Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Rio 2016: Sábháilteacht i Rio de Janeiro

Bíonn an-tóir ag na turasóirí ar Rio de Janeiro, ach is minic san áit sin a dhéantar mionchionta gadaíochta, ar nós na peasghadaíochta agus sciobadh málaí. Bíonn gadaithe i mbun a gcuid oibre i margaí faoin spéir, in óstáin agus ar sheirbhísí iompair phoiblí nó thart timpeall orthu.

Moltar duit a bheith ag faire amach agus tú in áiteanna den sórt sin, agus tránna a sheachaint tar éis thitim na hoíche. Ba chóir do thurasóirí gan dul chuig favela (bailte seantán), mar gheall go mbíonn a lán coireachta ar bun iontu. Moltar duit freisin páirceáil in áiteanna ina bhfuil solas geal, do chuid eochracha a bheith réidh agat agus tú ag siúl chuig do charr, agus na doirse a bheith faoi ghlas agus na fuinneoga dúnta agus tú ag tiomáint.

Moltar duit a laghad is féidir giuirléidí a bhreith leat agus rudaí luachmhara a fhágáil sa bhaile (pasanna, cártaí, seodra). Tabhair faoi deara gur gá duit aitheantas grianghraif a bhreith leat i gcónaí, agus dá bhrí sin ba chóir duit cur isteach ar an gCárta Pas nua ionas go mbeidh cineál áisiúil aitheantais agat in ionad an phas féin https://www.dfa.ie/ie/phascharta/

Má dhéantar coir i do choinne, comhoibrigh leis na coirpigh agus ná cuir ina gcoinne. Sín chucu rudaí luachmhara má bhagraíonn siad ort agus ná déan iarracht cur i gcoinne daoine a dhéanfaidh ionsaí ort; d'fhéadfaidís airm a bheith acu nó a bheith faoi thionchar drugaí. Má dhéantar coir i do choinne agus tú sa Bhrasaíl, déan tuairisc láithreach leis na póilíní áitiúla. Molaimid duit “boletim de ocorrência” (tuairisc de chuid na bpóilíní) a fháil ag “delegacia” (stáisiún póilíní). Féach ar an gcomhairle taistil uainn i leith na Brasaíle chun tuilleadh eolais a léamh.

Tá údaráis phóilíneachta na Brasaíle tar éis Treoir Sábháilteachta Poiblí [link no longer available] a chur i dtoll a chéile dóibh siúd a bhfuil sé ar intinn acu taisteal chuig Rio de Janeiro i rith na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Tá eolas úsáideach agus sonraí teagmhála sa treoir sin.  

Eolas eile