Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Seoladh na Straitéise nua de chuid Chúnamh Éireann um Oideachas Forbartha

Ministers Charlie Flanagan and Joe McHugh with Justine Nantale at the launch of the Irish Aid Development Education Strategy.

I mí na Nollag 2016, sheol an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD, agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh, TD, Straitéis nua Chúnamh Éireann um Oideachas Forbartha.

Is é sprioc uileghabhálach na Straitéise um Oideachas Forbartha ná, trí oideachas forbartha a sholáthar, go mbeidh sé d'acmhainn ag saoránaigh na hÉireann anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna agus iarmhairtí an ocrais, na bochtaineachta, an neamhionannais, na héagóra agus an athraithe aeráide ar domhan, agus cur ina gcoinne. Ar an gcaoi sin, spreagfar agus treorófar muid chun a bheith inár saoránaigh dhomhanda ghníomhacha agus muid ag iarraidh todhchaí níos cothroime agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách.

Tá an Straitéis um Oideachas Forbartha ina toradh ar chomhairliúchán fairsing le hearnálacha an oideachais fhoirmiúil, na hóige, agus an oideachais aosaigh agus pobail, mar aon le hearnáil na sochaí sibhialta agus an earnáil forbartha agus ranna agus gníomhaireachtaí stáit eile.

Chun tacú le forbairt na straitéise nua, d'iarr Cúnamh Éireann ar Líonra na hEorpa um Oideachas Domhanda (GENE) Athbhreithniú Piaraí Eorpach a dhéanamh ar an oideachas forbartha in Éirinn. San Athbhreithniú Piaraí sin, a rinneadh in 2015, chuathas i gcomhairle go forleathan leis an earnáil oideachais forbartha agus rinneadh roinnt moltaí.

Ós rud é go bhfuil dúshláin dhomhanda nua le sárú againn i saol atá ag athrú go tapa, beidh an Straitéis um Oideachas Forbartha ina treoir d'obair na Roinne maidir le cur le tuiscint an phobail ar chúiseanna na héagothroime ar domhan.  Ach eolas agus cumas rannpháirtíochta a bheith ag saoránaigh, is fearr is féidir leo tuiscint a bheith acu ar cheisteanna casta sóisialta, geilleagracha agus comhshaoil a bhaineann leis an bhforbairt, agus dul i ngleic leo dá réir. Beimid ag obair chun oideachas forbartha ardchaighdeáin a chur os comhair lucht féachana leathan i gcomhthéacsanna éagsúla – idir sheomraí ranga agus champais ollscoile, idir chlubanna óige agus ghrúpaí pobail – chun luachanna na saoránachta gníomhaí domhanda a chothú. 

Tá tuilleadh eolais faoi obair na Roinne i réimse an Oideachais Forbartha agus cóip den Straitéis um Oideachas Forbartha le fáil ag https://www.irishaid.ie/ie/ceard-a-dheanaimid/ce-leis-a-mbimid-ag-obair/an-tsochai-shibhialta/maoiniu-doideachas-forbartha/