Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Comóradh Éire 1916

Ireland 1916 Commemorations

Mar chuid de Chlár Cuimhneacháin Céad Bliain Éire 2016, tugadh cuireadh do gach duine ar oileán na hÉireann agus dár ndiaspóra agus ár gcairde ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa chomóradh trí smaoineamh ar an am atá caite, machnamh a dhéanamh ar éachtaí na haoise seo caite agus na blianta atá romhainn a shamhlú le chéile. 

Leathnaigh an Roinn agus líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann an cuireadh sin ar fud an domhain ar feadh na bliana 2016, agus iad ag obair i ndlúthpháirt le Cultúr Éireann, pobail áitiúla Éireannacha agus institiúidí comhpháirtíochta, trí shnáithe Domhanda agus Diaspóra an Chláir Céad Bliana.

Cuireadh breis agus 700 imeacht ar bun i thart timpeall ar 156 cathair agus 60 tír ar fud an domhain chun Éirí Amach 1916 a chomóradh agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar aistear staire agus cultúir na hÉireann sa tréimhse céad bliain atá caite ó shin. Chuaigh na misin i bpáirt le breis is 125 eagraíocht chun tacú leis na himeachtaí sin.

Ireland 1916 Commemorations

Bhí na himeachtaí seo a leanas i measc na mbuaicphointí ar leith:

“1916 Portraits and Lives"

Le tacaíocht ón Roinn, cuireadh an taispeántas 1916 Portraits and Lives de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ina bhfuil priontaí leis an ealaíontóir David Rooney ag gabháil le beathaisnéisí gearra de 42 duine a raibh baint acu leis an Éirí Amach, ar bun i líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann in 10 gcathair i naoi dtír. Chomh maith leis sin, chuidigh an Roinn íoc as leabhar nuachumtha Portraits and Lives a cuireadh ar fáil i bhfoirm ríomhleabhar saor in aice mar bhronntanas ó Éirinn don Domhan, a bhí le híoslódáil ó Lá Fhéile Pádraig go dtí cothrom céad bliain an Éirí Amach ar an 24/25 Aibreán 2016. Íoslódáladh an ríomhleabhar breis is 73,000 uair ó níos mó ná 50 tír.

“Rising to Reconciliation"

Ar an 10 Aibreán 2016, chuir an tAire Flanagan fáilte roimh aíonna a chuidigh le síocháin agus athmhuintearas a bhaint amach ar oileán na hÉireann, an Seanadóir George Mitchell de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá ina measc, chuig ócáid speisialta a d'eagraigh an Roinn i gcomhpháirtíocht le Poetry Ireland in Amharclann na Mainistreach cothrom 18 mbliana ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Trí mheán na filíochta, an cheoil, na drámaíochta agus íomhánna, léiríodh in "Rising to Reconciliation" an bóthar ó Éirí Amach na Cásca 1916 go dtí an Comhaontú a rinneadh in 1998 agus an t-athmhuintearas a baineadh amach de réir a chéile ar oileán na hÉireann le linn an chéid seo caite. Mar chuid den ócáid bhí léamh agus ceol beo ó chuid de na healaíontóirí agus na ceoltóirí is fearr agus is mó iomrá ar an oileán, ar nós Cathy Belton, Paul Brady, Neil Martin, Eleanor Methven, Stuart Graham agus Andrew Scott. Ba í an craoltóir Olivia O'Leary bean an tí.

Comóradh trí mheán na nEalaíon

Thug líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann an-tacaíocht do na gnéithe ceoil, drámaíochta, filíochta, damhsa agus amharcealaíon a bhí sa Chlár Dhomhanda agus Diaspóra, agus cuireadh céad bliain de stair agus cultúr na hÉireann ar a súile do na mílte daoine ar fud an domhain. Ina measc siúd bhí níos mó ná 80 ceolchoirm agus imeacht ceoil ar fud 44 cathair ar fud an domhain, os cionn 20 dráma éagsúil i mbreis is 40 áit éagsúil agus scannáin ar nós A Terrible Beauty agus Mise Éire á gcraoladh os cionn 100 uair.

Ireland 100

I gcroílár chlár comóraidh 1916 i Stáit Aontaithe Mheiriceá bhí Ireland 100: Celebrating a Century of Irish Culture, a bhí ar siúl ón 17 Bealtaine go dtí an 5 Meitheamh 2016 ag Ionad John F. Kennedy le haghaidh na nEalaíon Taibhiúcháin in Washington DC. Bhí níos mó ná 120 ealaíontóir i mbun léirithe ag an bhféile agus d'fhreastail os cionn 66,000 duine uirthi. Díríodh aird ar chuid de na healaíontóirí agus na saothair is cáiliúla in Éirinn, lena n-áirítear an léiriú nua-aimseartha a rinne Amharclann na Mainistreach ar The Plough and The Stars. D'fhreastail an Taoiseach Enda Kenny T.D. agus Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, ar sheó na chéad oíche, chomh maith le scata mór-uaisle, idir Éireannaigh agus Mheiriceánaigh.

Imagining Ireland

D'fhreastail an tUachtarán Ó hUigínn ar an gceolchoirm Imagining Ireland a bhí ar siúl sa Royal Festival Hall i Londain ar an 29 Aibreán. Is é an Ceoláras Náisiúnta a chuir an cheolchoirm ar bun i gcomhar le Serious Music i Londain, agus rinneadh ceiliúradh leis an ócáid ar aistear ceoil na hÉireann le 100 bliain anuas agus ar na naisc láidre cheoil idir Éire agus an Bhreatain. Thug Cultúr Éireann agus Ambasáid Londain tacaíocht don cheolchoirm faoi chlár an Domhain agus an Diaspóra de chuid Éire 2016.

“Ireland Rising”

Le hionchur ón oifig a bhí i mbun Éire 2016 agus tacaíocht ó Fhorais Chultúir Náisiúnta na hÉireann, chruthaigh an Roinn an taispeántas Ireland Rising, a bhí dírithe ar na gnéithe idirnáisiúnta d'Éirí Amach na Cásca 1916, ar na fórsaí polaitiúla, sóisialta agus cultúrtha a chuaigh i gcion ar an tréimhse sin agus ar an gcomhthéacs domhanda a chuaigh i bhfeidhm ar an Éirí Amach. 

Tugadh an taispeántas Ireland Rising ar an mbóthar chuig níos mó ná 20 áit ar fud an domhain, agus ina lán cásanna bhí imeachtaí eile ag gabháil leis, amhail scannáin nó imeachtaí acadúla ar nós léacht chuimhneacháin 1916 ón Dr Martin Mansergh i Singeapór agus seimineár i mBéising ar Éirí Amach na Cásca a d'eagraigh Ollscoil Bhéising um Staidéar Coigríche agus Líonra Staidéir na hÉireann i gcomhar le hAmbasáid na hÉireann.

An Clár Faisnéise "1916: The Irish Rebellion’ á chur ar an scáileán

Tionscnamh de chuid Institiúid Keough-Naughton le haghaidh an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Notre Dame is ea 1916: The Irish Rebellion, ina ndearnadh cur síos ar imeachtaí na Cásca 1916 in Éirinn ina gcomhthéacs stairiúil, polaitiúil agus cultúrtha féin trí mheán píosaí scannáin is annamh a fheictear, míreanna nua a ndearnadh taifeadadh orthu ar an láthair ar fud an domhain agus agallaimh le saineolaithe idirnáisiúnta. Ba é Liam Neeson an scéalaí.

Craoladh an scannán faisnéise in Éirinn ag ócáid mhór sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 16 Márta agus cuireadh beo ar an scáileán é ag imeachtaí don diaspóra a d'eagraigh líonra Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann i bPáras, i Londain, i mBéalgrád, i mBúdaipeist, in Ollscoil A Coruna sa Spáinn agus do bhaill d'Óglaigh na hÉireann ar mhisin síochánaíochta sa Liobáin agus in Arda Golan. Rinne Ambasáidí agus Consalachtaí na hÉireann socrú go gcuirfí an clár ar an scáileán ina dhiaidh sin freisin i níos mó ná 80 cathair éagsúil ar fud 25 tír.

Imeachtaí Comórtha Acadúla

Bhí breis agus 120 imeacht acadúil ar Éirí Amach 1916, idir chomhdhálacha, sheimineáir agus chainteanna, ar siúl i mbreis is 70 cathair agus 57 ollscoil ar fud an domhain in 2016.

Ba mhinic a díríodh aird ar an nasc idir imeachtaí cuimhneacháin stairiúla na hÉireann agus an áit a raibh na himeachtaí sin ar bun, agus pléadh sna léachtaí agus na comhdhálacha le raon leathan ábhar ar nós oidhreacht dhaonnúil Ruairí Mhic Easmainn agus an tréimhse a chaith sé sa Nigéir, na naisc idir an Airgintín agus Éire le linn thréimhse na réabhlóidí, an méid a rinne Éire ar mhaithe leis an Astráil Thiar, ról na Gearmáine san Éirí Amach agus an náisiúntacht Ghael-Mheiriceánach i gcomhthéacs an Éirí Amach.