Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Comhaontú Síochána na Colóime

Colombia Peace Agreement

Bliain stairiúil arbh ea 2016 sa Cholóim: shínigh Rialtas na tíre sin comhaontú síochána leis an ngrúpa reibiliúnach FARC, lenar cuireadh deireadh le coinbhleacht a bhí ar siúl sa tír sin le níos mó ná 50 bliain. Thacaigh Éire leis an bpróiseas síochána sa Cholóim, agus ba mhór ag gach taobh sa phróiseas sin an obair a rinneamar maidir le taithí a chomhroinnt i dtaobh chothú na síochána i dTuaisceart Éireann.

Sa phictiúr thuas tá ceathrar ban ó Thuaisceart Éireann – Denise Hughes, Geraldine McAteer, Monica McWilliams agus Úna Jennings – a thaistil chun na Colóime i mí na Samhna 2016 le haghaidh clár a bhí dírithe ar mhná agus cothú na síochána agus ar an bhforéigean inscne i ndiaidh coinbhleachta. Le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, bhuail na cuairteoirí le grúpaí ban, le hionadaithe de chuid na sochaí sibhialta agus le hoifigigh shinsearacha ón gColóim agus thug siad cuairt dhá lá ar réigiún imeallach Putumayo, atá buailte go dona ag an gcoinbhleacht. Sa phictiúr thuas, tá siad le feiceáil ag bualadh le grúpa ban in Putumayo.

Bhí Éire i measc baill bhunaidh Chiste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána na Colóime, a seoladh in 2016, agus cuirfidh sí €3 mhilliún san iomlán ar fáil don Chíste sin. Chuir Éire maoiniú ar fáil freisin do Chiste Iontaobhais na Náisiún Aontaithe sa Cholóim le haghaidh na hoibre a dhéanann sé chun tacú le cur chun feidhme na gcomhaontuithe síochána, agus d'Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine sa Cholóim, atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar ghnéithe cearta daonna de na comhaontuithe síochána. Tugann Cúnamh Éireann maoiniú don eagraíocht Christian Aid, a bhfuil a chuid oibre sa Cholóim dírithe ar an ról atá ag an tsochaí shibhialta agus ag cosantóirí chearta an duine.

Ceapadh an tUasal Eamon Gilmore, a bhíodh ina Thánaiste agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ina Thoscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána na Colóime in 2015, agus bhí seisean i gceannas ar obair an Aontais chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe. Le linn 2016, chuaigh an tUasal Gilmore i gcomhairle le rialtas na Colóime agus leis an bhfreasúra, le toscaireachtaí de chuid FARC, le sochaí shibhialta na Colóime, agus leis an bpobal idirnáisiúnta maidir le caibidliú na gcomhaontuithe.