Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Craobh Peile na hEorpa (EURO2016)

European Football Championships (EURO2016)

Mar gheall ar Éirinn a bheith ag glacadh páirt i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa (Euro2016), bhuail 100,000 duine de lucht leanúna na hÉireann bóthar chun na Fraince tráth a raibh an tír sin faoi réir staid éigeandála náisiúnta i ndiaidh roinnt ionsaithe sceimhlitheoireachta.

Bhí sé sin ar cheann de na hoibríochtaí consalachta ba mhó agus ba chasta ar thug an Roinn fúithi riamh. Tugadh aitheantas don mhórobair a bhí i gceist, agus go háirithe don obair a rinne Ceanncheathrú na Stiúrthóireachta Consalachta agus foireann Ambasáid na hÉireann i bPáras, nuair a bronnadh Gradam Sármhaitheasa na Státseirbhíse 2016 ar an Roinn as ucht féachaint chuige gur coinníodh lucht leanúna na hÉireann slán sábháilte, go raibh an scéala ba dhéanaí acu i gcónaí agus iad ag taisteal, agus go raibh tacaíocht ar fáil dóibh ar fud na tréimhse sin dá mbeadh gá léi.

Bunaíodh meitheal oibre i gcomhar le Cumann Peile na hÉireann agus an Garda Síochána chun comhordú a dhéanamh ar phleanáil géarchéime agus ar theachtaireachtaí tábhachtacha a chur in iúl don phobal taistil. I measc na gcéimeanna a glacadh bhí dáileadh bileog ag cluichí cairdiúla i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh sular thosaigh an comórtas féin, agus trí mheán aerlínte, oibreoirí turas, aerfort, calafoirt farantóireachta, beáir Éireannacha agus limistéir lucht leanúna sa Fhrainc. Bhí leideanna taistil ar na bileoga sin, chomh maith le liosta de na seirbhísí consalachta atá ar fáil do shaoránaigh Éireannacha agus uimhreacha teileafóin na línte cabhrach de chuid na Consalachta. Chomh maith le húsáid fhorleathan a bhaint as na meáin shóisialta agus ardáin ghréasáin, bhain an Roinn leas freisin as teicneolaíocht agus uirlisí nua eile, amhail an aip TravelWise, chun dul i dteagmháil le saoránaigh Éireannacha ar bhealaí dinimiciúla nuálacha.

Bhí sé seasta ina thosaíocht ag an Roinn a chinntiú go raibh gach beart cuí i bhfeidhm chun féachaint chuige go mbeadh saoránaigh Éireannacha slán sábháilte agus iad ag freastal ar Euro 2016.  Ina measc siúd bhí 'mol' consalachta ag an Ambasáid i bPáras a bhí ag feidhmiú de lá agus d'oíche a fhad agus a bhí Éire páirteach sa chomórtas, agus bunú Consalachtaí sealadacha in Bordeaux, Lille agus Lyon.

D'éirigh le foireann Phoblacht na hÉireann agus foireann Thuaisceart Éireann araon dul chomh fada le babhtaí díbeartha an chomórtais, agus léirigh lucht leanúna na hÉireann, mar is dual dóibh, íomhá an-dearfach spleodrach d'Éirinn os comhair an tsaoil thar lear. Chuir díograiseoirí na hÉireann fáilte roimh fheachtas mór faisnéise poiblí na Roinne, agus bhronn Cathair Pháras bonn ar an slua céanna sin mar aitheantas gurbh iad lucht leanúna ab fhearr an chomórtais iad, as a mheasúil múinte a bhí siad agus iad ag comhoibriú leis na póilíní agus na húdaráis sa Fhrainc.

Is mór mar a chuidigh Euro2016 le tuiscint agus éifeachtúlacht na Roinne i dtaobh mór-imeachtaí a láimhseáil tráth a mbíonn slua mór saoránach Éireannach ag taisteal thar lear.