar i do sparán, ionas gur féidir leat do phas a fhágáil in áit shábháilte.

Toisc go bhfuil an Fhrainc i Staid Éigeandála, ba cheart foirm bhailí aitheantais fhótagrafaigh a bhreith leat i gcónaí agus tú sa Fhrainc.

2. AN CÁRTA EORPACH UM ÁRACHAS SLÁINTE

Cinntigh go dtabharfaidh tú leat do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte, agus mura bhfuil ceann agat déan iarratas air anois.

3. BÍ ULLAMH

Féach ar an gcomhairle taistil i leith na Fraince ar ár suíomh gréasáin le haghaidh comhairle faoi iompar, sláinte, a bheith slán sábháilte agus níos mó.

4. ÁRACHAS

Tarlaíonn an drochrud uaireanta – ceannaigh árachas taistil cuimsitheach roimh imeacht duit. D'fhéadfaí a lán airgid a spáráil ortsa agus ar do theaghlach más rud é go mbeidh rud éigin cearr.

5. CLÁRAIGH

Cláraigh do chuid sonraí linn tríd an áis Cláraithe Saoránach dár gcuid, atá slán sábháilte agus áisiúil, ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leatsa nó le do theaghlach i gcás éigeandála.

6. LEAN NA RIALACHA

Mar gheall ar an staid ard-éigeandála, tá an-seans ann go bhfeicfidh tú a lán póilíní cibé áit a mbeidh tú sa Fhrainc. Is dócha go mbeidh scuainí fada ag fanacht le dul ar na seirbhísí iompair phoiblí agus dul isteach sna staideanna agus i limistéir an lucht féachana, mar sin bí ann go luath agus lean treoracha na n-údarás áitiúil.

7. TEAGMHÁIL

Cibé an mbeidh an bua ag Éirinn nó nach mbeidh, inis do do theaghlach agus do chairde leat go bhfuil tú togha. Glaoigh orthu, seol téacs chucu, nó cuir post ar na meáin shóisialta, agus déan cinnte go mbeidh eolas ag do mhuintir nó ag cairde leat faoi do chúrsa taistil agus do chuid pleananna taistil.

8. BÍ FREAGRACH

Seachain nach rachfá sa seans – fan glan amach ó thrioblóid ar bith, bí freagrach agus déan tú féin a iompar ar shlí a léiríonn meas ar na húdaráis áitiúla a mbeidh tú ag plé leo, agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí an cheantair ina measc. Cuimhnigh gur ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn atá tú agus tú sa Fhrainc, mar sin bíodh meas agat ar mhuintir na háite ionas gur féidir linn a bheidh bródúil asat.

9. MÁ BHÍONN CABHAIR UAIT

I gcás éigeandála sa Fhrainc glaoigh ar 112. Beidh cúnamh consalachta ar fáil ó Ambasáid na hÉireann i bPáras ar líne theileafóin speisialta a bheidh beo ón 10 Meitheamh: 0033 144 176 780.

10. BÍ I dTEAGMHÁIL LINN

Lean muid ar @dfatirl @dfatravel agus @irlembparis agus bí ag faire amach le haghaidh aip TravelWise na Roinne a sheolfar ag deireadh mhí na Bealtaine.

11. FOIREANN NA hÉIREANN ABÚ!