Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Leathnú ar an Líonra Domhanda dár gcuid in 2015

In 2015, agus geilleagar na hÉireann fós ar an gceann ba mhó a raibh borradh faoi san AE, leathnaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála líonra taidhleoireachta na hÉireann thar ceann an Rialtais nuair a d’oscail sí oifigí i Ságrab, Austin agus São Paulo.

Launch of New Missions

Leis an leathnú sin ar an láithreacht atá againn ar domhan, léirítear ár dtiomantas dá chinntiú go mbeidh guth na hÉireann le cloisteáil ar fud na cruinne, agus go mbeimid in ann deiseanna nua geilleagracha a thapú agus cur leis an eolas atá ag daoine i dtíortha eile ar Éirinn.

Trí láithreacht oifigiúil a bheith againn i dtíortha eile, féadfaimid a chinntiú freisin gur féidir linn tacú lenár gcuid saoránach thar lear, ionadaíocht éifeachtach a dhéanamh ar a gcuid leasanna, agus na luachanna agus na beartais atá ag Rialtas na hÉireann a chur chun cinn os comhair an domhain mhóir.

Tá Ambasáid na hÉireann sa Chróit, an Ballstát is nuaí de chuid an AE, ag cuidiú naisc thrádála láidre a chruthú le tír a bhfuil dlúthcheangal cultúrtha aici le hÉirinn cheana féin a buí le James Joyce, a bhíodh ina chónaí in Pula agus é ag múineadh is i mbun pinn ansin.

Tá an Chonsalacht in Austin, Texas i mbun oibre chun an caidreamh idir Éire agus na Stáit Aontaithe a chur chun cinn in Iardheisceart na Stát Aontaithe. Tacaíonn sí freisin leis an bpobal mór Éireannach atá sa réigiún sin ó dheireadh an 18ú haois.

Tá an tArd-Chonsalacht in Sâo Paulo lonnaithe i mol tábhachtach i dtaobh cúrsaí trádála agus geilleagracha i gCríocha Mheiriceá.

I ngach cás díobh sin, is maith mar atá an Ambasáid agus na Consalachtaí nua suite chun tacú le gnólachtaí Éireannacha atá ag iarraidh fás thar lear agus rochtain a fháil ar mhargaí nua, lena n-áirítear trí imeachtaí poiblíochta, misin trádála agus dlúthchomhar le Fiontraíocht Éireann agus GFT Éireann.