Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Cuairt ó John Kerry, Státrúnaí na Stát Aontaithe, ar Éirinn

Visit to Ireland by Secretary of State Kerry

Ar an 30 Deireadh Fómhair 2016, bhuail an tAire Flanagan le John Kerry, Státrúnaí na Stát Aontaithe, in Eatharlach, Co. Thiobraid Árann. Bhí seisean ag tabhairt cuairt ar Éirinn chun glacadh le Gradam Síochána Idirnáisiúnta Thiobraid Árann.

Ag an gcruinniú eatarthu, thug an tAire Flanagan an t-eolas ba dhéanaí don Státrúnaí Kerry faoina raibh ag tarlú i bPróiseas Síochána Thuaisceart Éireann agus ghlac sé buíochas leis as a thiomantas pearsanta don phróiseas síochána agus athmhuintearais ar an oileán seo. I gcuideachta an Státrúnaí Kerry ag an gcruinniú bhí an Seanadóir Gary Hart, a Thoscaire Speisialta do Thuaisceart Éireann, agus ghabh an tAire Flanagan buíochas leis siúd freisin as a thiomantas agus as an scil agus an tuiscint a bhí léirithe aige.

Bhí plé idir an tAire Flanagan agus an Státrúnaí Kerry freisin faoin gcinneadh a bhí déanta ag an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach. Rinne an tAire Flanagan athdhearbhú ar thiomantas na hÉireann do bheith ag obair i ndlúthpháirt lena comhpháirtithe san Aontas Eorpach agus leis an Ríocht Aontaithe tráth a rabhthas ag ullmhú i gcomhair imeacht na Ríochta Aontaithe. Agus é ag caint leis an Státrúnaí Kerry, leag sé béim air go bhfuil Éire fós ina ball tiomanta den Aontas Eorpach, agus gur mhaith linn caidreamh chomh dlúth agus is féidir a bheith idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas feasta.

Phléigh an tAire Flanagan agus an Státrúnaí Kerry roinnt ceisteanna déthaobhacha freisin, lena n-áirítear athchóiriú ar an gcóras inimirce sna Stáit Aontaithe, chomh maith le roinnt ceisteanna idirnáisiúnta, go háirithe cás na Siria.