Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Athchóiriú ar an gCóras Pasanna agus Nuálaíocht ina thaobh

Passport Innovation and Reform

In 2016, d'eisigh Seirbhís na bPasanna dár gcuid beagnach trí cheathrú milliún pas do shaoránaigh Éireannacha, sa bhaile agus tríd líonra na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí thar lear.  Léiríonn an leibhéal éilimh sin an méadú ar dhaonra na hÉireann chomh maith leis an bhfonn taistil atá ar shaoránaigh Éireannacha, a bhfuil níos mó agus níos mó díobh ag triall thar lear gach uile bhliain.   Go deimhin, i gcás níos mó ná 15% de na saoránaigh Éireannacha a rinne iarratas ar phas in 2016, is lasmuigh d'oileán na hÉireann a bhí cónaí orthu ag an am. 

D'oibrigh an Roinn go crua chun féachaint chuige go soláthróimid seirbhís pas iontaofa, éifeachtach chun freastal ar riachtanais na saoránach Éireannach, dream atá ag dul i líonmhaire agus atá scaipthe níos faide i gcéin.  In 2016, chuireamar tús le clár nuálaíochta agus athchóirithe a fhágfaidh, thar thréimhse trí bliana, go ndéanfar athdhearadh ó bhonn ar an gcaoi ina bhféadfaidh saoránaigh Éireannacha iarratas a dhéanamh ar phas. Mar gheall ar an gclár nuálaíochta agus athchóirithe, beidh seirbhís pas againn a bheidh níos éifeachtaí, níos intuartha agus níos dírithe ar shaoránaigh. 

Tá cloch mhíle mhór bainte amach cheana féin maidir le feabhas a chur ar an tseirbhís do chustaiméirí agus cur le héifeachtacht na seirbhíse sin, le seoladh Sheirbhís ar Líne na bPasanna i mí an Mhárta 2017. Leis an tseirbhís sin, féadfaidh saoránaigh ar daoine fásta iad a gcuid pasanna a athnuachan ar líne, cibé áit ar domhan a bhfuil siad.  Faoin 2019, tá sé beartaithe againn go mbeidh an tseirbhís sin ar fáil do gach saoránach Éireannach, lena n-áirítear leanaí agus daoine a bheidh ag cur isteach ar an bpas den chéad uair.