Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

TravelWise

In June 2016, the Department’s Consular Directorate launched a new, innovative and citizen-focused smartphone app - TravelWise.

I mí an Mheithimh 2016, sheol Stiúrthóireacht Chonsalach na Roinne aip nuálach do shaoránaigh – TravelWise.

A bhuí le TravelWise, tá Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann ina ceannródaí ar domhan maidir leis an gcumas atá againn faisnéis fíor-ama agus a thabhairt do shaoránaigh Éireannacha, comhairle a chur orthu agus cumarsáid a dhéanamh leo láithreach i gcás éigeandála. Tá sé ar cheann de na haipeanna taistil is mó tóir ina measc siúd atá eisithe ag rialtas, agus rinneadh é a íoslódáil 15,000 uair go dtí seo. Tugadh beagnach 500,000 amharc scáileáin air ó seoladh é. Tá sé ar bharr an liosta aipeanna ó thaobh rátála, le meánscór 4.6 ar Android agus 4/5 ar iOS. Chomh maith leis sin, roghnaíodh an aip mar bhuaiteoir foriomlán sa chatagóir 'Móibíleach' ag Gradaim ríomhRialtais na hÉireann 2017.

Is minice ná riamh anois a bhíonn Éireannaigh ag taisteal thar lear – rinneadh breis is 7 milliún turas in 2016 – agus tá níos mó agus níos mó daoine ina measc siúd a bhíonn ag triall ar áiteanna níos contúirtí. Thairis sin, mar gheall go bhfuil an comhthéacs slándála domhanda ag athrú, tá méadú tagtha ar an éileamh ar fhaisnéis agus ar thacaíocht.

Forbraíodh TravelWise chun cabhrú le muintir na hÉireann a bheith slán sábháilte agus gach eolas a bheith acu cibé an ag taisteal nó ag cónaí thar lear atá siad. Trína chur ar a gcumas do na húsáideoirí foláirimh shaincheaptha a shocrú maidir leis an áit a bhfuil siad nó a gcinn scríbe, oireann sé do na riachtanais atá ag an duine aonair. Tugtar comhairle taistil áisiúil ann i leith 200 tír, fiú don té nach bhfuil ar líne, agus fágann sé go mbíonn teagmhálaithe éigeandála dár líonra domhanda Ambasáidí agus Consalachtaí i do phóca agat i gcónaí, gan táillí fánaíochta a íoc.

Chomh maith le comhairle taistil, tá gné de TravelWise faoinar féidir le húsáideoirí brúfhógraí a fháil maidir le slándáil agus nuashonruithe eile sna tíortha a roghnóidh siad féin, díreach chuig an bhfón cliste. Spreagtar cumarsáid leis an Roinn agus aiseolas chuici agus, toisc sonraí teagmhála na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí agus sonraí teagmhála éigeandála a bheith ar fáil as líne, bíonn fáil ag saoránaigh ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu nuair is mó a bhíonn gá acu léi.

Féadfar TravelWise a íoslódáil ag https://itunes.apple.com/ie/app/travelwise-ireland/id1120665326?mt=8 agus https://play.google.com/store/apps/details?id=com.dfa.dfaapp