Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le Covid-19

Comhairle Taistil Ghinearálta atá i bhFeidhm maidir le Covid-19

Forléargas

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall ar chomh tapa is a thagann athrú ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil seo i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe ó thaobh slándála, seiceáil an leagan Béarla freisin, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Beidh Comhairle an Rialtais maidir leis an taisteal idirnáisiúnta neamhriachtanach i bhfeidhm go dtí an 18 Iúil.

Tá an fógra rialtais is déanaí maidir leis an taisteal idirnáisiúnta, a léiríonn an cur chuige ón 19 Iúil 2021 ar aghaidh, ag brath ar chúrsaí sláinte poiblí, atá ar fáil ar www.gov.ie. Tá eolas maidir le Teastas Digiteach COVID an AE ar fáil ar www.gov.ie freisin.

Moltar duit súil a choinneáil ar an gcomhairle oifigiúil agus eolas a chuireann na húdaráis ag do cheann scríbe ar fáil. Ba cheart duit eolas a fháil maidir le haon srianta atá ann, go háirithe. Tá eolas maidir leis na srianta iontrála atá á gcur i bhfeidhm ag tíortha eile faoi láthair ar fáil ar ár leathanaigh comhairle taistila bhaineann go sainiúil le gach tír. D’fhéadfadh tír do chinn scríbe srianta eile a chur i bhfeidhm, fiú agus tú i mbun do chuairte ar an tír sin. Tá srianta ar eitiltí agus cealuithe bealaí fós ag tarlú ar fud an domhain agus níl aon chinnteacht ann go n-oibreofar aerbhealaí de réir mar atá sceidealaithe.  

Agus turas á phleanáil agat, ba cheart duit a chur san áireamh go bhféadfadh sé bheith deacair na torthaí tástála RT‑PCR, atá riachtanach, a fháil i roinnt ceann scríbe, torthaí a theastaíonn uait laistigh de 72 uair an chloig roimh d’fhilleadh ar Éirinn.  Ní mór duit a thuiscint nach mbeidh tú in ann teacht go hÉirinn go dtí go bhfaighidh tú toradh diúltach/‘gan bhrath’ ó thástáil RT‑PCR má tholgann tú COVID‑19 agus tú thar lear. Ní ghlactar le litreacha ó dhochtúirí/ospidéil in áit thoradh riachtanach na tástála RT‑PCR agus tú ag taisteal go hÉirinn.

Anuas air sin, d’fhéadfaí tíortha a chur leis an liosta tíortha ar Chatagóir 2 (‘Stáit Ainmnithe) ar gearrfhógra le linn d’fhanachta agus mar thoradh air sin, d’fhéadfaí go mbeadh ort 14 lá a chaitheamh sa choraintín éigeantach in óstán, agus íoc as, nuair a fhillfidh tú ar Éirinn. 

Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach go ndéanann tú an cumhdach le do sholáthraí árachais taistil a sheiceáil ag an am seo.

Chun sonraí a fháil faoi thástáil COVID‑19 roimh imeacht, féach ar shuíomh gréasáin Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar shuíomh gréasáin Aerfort Chorcaí agus ar shuíomh gréasáin Aerfort na Sionainne.

Is é cuspóir Chomhairle Taistil na Roinne faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ionas gur féidir le daoine aonair cinntí eolacha a ghlacadh dóibh féin. Baineann rioscaí leis an taisteal idirnáisiúnta i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19, agus is dócha go mbeidh sin amhlaidh go ceann i bhfad. Ba cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi theorainneacha féideartha a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cúnamh consalachta ar bith. Tugtar comhairle do shaoránaigh atá ag smaoineamh ar thaisteal thar lear, nó dóibh siúd atá thar lear cheana féin, monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhairle taistil dár gcuid, agus chun muid a leanúint ar Twitter. Tugtar comhairle dóibh freisin clárú le hAmbasáid nó le Consalacht na hÉireann dá gcuid agus seiceáil rialta a dhéanamh ar a suíomh gréasáin agus cuntas Twitter le haghaidh sonraí faoi bhearta sláinte poiblí áitiúla agus faoi shrianta taistil ar bith.

Conas faisnéis bhreise faoi thaisteal a fháil:

Tabhair faoi deara go bhfuil aip TravelWise na Roinne gan feidhm ar feadh tréimhse shealadach. Gabhaimid leithscéal as an míchaoithiúlacht sin. Leanfar le faisnéis nuashonraithe a sholáthar ar an suíomh gréasáin seo.

Má tá ceisteanna práinneacha agat maidir leis an taisteal go hÉirinn i gcomhthéacs COVID‑19, is í +353 (0)1 613 1700 an uimhir dár Líne Éigeandála um Chomhairle Taistil. Tabhair faoi deara nach féidir ceisteanna maidir le pasanna a fhreagairt ar an líne seo. Déan teagmháil le seirbhís na bpasanna tríd an gcomhrá gréasáin

Eolas maidir le Taisteal go hÉirinn

Is féidir eolas atá suas chun dáta maidir leis an taisteal go hÉirinn a fháil ar gov.ie agus Re-open EU.

Má tá ceisteanna agat a bhaineann leis an gcoraintín éigeantach in óstán, cuir glaoch ar Líne Eolais Éigeandála an Choraintín Éigeantaigh in Óstán ar +353 (0) 1 613 1744.

Má tá fíor‑éigeandáil dhaonnúil, a dteastaíonn taisteal práinneach dá bharr, ag saoránach, ba cheart don té sin teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid nó Consalacht is cóngaraí láithreach, chun comhairle agus cabhair chonsalachta a fháil sula dtosóidh siad ar a n-aistear.