Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Athfhorbairt ar Láithreáin Ghréasáin na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí

Global redevelopment of Embassy and Consulate websites

Bíonn dúshlán i gceist leis an gcumarsáid éifeachtach i gcás Roinne atá ag obair ar fud na cruinne agus atá ag feidhmiú i gcriosanna ama éagsúla in 80 áit ar domhan. Bealaí luachmhara cumarsáide is ea na láithreáin Ghréasáin agus na meáin dhigiteacha trína ndéanaimid teagmháil le dreamanna tábhachtacha ar spéis leo ár gcuid oibre. 

In 2015, chuireamar i gcrích athfhorbairt ár mbonneagair dhigitigh nuair a seoladh láithreáin ghréasáin nua d'Ambasáidí, Consalachtaí agus misin taidhleoireachta eile na hÉireann thar lear.

Agus é ag tógáil ar an athfhorbairt ar láithreán gréasáin Chúnamh Éireann agus ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chuir an tionscadal sin arís eile le clúdach digiteach líonra taidhleoireachta na hÉireann. Bhí 84 láithreán gréasáin nua i gceist san iomlán.

Mar ghné lárnach den athfhorbairt, rinneadh na láithreáin ghréasáin a bharrfheabhsú i leith na hinrochtaineachta agus i leith eispéireas feabhsaithe d'úsáideoirí. Leagadh béim mhór ar ábhar áitiúil a sholáthar atá ábhartha don lucht léitheoireachta i ngach tír.

Bhí foireann na dTionscadal Gréasán agus Digiteach i mBaile Átha Cliath ag obair i ndlúthpháirt le baill foirne sna hAmbasáidí agus sna Consalachtaí thar lear chun an t-ábhar a athnuachan agus a chuíchóiriú, feabhas a chur ar sheirbhísí ar líne, bealaí meán sóisialta a chomhtháthú agus an t-eispéireas úsáide a neartú. Rinneadh láithreán gréasáin na hAmbasáide i mBéising agus láithreán gréasáin na hArd-Chonsalachta i Shang-hai a aistriú chuig an Mhandairínis.

Tá aistriúchán beartaithe sa tréimhse atá romhainn ar ábhar gréasáin Ambasáidí agus Consalachtaí eile ionas go mbeidh siad i dteangacha a dtíortha féin, agus tá feabhsuithe eile beartaithe freisin amhail gnéithe dearaidh freagrúla i gcomhair gléasanna táibléid agus fóin chliste.

Ina theannta sin, tógadh na láithreáin nua go léir sa chaoi is gur féidir tuairiscí anailíseacha a tháirgeadh ina leith, ionas gur féidir linn rianú a dhéanamh ar idirghníomhaíocht an phobail lenár láithreacht nua ar líne. Tá sé léirithe ag na tuairiscí sin cheana féin gur tháinig méadú mór ar líon lucht léitheoireachta ár gcuid láithreán gréasáin in 2015: tugadh beagnach 6 mhilliún cuairt orthu. Trí fheabhas a chur ar an acmhainn chun monatóireacht agus rianú a dhéanamh ar an rannpháirtíocht le láithreáin ghréasáin na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí, táimid ag cur lenár dtuiscint ar ár lucht léitheoireachta thar lear agus ag leagan an bhunúis i ndáil le cinnteoireacht ar bhonn eolais faoinár straitéisí for-rochtana digití anois agus san am atá le teacht.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi láithreacht na Roinne ar an nGréasán & sna Meáin Dhigiteacha in 2015, féach https://www.dfa.ie/ie/tuarascail-bhliantuil/2015/firici-agus-figiuiri/greasain-digiteacha/