Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cuairt Stáit ar Vítneam

Vietnam State Visit

I mí na Samhna 2016, rinne Éire 20 bliain den chaidreamh taidhleoireachta eadrainn féin agus Vítneam a cheiliúradh leis an gcéad Chuairt Stáit a thug Uachtarán de chuid na hÉireann ar an tír sin.

Cuireadh tús le clár an Uachtaráin Uí Uigínn i Hanáí, le cruinnithe le ceannairí polaitiúla na tíre, Uachtarán Quang Vítneam ina measc. Phléigh an dá Uachtarán an comhar idir a dtíortha féin i roinnt réimsí, lena n-áirítear oideachas agus acmhainní daonna, comhar talmhaíochta agus cúrsaí forbartha. Tá roinnt comhaontuithe comhoibrithe ag Éirinn le Vítneam agus le linn na cuairte sin síníodh comhaontú eile i réimse an chomhair san ardoideachas. Cuireadh comhaontuithe tráchtála i gcrích freisin in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite, earnáil na teicneolaíochta leighis agus earnáil na cumarsáide.

Tá Vítneam ar cheann de na príomhthíortha comhpháirtíochta de chuid Chúnamh Éireann ó 2007 agus tá ainm in airde ar Éirinn as tionchar a imirt ar bheartas agus as cláir a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht i Vítneam. Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar roinnt tionscadal a dtacaíonn Cúnamh Éireann leo, lena n-áirítear an Lárionad Cuairteoirí um Ghníomhaíocht i gcoinne Mianach, atá á rith ag an Tionscadal RENEW, ina mínítear na hiarrachtaí atá ar bun ag údaráis rialtais, muintir na háite agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cúnamh Éireann, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an ordanáis neamhphléasctha ó tháinig deireadh leis an gcogadh i Vítneam.

Thug an tUachtarán cuairt freisin ar chomún Vinh O, áit a dtacaítear le slite beatha, oiliúint ar cheannairí áitiúla agus baill den phobal agus tógáil bonneagair bhunúsaigh pobail (ar nós bóithre tuaithe, ionad comúin, seomraí scoile, clinic, etc.) trí Chlár 135 de chuid Rialtas Vítneam, clár atá dírithe ar laghdú na bochtaineachta i measc pobail bhochta imeallaithe a bhfuil Cúnamh Éireann ag cuidiú leo le fada an lá. Dea-thoradh ar an obair faoi Chlár 135 arbh ea an cinneadh a rinne Rialtas Vítneam aghaidh a thabhairt ar cheist an luathphósta. Thug Éire tacaíocht do Roinn Inscne an Choiste um Ghnóthaí na Mionlach Eitneach chun an beart nua a chur i bhfeidhm i gceantair thuaithe.

Ina theannta sin, thaistil an tUachtarán Ó hUigínn go Ho Chi Minh, an chathair is mó i Vítneam, áit ar bhuail sé le daoine den phobal Éireannach, dream atá ag dul i líonmhaire, lucht gnó agus fiontraithe Éireannacha ina measc.